Teachtaireachtaí ardrúnda, bláthanna zombaí agus na gadhair bheaga tosaithe ag siúl

Gach seachtain cuireann scríbhneoirí éagsúla ar fáil scéalta beaga agus móra as Dialann Tuairisc… 

Teachtaireachtaí ardrúnda, bláthanna zombaí agus na gadhair bheaga tosaithe ag siúl

Bhí mé soineanta go maith nuair a chur mé an aip teachtaireachtaí WhatsApp ar mo ghuthán lá éigin i mí Iúil 2016. Cheap mé go mba iontach an rud é. Bhí muid thall i Meiriceá ar laethanta saoire ar cuairt ar ghaolta linn agus den chéad uair riamh bheimis in ann glaoch abhaile.

Roimhe sin nuair a ghabhfá ar laethanta saoire thar lear ba é an tuiscint a bhí ann ná nach gcloisfí arís uait nó go mbeadh síob abhaile as aerfort na Sionainne uait. Bhí sé róchostasach glaoch abhaile agus seans nach mbeadh do ghuthán ag obair nó go mbeadh na táillí fánaíochta ró-ard ar aon chaoi. Ní raibh tada le rá agat ar aon nós nach mbeadh clúdaithe ag cárta poist a deir ‘Faraor nach bhfuil tú anseo’ agus is minic nach raibh iomlán na fírinne sa mhéid sin féin. Ba mhaith leat dearmad a dhéanamh ar an mbaile agus ar do chuid dualgaisí nó go raibh sé in am agat filleadh is nach raibh aon dul as agat.

Cé a cheapfadh go mbeadh ardaicme slándála Mheiriceá iad féin i ngreim ag grúpaí WhatsApp mar a chuala muid an tseachtain seo. Bhuel, ní hé WhatsApp a bhí in úsáid acu, ach aip eile atá an-chosúil leis. Signal an t-ainm atá air. An mana margaíochta atá ag Signal ná go bhfuil siad níos sábháilte ná WhatsApp. Seans go mbeidh orthu an mana sin a athrú anois ó tháinig sé chun solais an tseachtain seo gur cuireadh eagarthóir na hirise The Atlantic isteach ar ghrúpa ardrúnda ar Signal ina raibh LeasUachtarán Mheiriceá, JD Vance, an Rúnaí Cosanta, Pete Hegseth, agus feidhmeannaigh eile ag caint ar phleananna cogaíochta agus aerionsaithe.

An ghné is mó den scéal a chuir iontas ormsa ná gur ghlac eagarthóir The Atlantic leis an gcuireadh le dul isteach sa ngrúpa teachtaireachtaí ar chor ar bith. Is maith an lá nár tháinig an cuireadh agamsa mar is cinnte dearfa go mbeinn tar éis diúltú dhó.

Níl sé bliain féin ó rugadh orm le scam a bhí ag dul thart ar WhatsApp agus murach gur ghlaoigh bean isteach ar chlár Joe Duffy ní bheadh fáil agam fós ar mo chuntas.

Níl a fhios agam cén teideal a bhí ar an ngrúpa, ach dá bhfeicfinnse ‘Super secret military chats has invited you to join the group’ nó pébí céard a thug siad air, ag teacht isteach mar chuireadh WhatsApp bheinn siúráilte gur scéim cham de chineál éigin a bhí ann. Bheadh siad blocáilte agam sula mbeadh deireadh na habairte léite agam.

***

Tá an obair ag dul ar aghaidh ar an síneadh beag ar chúl an tí agus bhí fear na bhfuinneog istigh an tseachtain seo. Doirse agus fuinneoga a bhí mar ábhar cainte, is muid ag iarraidh cuimhneamh an gcuirfidh muid doras gloine ar chúl an tí anois.

‘Samhlaigh an coirnéilín seo anois agus an ghrian ag scalladh isteach ann. Suntrap ceart.’  a deir Fear na bhFuinneog le Fear an Tí.  ‘An maith le do bhean bláthanna? D’fhéadfadh sí plandaí is bláthanna a fhás anseo is bheadh sé go hálainn.’

Is maith liom bláthanna go deimhin, ach faraor níl bua na garraíodóireachta agam.

‘Is dóigh nach bhfaca tú an bosca fuinneoige ar do bhealach isteach,’ a deir Fear an Tí leis.

Níl dílseacht ar bith fágtha sa saol, ach is mé an chéad duine a d’admhódh nár dhúirt sé aon bhréag. Tá trí phlanda fraoigh idir beo agus marbh sa mbosca fuinneoige ó am éigin i mí Dheireadh Fómhair anuraidh. Níl a fhios agam an é gur plandaí iarlaise nó zombaí iad a d’fhág na púcaí ann ar Oíche Shamhna, nó an é nach mbíonn rath ar aon neach beo a bhíonn coinnithe i mbosca beag san áit nach mbuaileann aon ghá gréine é.

Cheannaigh mé na plandaí (más iad atá fós ann) san ionad garraíodóireachta, ach ní dóigh liom gur planda é an fraoch ar chóir é a bheith sáinnithe in ionad dá leithéid ná i mboscaí fuinneoige. B’fhearr leis i bhfad a bheith amuigh ar an gcnoc gan aon fhoscadh is an ghrian ag scalladh air, an bháisteach ag doirteadh anuas air is a dhuilleoga ag damhsa sa ngaoth.

Gheobhaidh muid an doras gloine ar chúl ar aon nós, taitneoidh sé leis an ngadhar agus beidh sí in ann a bheith ina luí ann ar maidin agus í ag sú na gréine.

***

Beidh an dá ghadhar in ann a bheith ag sú na gréine, ba chóir dom a rá. An tuairisc is deireanaí a fuair muid ar na seacht gcoileáin bheaga a bhí ag gadhar mo mhuintire ná go bhfuil cuid acu tosaithe ag siúl. Tá na geallúintí déanta anois againn agus caithfidh muid ar a laghad ceann acu a thógáil nuair a bheidh sé sách mór le himeacht óna mháthair. Dá bhfágfaí faoina máthair é sílim go mbeidís go léir imithe cheana féin. Tá an créatúr bocht maraithe amach ag freastal orthu.

D’imigh ceann acu amach as an leaba atá sa halla acu an lá cheana is rinne sé a bhealach síos an pasáiste fada anonn go dtí an taobh eile den teach. Chaithfeadh go raibh díocas ann agus é dírithe ar a sprioc agus ar an domhan mór mar tá creathán fós sna cosa aige agus gan iad baileach in ann a bhoilgín ramhar a choinneáil thuas fós.

Nuair a bhain sé ceann scríbe amach b’in an uair a thug sé faoi deara nach raibh tada ró-iontach roimhe ag bun an phasáiste. Ní raibh teocht a mháthar ann ná cothú ná comhluadar na gcoileán eile.

B’in an uair a thosaigh créatúirín ag caoineachán go truamhéalach agus gan é d’fhuinneamh aige a bhealach a dhéanamh ar ais go dtí an leaba bheag teolaí. Is glas iad na cnoic i bhfad uainn. Bhí ceacht amháin foghlamtha aige ar bhóithrín an tsaoil agus is iomaí ceacht atá roimhe fós.

***

Ag léamh…

Quickly While They Still Have Horses, cnuasach gearrscéalta le Jan Carson. Scríbhneoir í, as contae Aontroma ó dhúchas, a bhuaigh Duais an AE don Litríocht sa mbliain 2019 as a húrscéal Firestarter. Scéalta iad seo a bhíonn ag plé le hoidhreacht na dTrioblóidí, ach ina bhfuil an oidhreacht sin fite fuaite faoi cheilt i saol na gcarachtar. Scríbhneoireacht shaibhir dhúisitheach a tharraingíonn pictiúr den shaol comhaimseartha agus mura mbíonn an leabhar dílis ar fad don fhírinne, cuireann sé cuma na fírinne ar an saol ar bhealach a bhfuil beocht agus spleodar ag baint leis.

Fág freagra ar 'Teachtaireachtaí ardrúnda, bláthanna zombaí agus na gadhair bheaga tosaithe ag siúl'

  • Seanán Ó Coistín

    Níor luaigh tú go bhfuil Signal (agus WhatsApp) le fáil i nGaeilge. Níl ganntanais feidhmchláir cumarsáide ann do dhaoine le Gaeilge. Aistríodh go Gaeilge iad tá sé bliana ó shin ann. Tá Signal níos sláine ná mar atá WhatsApp, cé go dtógann WhatsApp an chraobh leis ó thaobh líon na ndaoine a bhaineann feidhm as.