Beidh ionadaithe ó Eircode, GeoDirectory agus An Post ag teacht os comhair Chomhchoiste na Gaeilge i dTeach Laighean inniu chun plé a dhéanamh ar logainmneacha na Gaeilge agus na Gaeltachta.
Teastaíonn ón gcoiste a fháil amach cén fáth nach bhfuil foráil dhlíthiúil á cur i bhfeidhm, an fhoráil ‘Go n-úsáidtear Logainmneacha Gaeilge amháin ar Logainmneacha na Gaeltachta’.
Dhiúltaigh ionadaithe ó chomhlachtaí poiblí a bhfuil baint acu leis an gcóras Eircode teacht os comhair Chomhchoiste na Gaeilge níos luaithe i mbliana chun ceisteanna a fhreagairt maidir le leaganacha Béarla de logainmneacha Gaeltachta a bheith in úsáid.
Tá fadhb ann maidir le húsáid leaganacha Béarla de logainmneacha Gaeltachta ó seoladh córas Eircode ar dtús in 2015.
Dúirt an Coimisinéir Teanga cheana go raibh iarrachtaí déanta ag an Roinn Cumarsáide an scéal a chur ina cheart ach go raibh sé tugtha le fios ag An Post nach rabhthas in ann an córas a athrú ionas gur logainmneacha Gaeilge amháin a bheadh ann do cheantair Ghaeltachta.
Tá ráite ag An Post nach bhféadfaí an leagan Béarla de sheoltaí Gaeltachta a bhaint dá mbunachar sonraí mar “go dteastaíonn sé le cruinnseachadadh litreacha” a chinntiú.
Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, go bhfuil an fhoráil dhlíthiúil seo ‘soiléir’ agus go bhfuil sí ‘gan débhrí’.
“Ach seachas sin tá an chuma ar an scéal go bhfuil neamhaird á tabhairt uirthi,” ar sé. “Maidir le reachtaíocht a bhaineann le cearta phobal na Gaeilge, tarlaíonn sé arís is arís eile go dtugtar neamhaird uirthi, agus go bhfuil roinnt comhlachtaí poiblí den tuairim gur féidir leo neamhaird a thabhairt uirthi.”
Deir an Teachta Ó Snodaigh nach bhfuil an cur chuige seo ‘inghlactha’, agus nach bhfuil a Chomhchoiste sásta glacadh leis, ‘is cuma cén chúis nó leithscéal a thugtar ina leith’.
“Nuair atá foráil dhlíthiúil i bhfeidhm, tá dualgas ar gach uile shaoránach agus ar gach uile chomhlacht poiblí cloí léi, agus na socruithe atá de dhíth chun cloí léi a chur i bhfeidhm,” ar sé. “Má tá costas breise i gceist i leith comhlachtaí poiblí, sin é mar atá sé, agus ní leithscéal inghlactha é a rá ‘ní féidir linn sin a dhéanamh mar go bhfuil costas breise nó cúraimí breise i gceist, nó go mbeidh orainn córas nua a chur i bhfeidhm, nó go mbeidh orainn daoine breise a earcú’.”
Fág freagra ar 'Teip Eircode logainmneacha Gaeilge a úsáid sa Ghaeltacht le plé i dTeach Laighean arís'