Teas is brothall arís san oirthear, é níos fionnuaire san iarthar

Bhí tuairiscí ag Met Éireann inné go raibh an teocht 33 céim Celsius agus má dheimhnítear an méid sin beidh sin ar an teocht is airde a taifeadadh riamh i mí Iúil sa tír seo

Teas is brothall arís san oirthear, é níos fionnuaire san iarthar

Tá teaspach geallta arís don lá inniu i gcuid de Chúige Laighean agus stádas buí aimsire i bhfeidhm sa chúige go dtí 7pm anocht mar gheall ar an teocht ard.

Teas is brothall a gealladh sa leath thoir den tír ach beidh fuarú beag ann – idir 22 agus 28 céim a bhí á thuar.

Tá sé níos fionnuaire san iarthar agus bhíothas ag súil le teocht idir 16 agus 22 céim Celsius sa gcuid thiar den tír seo.

Idir an dá linn, tá rabhadh buí aimsire eile i bhfeidhm go dtí 9pm i seacht gcontae mar gheall ar an mbaol stoirmeacha toirní. Tá an rabhadh sin i bhfeidhm in dhá chontae Gaeltachta, Corcaigh agus Port Láirge, i gCeatharlach, Cill Chainnigh, Cill Mhantáin, Loch Garman agus Tiobraid Árann.

Laethanta scamallacha a thabharfas fionnuaire chugainn atá á ngealladh an chuid eile den tseachtain.

Dúirt Evelyn Cusack, ceannasaí Met Éireann go raibh “tonn teasa bheag” sa tír faoi láthair. Teocht os cionn 25 céim Celsius cúig lá as a chéile a bhíonn ag teastáil chun go mbeadh ‘tonn teasa’ go hoifigiúil againn.

Bhí tuairiscí ag Met Éireann inné go raibh an teocht 33 céim Celsius ag an stáisiún aimsire i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath ag a 1.00pm.

Tuairisc shealadach í seo ach má dheimhnítear í, beidh sin ar an teocht is airde a taifeadadh riamh i mí Iúil sa tír seo, níos airde ná aon teocht a cláraíodh sa gcéad seo caite ná ó thús an chéid seo.

Ag Caisleán Chill Chainnigh sa mbliain 1887 a bhí an teocht is airde atá againn ar an taifead – 33.3C. Seasann Met Éireann fós leis sin mar an lá is teo ó tosaíodh ag taifeadadh ach táid ann a cheapann go bhfuil athbhreithniú riachtanach.

An dara lá de Lúnasa 1990 is teo a bhí sé i mBaile Átha Cliath go dtí teas mór an lae inné.

Ag 1.06pm inné, cláraíodh 33.4 céim Celsius ag stáisiún aimsire in Áth Troim i gcontae na Mí. Sin le rá go raibh sé 0.1 céim níos teo ansin inniu ná ag Caisleán Chill Chainnigh in 1887, ach toisc gur figiúr neamhoifigiúil é, ní chuirfear teas Átha Troim ar an taifead.

Tá roinnt stáisiún aimsire eile sa tír ina raibh an teocht os cionn 30 céim Celsius inné, an lá is teo go dtí seo in 2022 – Aeradróm Mhic Easmainn i gcontae Átha Cliath, Páirc na Darach i gcontae Cheatharlach, Sionainn i gcontae an Chláir agus Mount Dillon i gcontae Ros Comáin.

Teas a bhí á thuar aréir freisin –teocht idir 14 agus 18 céim i rith na hoíche.

Fág freagra ar 'Teas is brothall arís san oirthear, é níos fionnuaire san iarthar'