‘Neamart riaracháin’ ba chúis le freagra i mBéarla amháin a thug Aire Rialtais ar cheist i nGaeilge

Dúirt an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais Simon Harris go bhfuil athbhreithniú déanta ag oifigigh a Roinne chun a chinntiú nach dtarlóidh an botún arís

‘Neamart riaracháin’ ba chúis le freagra i mBéarla amháin a thug Aire Rialtais ar cheist i nGaeilge

An tAire Breisoideachais Simon Harris agus urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh. Pictiúir: RollingNews.ie

‘Neamart riaracháin” ba chúis le freagra i mBéarla a thug Aire Rialtais ar cheist i nGaeilge ó Theactha Dála eile.

Dúirt an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais Simon Harris gur oth leis nár tugadh freagra i nGaeilge ar cheist ó urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh.

Mar fhreagra ar cheist eile faoin scéal ó Aengus Ó Snodaigh, dúirt an tAire Harris go bhfuil athbhreithniú déanta ag oifigigh a Roinne chun a chinntiú nach dtarlóidh a leithéid arís.

“De bharr neamairt riaracháin i mo Roinn, cuireadh an freagra ar an gCeist Pharlaiminte a ndearna an Teachta tagairt dó, ar ais as Béarla seachas as Gaeilge,” a dúirt an tAire agus é á aithint aige go raibh sé de dhualgas air faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla freagra i nGaeilge a thabhairt ar cheist a cuireadh i nGaeilge.

“Is oth liom nár tharla sé sin an uair seo,” a dúirt Harris.

“Rinne oifigigh i mo Roinn athbhreithniú ar na nósanna imeachta lena chinntiú nach dtarlóidh sé seo arís.”

Téann freagra i mBéarla amháin ar cheist Dála i nGaeilge in aghaidh nósanna agus cleachtais orduithe seasta na Dála freisin.

Mhínigh an tAire go raibh freagra i nGaeilge tugtha aige anois ar cheist Uí Shnodaigh, a bhain le cúrsaí maoinithe d’Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, agus go raibh iarrtha aige taifead na Dála a thabhairt suas chun dáta le go mbeidh an freagra as Gaeilge amháin ar taispeáint.

Dúirt Ó Snodaigh le Tuairisc.ie gur ghlac sé le leithscéal an Aire Harris ach go bpléifeadh sé an scéal leis an gCoimisinéir Teanga dá dtarlódh sé arís.

“Má tharlaíonn sé arís, beidh orm an cheist a ardú leis an gCoimisinéir Teanga, agus tá sé fós i gceist agam an fhadhb a phlé go ginearálta le Cléireach na Dála nuair a thagann sé os comhair an Choiste an tseachtain seo chugainn ionas go gcuirfear réiteach córasach i bhfeidhm.”

Agus é ag labhairt ar fháil an fhreagra i mBéarla amháin dó ón Aire, mheas Ó Snodaigh nach dtugtar “ach stádas den dara grád” don Ghaeilge i ranna rialtais áirithe.

I mí Mheán Fómhair seo caite, thug an tAire Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Líonraí Cumarsáide, Eamon Ryan, freagra i mBéarla amháin ar cheist i nGaeilge ón Teachta Ó Snodaigh. Ghabh an tAire leithscéal agus dúirt sé nach dtarlódh a leithéid arís ach, dhá mhí ina dhiaidh sin, thug sé freagra i mBéarla amháin arís ar cheist eile i nGaeilge a chuir Ó Snodaigh air.

Fág freagra ar '‘Neamart riaracháin’ ba chúis le freagra i mBéarla amháin a thug Aire Rialtais ar cheist i nGaeilge'