Teachtaireacht an AE don Bhreatain: cibé rogha a dhéanfaidh sibh, ní orainne a bheas an milleán…

Más dlúthchuid den pholaitíocht an fhreagracht agus an milleán a sheachaint más féidir, is féidir a rá gur bhain an tAE toradh sásúil amach ag an gcruinniú mullaigh

Teachtaireacht an AE don Bhreatain: cibé rogha a dhéanfaidh sibh, ní orainne a bheas an milleán…

Chaith ceannairí an Aontais Eorpaigh seacht n-uaire an chloig agus achainí dhoiléir Theresa May á plé acu sa Bhruiséil.

Theastaigh moill ar dháta imeachta na Breataine ón bpríomh-aire, ach ba léir dá raibh i láthair nach raibh plean ná straitéis aici chun déileáil le cailliúint vóta eile in Westminster. Faoi mheán oíche Déardaoin áfach bhí comhsheasamh á fhógairt acu inar comhlíonadh cúig phríomhaidhm.

  1. Chuir siad ar athlá dáta imeachta na Ríochta Aontaithe (Dé hAoine seo chugainn a bhí i gceist go dtí seo).
  2. Dhiúltaigh siad don dáta imeachta nua (30 Meitheamh) a d’iarr Theresa May.
  3. D’fhógair siad gur ar an 12 Aibreán a d’imeodh an Bhreatain mura mbeadh réiteach ann.
  4. Dúirt siad go raibh súil acu go gcuirfeadh an Ríocht Aontaithe ‘bealach chun cinn’ iar-imeachta faoina mbráid roimhe sin.
  5. Thairg siad ann 22 Bealtaine mar dháta imeachta a thiocfadh i bhfeidhm dá vótálfaí an tseachtain seo chugainn in Westminster i bhfabhar an chomhaontaithe a rinneadh leis an mBreatain.

Bhain ceannairí an AE aidhm eile amach, nár sonraíodh ina ráiteas, nuair a tháinig siad ar chomhthuairim maidir leis na pointí thuas. Más Breatimeacht gan mhargadh atá romhainn coicís ón Aoine seo chugainn, ní bheidh aon duine réasúnta sa Bhreatain ábalta an milleán a chur ar an Aontas Eorpach.

Is í Theresa May, le lántacaíocht cheannaire Pháirtí an Lucht Oibre Jeremy Corbyn, a shocraigh gur Dé hAoine seo chugainn a d’imeodh an Ríocht Aontaithe ón AE. Níl feidhmeannach ar bith sa Bhruiséil ná ceannaire Eorpach ar bith freagrach as an spriocam ná an clár ama a mhol sí, ach thairg siad comhréiteach nuair a d’iarr sí breis ama. 

Arís, níl ionadaí ná ceannaire Eorpach freagrach as an dáta imeachta a chur siar. Is í an príomh-aire a d’iarr síneadh ama. Ní bhfuair sí an tréimhse bhreise trí mhí a theastaigh uaithi, ach bhí leithscéal réasúnta ag na ceannairí, toghcháin pharlaimint na hEorpa, agus thairg siad dhá dháta eile di mar chomhréiteach.

Tá bealaí éalaithe éagsúla tairgthe don Bhreatain ag ceannairí an AE. Sheasadar an fód maidir le gach mórphrionsabal ó thosaigh an idirbheartaíocht leis an mBreatain go dtí gur chríochnaigh sí, cás na hÉireann san áireamh.

Ní raibh le réiteach acu dáiríre sa Bhruiséil mar sin ach roinnt bheag ceisteanna. Ar chóir dáta imeachta nua a thairiscint don Bhreatain? Cén sórt coinníollacha ba cheart a chur lena dtairiscint? Agus, thar aon cheist eile, conas a d’fhéadfaí tairiscint nua a dhréachtú a chuirfeadh an fhreagracht go soiléir ar rialtas agus parlaimint na Breataine as gach gné den Bhreatimeacht?

Más dlúthchuid den pholaitíocht an fhreagracht agus an milleán a sheachaint más féidir, is féidir a rá gur bhain an tAE toradh sásúil amach ag an gcruinniú mullaigh. Is faoin bparlaimint i Londain atá sé anois Theresa May agus a tír a tharrtháil ón tsáinn ina bhfuil siad gafa – más féidir iad a tharrtháil in imeacht fiche lá.

Idir an dá linn, tá uair nua na cinniúna ag teannadh leis an rialtas abhus. Cibé cineál Breatimeachta a chuirfear i bhfeidhm, cuirfidh an tAontas Eorpach iachall ar an rialtas teorainn nua de chineál éigin a chur i bhfeidhm dá bharr.

Dúirt an tAire Eorpach Helen McEntee Dé hAoine go mbeifí i gcomhairle leis an AE a luaithe agus a dhéanfaí cinneadh cinnte dearfa i Londain. Fearacht gach aire eile, ní raibh sí toilteanach cur síos ar bith a dhéanamh ar na socruithe agus na srianta a bheas riachtanach le teorainn nua an AE a chur i bhfeidhm.

Ní shásóidh neamhfhreagraí dá leithéid duine ar bith, ar an mór-roinn ná in Éirinn, ón 12 Aibreán nó an 22 Bealtaine.

Fág freagra ar 'Teachtaireacht an AE don Bhreatain: cibé rogha a dhéanfaidh sibh, ní orainne a bheas an milleán…'