Teip Galway 2020 urlabhraí Gaeilge a chur ar fáil pléite sa Dáil agus oifigeach geallta don teanga

Pléadh na deacrachtaí éagsúla atá ag Galway 2020 sa Dáil inniu agus thug an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta le fios go mbeadh oifigeach Gaeilge á cheapadh acu

Teip Galway 2020 urlabhraí Gaeilge a chur ar fáil pléite sa Dáil agus oifigeach geallta don teanga

Dúirt an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan sa Dáil tráthnóna go bhfuil tús á chur le próiseas chun oifigeach Gaeilge a cheapadh do Galway 2020.

Bhí an tAire Madigan ag freagairt ceisteanna a chuir an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly uirthi faoi dheacrachtaí Galway 2020 agus an scéala gur theip ar an eagraíocht urlabhraí Gaeilge a chur ar fáil do chlár raidió le déanaí.

Dúirt Madigan go raibh sé tábhachtach go gceapfaí oifigeach Gaeilge ó tharla go bhfuil an teanga ar cheann de thrí mhórthéama Galway 2020 agus thug sí le fios go bhfuil sonraí an phoist á n-aontú faoi láthair.

Maidir leis na deacrachtaí eile atá ag Galway 2020, ar éirigh a Stiúrthóir Cruthaitheach agus a bPríomhfheidhmeannach as cheana féin, dúirt Madigan gur údar “imní” a bhí sna “deacrachtaí ceannaireachta”.

Dúirt sí gur fhág na deacrachtaí sin go raibh moill ar an aontú a cheadódh don eagraíocht tarraingt as an gciste maoinithe atá geallta do stádas na Gaillimhe mar phríomhchathair chultúir na hEorpa.

Dheimhnigh an tAire nach raibh ach €250,000 den €15 milliún atá geallta ag an Rialtas do Galway 2020 faighte acu go n-uige seo. Bheadh cruinniú ag oifigigh a roinne le Galway 2020 an tseachtain seo chugainn agus dóchas aici go síneofaí an mhí seo an comhaontú maidir le soláthar tionscnamh.

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly gur Gaillimheach í atá “mórtasach” as a cathair “ilchultúrtha dátheangach” agus gur le “doicheall” a bhí sí ag cur a cuid imní in iúl faoi gan “struchtúir láidre bhainistíochta” a bheith i bhfeidhm in Galway 2020.

Dúirt sí gur údar imní di freisin go raibh daoine “ag fágáil” na heagraíochta “gan aon cheisteanna” a bheith á gcur “faoi shocruithe maidir lena n-imeacht”.

B’údar imní ar leith di a dúirt sí nár éirigh leis an eagraíocht urlabhraí Gaeilge a chur ar fáil le déanaí do chlár raidió.

Fógraíodh inniu go raibh Patricia Philbin, oifigeach sinsearach feidhmiúchán le Comhairle Chathair na Gaillimhe, ceaptha ina príomhfheidhmeannach nua ar Galway 2020. Ba í Philbin a bhí ina bainisteoir tionscadail ar Galway 2020 nuair a d’éirigh leis an iarratas a bheith mar phríomhchathair chultúir na hEorpa sa bhliain 2020.

Fág freagra ar 'Teip Galway 2020 urlabhraí Gaeilge a chur ar fáil pléite sa Dáil agus oifigeach geallta don teanga'