Leithscéal faighte ag Teachta Dála eile ó roinn rialtais a thug freagra i mBéarla ar cheist i nGaeilge

Tá scríofa ag Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais chuig an Teachta Dála Éamon Ó Cuív ag gabháil leithscéil agus ag rá go bhfuil beartais curtha i bhfeidhm lena chinntiú nach dtarlódh sé arís

Leithscéal faighte ag Teachta Dála eile ó roinn rialtais a thug freagra i mBéarla ar cheist i nGaeilge

Tá leithscéal gafa ag an Roinn Oideachais le Teachta Dála eile tar éis dó freagra i mBéarla amháin a fháil ar cheist Dála a cuireadh i nGaeilge.

Scríobh Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais, Seán Ó Foghlú, chuig an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar, Éamon Ó Cuív, ag gabháil leithscéil leis an Teachta agus ag rá go bhfuil beartais curtha i bhfeidhm sa Roinn chun a chinntiú nach dtarlóidh a leithéid arís.

Is é seo an dara huair le cúpla seachtain anuas go bhfuil roinn rialtais tar éis leithscéal a ghabháil tar éis di freagra i mBéarla a thabhairt ar cheist Dála a cuireadh i nGaeilge.

An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais a bhí i gceist roimhe seo agus cáineadh déanta ag urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, go bhfuair sé freagra i mBéarla amháin ón Aire Simon Harris.

Dúirt an tAire Harris gur “neamart riaracháin” ba chúis le freagra i mBéarla a thabhairt ar cheist Uí Shnodaigh agus tá an leithscéal céanna úsáidte ag an Roinn Oideachais chun míniú a thabhairt ar an mbotún is déanaí seo.

Thug Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais le fios gur i mBéarla a freagraíodh ceist an Teachta Uí Chuív, a bhain le seirbhís leathanbhanda i scoil, ach nár aistríodh é go Gaeilge sular ceadaíodh é.

Dúirt sé go bhfuil athbhreithniú anois déanta chun a chinntiú go mbeidh seiceálacha breise i gceist le freagraí atá le n-aistriú, sula n-eisítear iad.

Dúradh leis an Teachta Ó Cuív go raibh an Roinn Oideachais “an-dáiríre” faoin cuid dualgas i leith na Gaeilge agus go raibh oifigigh sa Roinn ar an eolas maidir leis an riachtanas atá ann faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla freagra i nGaeilge a thabhairt ar aon chumarsáid a fhaightear i nGaeilge i scríbhinn nó i ríomhphost.

Téann freagra i mBéarla amháin ar cheist Dála i nGaeilge in aghaidh nósanna agus cleachtais orduithe seasta na Dála freisin.

Tá an Teachta Aengus Ó Snodaigh tar éis freagraí i mBéarla amháin a fháil ar thrí cheist Dála atá curtha aige le roinnt míonna anuas, rud a dúirt sé nár tharla cheana dó ó toghadh é ina Theachta Dála in 2002.

Dúirt Ó Snodaigh go raibh sé i gceist aige an scéal a phlé leis an gCoimisinéir Teanga dá dtarlódh a leithéid arís.

Is ón Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan, a fuair Ó Snodaigh an dá fhreagra eile i mBéarla, tháinig ceann acu dhá mhí tar éis don Aire a ghealladh nach dtarlódh a leithéid arís.

Fág freagra ar 'Leithscéal faighte ag Teachta Dála eile ó roinn rialtais a thug freagra i mBéarla ar cheist i nGaeilge'

  • Dónall

    Polasaí don Oideachas Gaeltachta….cur i gcéill..