Tá deireadh seachtaine saor san iomáint againn, taobh amuigh de chluiche amháin i Roinn 1a a cuireadh ar ceal de bharr na drochaimsire.
Ach cé nach bhfuil babhta cluichí idirchontae ar siúl is beag imreoir contae a bheidh ag imirt sna cluichí sraithe club atá tosaithe i roinnt mhaith contaetha.
Is le suim mhór a léas agallamh a rinne iarpheileadóir Átha Cliath Noel McCaffrey tamall ó shin agus é buartha go leor nach bhfuil cead á fháil ag formhór mór imreoirí idirchontae aon chluiche a imirt lena gclubanna i rith an tséasúir idirchontae. Is annamh anois a imríonn imreoirí idirchontae aon chluiche lena gclubanna go dtí go dtosaíonn séasúr na gcraobhacha club. Is maith a thuigeas a thuairimí.
Mar a scríobh mé anseo anuraidh, chaitheas an bhliain seo caite mar roghnóir le hiománaithe sinsir Chumann Barra Naofa. Bhí cúigear dár n-imreoirí ar phainéal an chontae. Tá sé chomh maith agat a rá nach bhfacamar in aon chor iad go dtí sé lá sular imríomar ár gcéad chluiche craoibhe i gcoinne na Carraige Duibhe. Bhí ár bpeileadóirí ag imirt sé lá i ndiaidh chluiche ceannais na hÉireann agus bhí ceathrar den chúigear ag imirt an oíche sin. Ansin seachtain ina dhiaidh sin bhí ár gcluiche ar siúl, an cluiche ba dheacra sa ghrúpa mar a tharla sé, agus chailleamar le cúilín amháin. Chuir sé sin an-bhrú orainn ag dul isteach sa dara cluiche. Ba é bun agus barr an scéil nár imríomar oiread is cluiche amháin le foireann iomlán go dtí an oíche sin.
Tuigim go bhfuil tromlach imreoirí i bhfabhar an tséasúir scoilte, go ginearálta, ach leis an gcóras atá i bhfeidhm faoi láthair ní bhíonn na himreoirí is fearr sna clubanna riamh go dtí go mbíonn deireadh leis an séasúr craoibhe idirchontae.
Roimh Chomhdháil Náisiúnta CLG le déanaí bhí rún ag Noel McCaffrey agus a chlub, Cluain Tarbh, a mhol go mbeadh dualgas ar gach imreoir contae, ar a laghad, ceithre chluiche sraithe a imirt lena chlub roimh an séasúr craoibhe. Ach ar an lá, ar chúis amháin nó ar chúis eile, i ndiaidh cuid mhaith díospóireachta, tarraingíodh siar an rún. Labhair roinnt mhaith toscairí i gcoinne an rúin. Bhíodar den tuairim go mbeadh sé an-deacair é a chur i bhfeidhm. Deineadh cinneadh scagadh níos mó a dhéanamh ar an moladh agus, b’fhéidir, moladh níos ‘réasúnta’ a chur chun cinn.
Bheinn ag moladh, ar a laghad, go mbeadh cead ag imreoirí idirchontae nach bhfuil ar phainéal an lae do na cluichí sraithe idirchontae imirt dá gclubanna.
Ceapaim go gcloisfimid níos mó faoin ábhar seo.
Ag filleadh ar an aicsean, a leithéid de Dhomhnach a bhí againn seachtain ó shin agus dhá cluiche beo ar TG4 a chríochnaigh le 9-87 san iomlán ar chlár na scór agus seacht gcárta dearg bronnta. Nuair a thiocfaidh cumann na réiteoirí le chéile arís, caithfidh siad teacht ar réiteach éigin faoi cad is teaicleáil dhlisteanach agus mhídhlisteanach ann.
I roinn 1A na sraithe tá cluiche amháin um thráthnóna, ceann a cuireadh ar ceal de barr stoirm Éowyn, agus Luimneach ag taisteal go dtí Cill Chainnigh.
Mar a sheasann cúrsaí i láthair na huaire, tá seans fós ag Luimneach cáiliú do chluiche ceannais na sraithe má bhuann siad an deireadh seachtaine seo. Má bhuann Tiobraid Árann a gcluiche deireanach is cinnte go mbeidh siad ag imirt sa chluiche ceannais. Bunaithe ar thorthaí na gcluichí deireanacha agus, b’fhéidir, ar dhifríocht scórála, d’fhéadfadh Luimneach nó Corcaigh cáiliú chomh maith.
Ar an dtaobh eile den tábla is leor comhscór nó bua dos na Cait inniu chun an Clár agus Loch Garman a chur chuig roinn 1b in 2026. Má chailleann na Cait, tá seans an-bheag ag ceann den dá chontae sin fanacht sa phríomhroinn don chéad séasúr eile.
Ciallaíonn san go léir go bhfuil fiúntas i ngach cluiche atá fágtha agus nach maith san dúinne agus sinn inár suí ar an gclaí ag féachaint ar an tsiamsaíocht?
Fág freagra ar 'Tarraingíodh siar rún Noel McCaffrey faoin imreoir contae agus a chlub, ach níl deireadh cloiste againn faoin scéal go fóill '