Teachtaireacht shoiléir ó chontae an Chláir ach an bhfuil an rialtas ag éisteacht? 

Agus idir 170 agus 180 iarrthóir ar chosaint idirnáisiúnta ag teacht chun na tíre in aghaidh na seachtaine, caithfidh an Rialtas an fód a sheasamh

Teachtaireacht shoiléir ó chontae an Chláir ach an bhfuil an rialtas ag éisteacht? 

Cuireadh tús leis an agóid Dé Luain seo caite nuair a fógraíodh go raibh teifigh le lonnú i dtithe saoire agus óstán a bhí dúnta gar do Thigh Mhaigh Gamhna in Inse, ocht gciliméadar ó Inis, Co. an Chláir. Agus d’éirigh leis an scéal aird a tharraingt ar an bpointe. Feirmeoirí ag tiomáint tarracóirí agus ag iompar burlaí féir chun bac a chur ar bhóthar tuaithe, agus an léirsiú seo ar siúl i gceantar iargúlta álainn ina raibh urlabhraithe pobail a bhí báúil ag cur a n-imní in iúl faoi oiriúnacht an ionaid do theifigh a bhfuil riachtanais faoi leith acu.

An chúis ghearáin atá ag lucht na hagóide? D’fhógair an Roinn Leanaí Chomhionannais, Míchumas, Lánpháirtíochta agus Óige go raibh iarratasóirí tearmainn idirnáisiúnta le lonnú san óstán dúnta ansin, ach tá an pobal áitiúil den tuairim nach bhfuil an áit feiliúnach in aon chor chuige sin – níl teastas sábháilteachta tine ag an óstán, tuairiscíodh go bhfuil fadhbanna séarachais ann, agus níl an córas iompair poiblí sách forbartha sa cheantar. Dúradh nach raibh áiseanna in aice láimhe chun freastal ar na daoine nua a bheas ag teacht isteach chuig an gceantar.

Bhí an rialtas thar a bheith cúramach sa fhreagra ar ghearáin an phobail. Aithníodh an ceart atá ag éinne dul i mbun agóide. Admhaíodh go raibh easpa cumarsáide i dtaobh an phlean áirithe seo, agus gealladh go ndéanfaí iarracht sin a fheabhsú amach anseo. Iarradh ar an bpobal deireadh a chur leis an agóid, ach níor chuir an Stát mórán brú ar aon duine sin a dhéanamh. Deirtear linn go bhfuil an rialtas sásta éisteacht leis an ngrúpa agóide, ach ní cosúil go mbeidh aon Aire rialtais ag tabhairt cuairt ar an gClár chun féachaint ar an láthair.

Níl sé á chur i leith na léirsitheoirí gurb é an ciníochas atá á dtreorú.

Seo pobal atá míshásta leis an gcaoi go ndearnadh an fógra, agus atá buartha nach mbeidh na hacmhainní nó na háiseanna acu le fáilte cheart a chur roimh na cuairteoirí seo. Tá tacaíocht – balbh agus neamhbhalbh – faighte acu ó chuid de na hionadaithe áitiúla, Cathal Crowe, an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, ina measc.

Tá sé tugtha le fios ag an Rialtas nach mbeadh aon fháilte acu roimh orduithe ón Teachta Dála áitiúil, agus go bhfuil dualgas air meas a léiriú i gcónaí.

Tá feachtas spéisiúil curtha ar bun ag an rialtas. Fógraíodh an tseachtain seo go gcuirfear maoiniú breise ar fáil do phobail atá tar éis iarracht faoi leith a dhéanamh lucht dídine a shocrú isteach ina gceantar.

Ghabh an Taoiseach Leo Varadkar buíochas le Teachtaí Dála Dhún Laoghaire, a gheall go ndéanfadh an pobal gach iarracht fáilte a chur roimh theifigh a bheidh lonnaithe in ionad nua fáilte ansin.

Tá an chodarsnacht le contae an Chláir soiléir.

Sa chúlra, áfach, tá an tuiscint eile ann nach féidir leis an rialtas an cath seo a chailliúint. Tá géarchéim lóistín ann – tá idir 170 agus 180 iarrthóir ar chosaint idirnáisiúnta ag teacht chun na tíre seo in aghaidh na seachtaine.

Tá os cionn 500 duine díobh ar an tsráid faoi láthair. Ghlac daoine ar an eite dheis seilbh ar agóid i mBaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo caite agus scriosadh campa teifeach sealadach ar shráideanna na príomhchathrach. Caithfear iarracht faoi leith a dhéanamh chun an foréigean a sheachaint amach anseo.

Beifear ag brath ar phobail áitiúla chomh maith. Más i gcontae an Chláir atá agóid na seachtaine seo, tá gach seans ann go dtiocfadh pleananna an rialtas aniar aduaidh ar phobal eile an tseachtain seo chugainn.

Deirtear linn go bhfuil muid i lár éigeandála, agus nach féidir eolas a roinnt roimh ré i gcónaí.

Tá go leor ag brath ar thoradh na hagóide in Inse. Go dtí seo, bhí an rialtas diongbháilte meas a léiriú ar lucht na hagóide, le súil, b’fhéidir, go gcaillfidís spéis sara fada.

Idir an dá linn, caithfear leapacha agus lóistín a fháil chun tearmann a sholáthar dóibh siúd atá á lorg. Tuairiscíodh go raibh easaontas timpeall an bhoird ag cruinniú rialtais an tseachtain seo. Tá an Roinn Tithíochta míshásta gur orthusan atá an milleán á chur, de réir dealraimh. Níl an náire á ligean leis na comharsana go fóill, áfach. Go hoifigiúil, tá gach roinn rialtais ag obair as lámh a chéile, agus tuigeann siad go léir go bhfuil iarracht mhór de dhíth. Má fheictear scoilt idir na ranna rialtais éagsúla, áfach, ní thíos i gcontae an Chláir amháin a bheas fadhb le réiteach ag an Stát.

Fág freagra ar 'Teachtaireacht shoiléir ó chontae an Chláir ach an bhfuil an rialtas ag éisteacht? '

  • Eoghan

    Ta sé fíor go bhfuil ceart ag daoine dul i mbun agóide. Ach níl an cheart ag éinne seiceanna a dhéanamh ar dhaoine ar bhóthair poiblí (seachas na Gardaí an ndóigh). Níl an cheart acu dul ar bhus agus ceisteanna a chur ar dhaoine ag teitheadh cogaidh. Muna n-aointíonn duine leis an socrú tá siad in ann dul i mbun agóide ós comhair na hoifigí an Teachta Dála áitiúil. Cén fáth go gceapann siad go bhfuil sé riachtanach ceastóireacht ar dhaoine ag teitheadh cogaidh?

  • Sorcha Grisewood

    Feicim an fhadhb ata ag an Rialtas faoi láthair ag dul i ngleic leis an dúshlán mór seo. Tá a fhios againn ar fad go bhfuil géarchéim tithíochta anseo agus nach bhfuil go leor lóistín ar fáil do dhaoine óga anseo nó daoine gan dídeáin anseo. Ag an am céanna ta dualgais orainn mar tír san Aontas Eorpach agus dualgais daonnúil go leir glacadh le teifigh agus foscadh agus cabhair a thabhairt do dhaoine ata ag éalú ó tíortha atá scriosta, bocht, míshocair srl.
    Feicim freisin nach bhfuil sé go h-iontach daoine a lonnadh i ceantracha iargúlta ina bhfuil easpa áiseanna agus achmhainní ann dóibh ach ní maith liom an argóint a úsáideann roinnt daoine ag rá “Ní raibh an chumarsáid maith go leor….ní raibh aon chomhairliúchán le muintir na haite roimh ré”. Cinnte, dá mbeadh an saol gan locht, bheadh níos mó cumarsáid i gceist ach i ndáiríre, dá gcuirfeá an cheist roimhré, taim cinnte go ndiúltófaidh muintir na háite le teiifigh a choinneáil…

  • Finn

    ” ní maith liom an argóint a úsáideann roinnt daoine ag rá “Ní raibh an chumarsáid maith go leor….ní raibh aon chomhairliúchán le muintir na haite roimh ré”. Cinnte, dá mbeadh an saol gan locht, bheadh níos mó cumarsáid i gceist ach i ndáiríre, dá gcuirfeá an cheist roimhré, taim cinnte go ndiúltófaidh muintir na háite le teiifigh a choinneáil…”

    Ní chreideann tú sa dhaonlathas go fírinneach mar sin, a Shorcha.