Beidh Lá Nollag na bliana seo difriúil ó aon cheann roimhe seo ag cuid mhaith againn agus muid ag cloí le treoracha an Rialtais le dul i ngleic leis an bpaindéim. Ní bheidh oiread daoine cruinnithe thart ar an mbord do dhinnéar na Nollag ná i mbun cuairte ar chairde nó ar ghaolta agus a bhíodh blianta eile.
Fós féin ní cúis a bith í sin nach ndéanfaimis iarracht speisialta réiteach go deas don ócáid mhór. Cinnte, ní lá é le haghaidh pitseámaí ná gnáthéadach seanchaite na bliana.
Agus nach iontach an leithscéal an méid sin le gúna nua a cheannach!
Bheadh aon cheann acu seo atá roghnaithe agam ar phraghsanna idir €25 agus €100 thar cionn do Lá Nollag ach bheidís chomh feiliúnach céanna d’iliomad ócáid eile le linn na bliana atá romhainn.
Gúna rigíneach dubh ó & Other Stories ar €99
Tá an gúna álainn dubh seo leis an gcineál muiníl ar a dtugtar ‘sweetheart neckline’ ar fheabhas ar fad. Tá an ceann seo an-fhaiseanta ach tá sé compordach agus simplí ag an am céanna. Bheadh seo go hiontach le béaldath dearg agus seodra órga.
Gúna glas ar a dtugtar ‘Carly’ ó iClothing ar €49.95
Gúna galánta glas lán le seacainí é seo a chuirfeadh téama na Nollag i gcuimhne do dhuine. Seo rogha álainn dóibh siúd gur maith leo go dtabharfaí faoi deara iad!
Gúna muineál póló ó H&M ar €27.99
Más compord an chéad slat tomhais atá agat an Nollaig seo, d’fhéadfá triail a bhaint as an ngúna cniotáilte liath seo ó H&M. Coinneoidh sé te teolaí thú ach tú breá faiseanta ag an am céanna.
Gúna ar a dtugtar ‘Mistletoe’ ar dhath dubh ó Gallery ag Dunnes Stores ar €29.51
Más cuma sofaisticiúil agus lonrach atá uait an Nollaig seo, ní gá dul níos faide ná Dunnes don cheann seo ar €29.51. Tá dearadh simplí clasaiceach ar an ngúna féin ach tá snáithíní ‘lurex’ ann a chuireann cuma lonrach air.
Gúna sróil ar mheánfhad ó Zara ar €25.99
Chuirfeadh an dath álainn burgúnach seo séasúr na Nollaig i gcuimhne do dhuine. Tá dearadh deas ar an gceann seo lena v-mhuineál agus bóna a chuireann cuma chlasaiceach air. Bheadh sé seo iontach le riteoga agus buataisí dubha.
Gúna ar mheánfhad ar a dtugtar ‘Ellhad’ ó Ted Baker ag Brown Thomas ar €98
Tá an gúna dúghorm seo ó Ted Baker ar fheabhas ar fad. Is aoibhinn liom an barr cniotáilte rigíneach agus an chodarsnacht idir sin agus an t-íochtar simplí dlúthluiteach. Tá zip fada ar gcúl a chuireann maisiú breise ar an ngúna álainn seo.
Gúna léine ar a dtugtar ‘Kanya’ ó Soya Concept ag Siopa Standún ar €89.99
Taitníonn gúnaí léine le go leor againn agus seo ceann a chuirfeadh cuma shofaisticiúil ar dhuine. Cuireann an patrún craicinn nathrach casadh faiseanta, nuálach air. Ní theastódh seodra nó maisiúcháin bhreise ar bith leis an ngúna seo – tá a dhóthain sa ngúna féin.
Fág freagra ar 'Teastaíonn gúna deas do Lá Nollag na bliana aistí seo – seo rogha seacht gcinn'