Taispeántas maith ag teastáil ón Spáinn lena léiriú go bhfuil siad fós i measc na mboc mór

3.00in Chuir an Spáinn tús iontach leis an gcomórtas seo agus rinne slad ar Chósta Ríce sa chéad bhabhta ach bhí rudaí beagáinín níos deacra ag foireann Luis Enrique ó shin. Bhí na Spáinnigh 1-0 chun tosaigh ar an nGearmáin agus 80 nóiméad imeartha ach bhí an t-ádh leo ar bhealach gur chríochnaigh an cluiche […]

Taispeántas maith ag teastáil ón Spáinn lena léiriú go bhfuil siad fós i measc na mboc mór


3.00in

Chuir an Spáinn tús iontach leis an gcomórtas seo agus rinne slad ar Chósta Ríce sa chéad bhabhta ach bhí rudaí beagáinín níos deacra ag foireann Luis Enrique ó shin. Bhí na Spáinnigh 1-0 chun tosaigh ar an nGearmáin agus 80 nóiméad imeartha ach bhí an t-ádh leo ar bhealach gur chríochnaigh an cluiche ar comhscór. Bhíodar chun tosaigh arís ar an tSeapáin an tseachtain seo caite ach scaoileadar isteach dhá chúl sa dara leath. Bhí an chuma ar an scéal ar feadh tamaillín go mbeadh na Spáinnigh díbeartha ar fad ach chríochnaíodar sa dara háit i nGrúpa F ar deireadh.

Bhí seilbh ag an Spáinn ar an liathróid d’fhormhór an ama sa dá chluiche sin, in aghaidh na Gearmáine agus na Seapáine, ach theip orthu cur leis na cúil a d’aimsíodar sa chéad leath den dá chluiche. In aghaidh na Seapáine, go háirithe, choinnigh an Spáinn seilbh ar an liathróid ach níor chuthaigh siad deiseanna chun an dara cúl a scóráil.

Tá sé curtha i leith Enrique agus a fhoireann go bhfuil siad róghafa le seilbh a choinneáil agus gur cheart lárthosaí ceart a imirt seachas leithéid Marco Asensio, a bhíonn ag imirt i lár na páirce de ghnáth. An fhadhb atá ag an Spáinn ná nach rogha iontach é Alvaro Morata chun an ról sin a líonadh agus an chuma air go minic go mbíonn easpa muiníne ag cur as dó.

Ní bheidh cluiche an lae inniu chomh héasca is a cheapfaidh go leor daoine. Ní raibh mórán ag súil go dtiocfadh Maracó slán ó ghrúpa ina raibh an Chróit agus an Bheilg ach níl cluiche ar bith caillte sa Chatar go dtí seo ag Maracó.

Tá na lánchúlaithe Achraf Hakimi agus Noussair Mazraoui ar bheirt de na himreoirí is fearr ar an bhfoireann agus tagann go leor de na seansanna a chruthaíonn Maracó ó imirt na beirte. Imreoir cumasach é fear Chelsea, Hakim Ziyech freisin. Beidh Maracó sásta titim saor agus an liathróid a fhágáil ag an Spáinn ar feadh tréimhsí fada agus más leis na Spáinnigh na babhtaí ceathrú ceannais a bhaint amach den chéad uair riamh, beidh ar an triúr sin a bheith i mbarr a maitheasa.

 

International Friendly 11/6/2014
Portugal
Cristiano Ronaldo
Mandatory Credit ©INPHO/Donall Farmer


7.00in

Chaill an Phortaingéil in aghaidh na Cóiré Theas sa chluiche deireanach i nGrúpa H ach níor cheart an iomarca béime a chur ar an taispeántas sin agus iad cáilithe cheana féin do na babhtaí díbeartha agus roinnt athruithe déanta ag an mbainisteoir Fernando Santos ar an bhfoireann.

Bhuaigh na Portaingéalaigh a gcéad chluiche sa Chatar in aghaidh Ghána, ceann de na cluichí ab fhearr sa chomórtas go dtí seo, agus fuaireadar an ceann is fearr ar Uragua ansin. Go maith gan a bheith iontach a bhí an Phortaingéil sa dá chluiche sin, áfach, agus seans go mbeidh feabhas ag teastáil chun an Eilvéis a shárú inniu.

Scóráil Cristiano Ronaldo cúl amháin sa chomórtas go dtí seo, cic éirice in aghaidh Ghána, agus is beag tionchar a bhí aige ar chor ar bith ar an gcluiche in aghaidh na Cóiré Theas. Ach bhí áit bainte amach ag an bPortaingéil i mBabhta an 16 faoin tráth sin. Bhí Bruno Fernandes agus Bernardo Silva réasúnta maith go go dtí seo ach tá tuilleadh ag teastáil ó João Félix.

Tá an-chuid taithí ag foireann seo na hEilvéise agus gach mórchomórtas bainte amach acu ó 2014. Thugadar an-taispeántas chun an tSeirbia a chloí sa chluiche deireanach sa ghrúpa. Chuaigh an tSeirbia 2-1 chun cinn leath bealaigh tríd an chéad leath ach bhí an Eilvéis chun tosaigh arís luath sa dara leath agus níor lig siad don tSeirbia teacht ar ais sa chluiche ar chor ar bith.

Tá Xherdan Shaqiri agus Granit Xhaka fós ar bheirt de na himreoirí is tábhachtaí ar an bhfoireann. Sár-chúl báire é Yann Sommer freisin ach tá amhras ann an mbeidh sé in ann imirt inniu mar chaill sé an cluiche in aghaidh na Seirbia de bharr tinnis.

Is iad an Phortaingéil rogha na coitiantachta ach bíonn foireann na hEilvéise eagraithe go maith agus ná déan aon iontas de má éiríonn leo géarchoimhlint a bhaint.

Fág freagra ar 'Taispeántas maith ag teastáil ón Spáinn lena léiriú go bhfuil siad fós i measc na mboc mór'