Diúltaithe ag Eircode teacht os comhair choiste Dála chun teip maidir le logainmneacha Gaeltachta a phlé

Beidh an tAire Stáit Hildegarde Naughton os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais inniu chun na fadhbanna a bhaineann le córas Eircode a phlé ach níor chuir Eircode féin ná an comhlacht Geodirectory aon ionadaí ar fáil

Diúltaithe ag Eircode teacht os comhair choiste Dála chun teip maidir le logainmneacha Gaeltachta a phlé

Tá diúltaithe ag ionadaithe ó chomhlachtaí poiblí a bhfuil baint acu leis an gcóras Eircode teacht os comhair choiste Oireachtais chun ceisteanna a fhreagairt maidir le leaganacha Béarla de logainmneacha Gaeltachta a bheith in úsáid.

Tá an tAire Stáit a bhfuil freagracht uirthi maidir le Eircode, an Teachta Dála Hildegarde Naughton, le teacht os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge inniu chun an scéal a phlé ach dhiúltaigh Eircode féin agus an comhlacht Geodirectory aon ionadaithe a chur ar fáil.

Tá “an-díomá” léirithe ag an gcoiste nach raibh na comhlachtaí sásta ionadaithe a chur ar fáil agus thug Cathaoirleach an choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, le fios gurb é seo an dara huair gur dhiúltaigh na comhlachtaí céanna do chuireadh. Bhí ar an gcoiste cruinniú a chur ar ceal an mhí seo caite toisc nach raibh ionadaithe curtha ar fáil ag Eircode ná ag Geodirectory.

Tá fadhb ann maidir le húsáid leaganacha Béarla de logainmneacha Gaeltachta ó seoladh córas Eircode ar dtús in 2015. 

Rinne an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill an scéal a fhiosrú ó shin agus nuair nár cuireadh an scéal ina cheart, chuir sé tuarascáil faoin scéal faoi bhráid Thithe an Oireachtais anuraidh.

Dúirt an Coimisinéir ag an am go dtiteann an dualgas reachtúil i gcás na seoltaí ar an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide seachas ar Eircode féin ná ar An Post, a dháil na héirchóid.

Deir Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, go bhfuil an dlí á shárú toisc nach bhfuil logainmneacha Gaeilge á n-úsáid sa Ghaeltacht.

“Sa reachtaíocht ábhartha, leagtar amach go sainiúil nach bhfuil stádas dlí ach ag logainmneacha Gaeilge amháin sa Ghaeltacht. Níl stádas dlí ar bith ag leaganacha Béarla de na logainmneacha sin, agus mar sin, tá an dlí á shárú ag aon chomhlacht poiblí, na Ranna Stáit, Eircode agus Geodirectory san áireamh, nuair a bhaineann siad úsáid as an leagan Béarla, nó nuair a chuireann siad san áireamh é, i ndoiciméid oifigiúla, ar líne nó i gcruachóipeanna, ceachtar acu,” arsa Ó Snodaigh.

“Ag an gcruinniú amárach, is mian liom tiomantas a iarraidh ón Aire agus bhíos ag súil leis an tiomantas sin a iarraidh ó Eircode chomh maith – go gcuirfí deireadh leis an gcleachtas seo láithreach, agus as seo amach, go gcloífeadh an Roinn agus Eircode go docht lena ndualgais dhlíthiúla faoin reachtaíocht, atá reachtaithe ag Tithe an Oireachtais.”

Dúirt an Coimisinéir Teanga cheana go raibh iarrachtaí déanta ag an Roinn Cumarsáide an scéal a chur ina cheart ach go raibh sé tugtha le fios ag An Post nach rabhthas in ann an córas a athrú le gur logainmneacha Gaeilge amháin a bheadh ann do cheantair Ghaeltachta.

Tá ráite ag An Post nach bhféadfaí an leagan Béarla de sheoltaí Gaeltachta a bhaint dá mbunachar sonraí mar “go dteastaíonn sé le cruinnseachadadh litreacha” a chinntiú.

Dúradh go bhféadfadh sé tarlú “amach anseo” go mbeadh “giuirléid láimhe ag fir agus mná poist” a d’fhéadfadh a bheith ina cúnamh le seoltaí a aithint.

Tá ráite ag Rónán Ó Domhnaill cheana gur tharraing an scéal seo níos mó gearán ná aon ábhar eile ó bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga.

Fág freagra ar 'Diúltaithe ag Eircode teacht os comhair choiste Dála chun teip maidir le logainmneacha Gaeltachta a phlé'