Téarma tástála na gCúigí

In imeacht tréimhse ghearr seacht lá, beidh ar na foirne céanna imirt faoi dhó, babhta amháin sa mbaile agus babhta eile as baile.

John Muldoon 2/12/2014
John Muldoon. Pictúir: INPHO/Cathal Noonan

Cé go raibh Cúige Mumhan, Cúige Chonnacht agus Cúige Laighean breá sásta gur éirigh leo an lámh in uachtar a fháil ina gcuid cluichí Pro 12 an deireadh seachtaine seo caite, tá fios maith acu go mbeidh orthu athrú agus ardú suntasach a dhéanamh ar a gcuid imeartha más mian leo na torthaí céanna a bhaint amach an deireadh seachtaine beag seo.

An dá chomórtas sinsear, Corn na gCuradh agus Corn an Dúshláin a bheas ar bun arís an deireadh seachtaine seo agus seo chugainn an choicís is fearr rugbaí idir clubanna sa limistéar seo.

In imeacht tréimhse ghearr seacht lá, beidh ar na foirne céanna imirt faoi dhó, babhta amháin sa mbaile agus babhta eile as baile.

Cuireann an leagan amach seo go mór leis an teannas idir na foirne.

Tá a fhios acu má chailleann siad sa dá chluiche go mbeidh deireadh leo sa gcomórtas. Go deimhin, ní móran de sheans a bheas ag foirne a chailleann cluiche amháin fiú.

Tá an t-ádh ar Chúige Chonnacht gur sa mbaile ar an mBóthar Beag a bheas siad sa gcéad chluiche i gcoinne Bayonne na Fraince an Satharn seo.

Beidh Pat Lam ag súil go leanfaidh an nós drochimeartha agus iad as baile atá ag foirne ón bhFrainc. San 11 áit ar thábla an Top 14 atá Bayonne faoi láthair.

Beidh sé ag súil freisin go mbeidh biseach ar Robbie Henshaw ón ngortú a bhain dó agus é ag imirt i gcoinne na hAstráile.

Má tharlaíonn sin agus má éiríonn leo an cur chuige céanna a léirigh siad sa dara leath i gcoinne Scarlets a thabhairt chun páirce arís an Satharn seo, seans maith go mbeidh curiarracht an chúige agus iad ag imirt sa mbaile slán go ceann tamaill eile.

Ar an Satharn freisin a bheas Cúige Mumhan ag tabhairt faoi Clermont Auvergne, tánaistí an chomórtais le dhá shéasúr anuas.

Is é Cúige Mumhan atá ar bharr tábla an Pro 12 agus is é Clermont atá sa dara háit ar thábla an Top 14 faoi láthair.

Tá lucht leannta na Mumhan ag súil go mór le O’Connell, Murray agus Zebo a bheith ag filleadh ar pháirc na himeartha, ar fhód naofa Thuamhan.

Ach fiú lena bhfilleadh siúd, tá dushlán ollmhór roimh na Muimhnigh fiú agus iad sa mbaile. Ach bíonn drogall orm i gconaí airgead a chur i gcoinne na Mumhan agus tá arís an deireadh seachtaine seo.

Sa mbaile freisin a bheas Cúige Uladh i gcoinne Scarlets Llanelli an Satharn seo agus iad ar a míle dícheall an chailliúint i gcoinne na Mumhan a ghlanadh as a gcuimhne.

Seans go mbeidh Scarlets sa gcás céanna maidir leis an gcailliúint i gcoinne Chonnacht ach ós rud é go mbeidh seachtar imreoirí ar ais acu ón bhfoireann idirnáisiúnta, seans go mbeidh siad ag súil le bua i mBéal Feirste.

Níl mise chomh cinnte sin.

Is iad na Laighnigh an t-aon fhoireann cúige atá ag imirt ar an Domhnach agus iad as baile i mbabhta 3 de Chorn na gCuradh.

Thall sa “Stoop” i Londain i gcoinne Harlequins, foireann atá sa 9ú áit ar Thábla an Premiership faoi láthair a bheas sé ar bun.

Ní raibh na Laighnigh thar mholadh beirte i gcoinne na nOspreys san RDS an Satharn seo caite.

Mar sin féin, nuair a chuirtear filleadh Heaslip, Toner, Cronan agus Rob Kerarney san áireamh seans go mbeidh Cúige Laighean róláidir d’fhir Londain.

Má éiríonn le Cúige Laighean, is cinnte go mbeidh an Aviva lán faoi cheann seachtaine le haghaidh chuairt na “Quins”, ach tá jab le déanamh roimhe sin.