Rogha an Lae
Tráthnóna a imreofar na cluichí deireanacha i nGrúpa D ach pé torthaí a bheidh ann, tá sé nach mór cinnte go mbeidh an Fhrainc, an Ísiltír agus an Ostair ag dul ar aghaidh go dtí an chéad bhabhta eile. Tá an Pholainn cinnte ag dul abhaile i ndiaidh chluichí an lae inniu ach d’fhéadfadh na trí fhoireann eile sa ghrúpa críochnú ar bharr an tábla.
I nGrúpa C, is iad na Sasanaigh an t-aon fhoireann atá cinnte d’áit sna babhtaí díbeartha roimh chluichí na hoíche anocht, ach is acu atá an cluiche is suimiúla mar go mbeidh an cat crochta do Gareth Southgate mura n-éiríonn lena fhoireann taispeántas maith a thabhairt anocht.
Níor chaill na Sasanaigh go dtí seo sa Ghearmáin ach ní raibh cuma iontach orthu sa gcluiche i gcoinne na Seirbia (a bhuaigh siad) ná sa gceann i gcoinne na Danmhairge (a chríochnaigh ar comhscór). Cé gur measadh Sasana i measc na bhfoirne ba láidre sa chomórtas, go háirithe sa bhaile, tá cáineadh á dhéanamh anois ar Southgate agus ar na himreoirí agus súil le feabhas.
Beidh an lucht tacaíochta cinnte ag súil go mbeidh Sasana rómhaith don Slóivéin, atá breis is leathchéad áit chun deiridh ar Shasana i rangú domhanda FIFA (5 v 57). Bhí cuma mhaith ar an Slóivéin ina gcluiche i gcoinne na Seirbia Déardaoin seo caite, áfach, agus bhí mí-ádh orthu cúl a ghéilleadh ag fíordheireadh na himeartha. Bhuaigh an tSlóivéin ar an bPortaingéil níos luaithe i mbliana freisin, toradh a léiríonn a gcumas, agus d’fhéadfadh na taispeántais ag an sárchúl báire Jan Oblak agus ag an tosach óg Benjamin Šeško an-tionchar a imirt ar chluiche na hoíche anocht.
Meastar go ndéanfar athrú nó dhó ar fhoireann Shasana don chluiche seo. Is beag seans go dtabharfaidh Southgate bata agus bóthar do Harry Kane ach tá an chuma ar an scéal anois go bhfuil an plean a bhí aige Trent Alexander-Arnold a imirt i lár na páirce caite i dtraipisí ag an mbainisteoir. Dúirt Southgate i ndiaidh an chluiche i gcoinne na Danmhairge go raibh seacht nó ocht de bhlianta caite aige ag iarraidh réiteach a fháil ar an imirt lár páirce Shasana ach chuirfeadh sé iontas ar go leor dá mba é Conor Gallagher an slánaitheoir.
Tháinig scéala le cúpla lá anuas go raibh Luke Shaw ar ais ag traenáil agus beidh Southgate ag iarraidh imreoir Manchester United a chaitheamh isteach chomh luath agus is féidir mar is beag atá déanta ag Kieran Trippier, a imríonn ar thaobh eile na páirce de ghnáth, ar an gcliathán clé sa chéad dá chluiche.
Má bhíonn Shaw in ann imirt agus má dhéanann sé ruathair suas an cliathán, d’fhéadfadh sé deis níos fearr a thabhairt do Phil Foden dul i bhfeidhm ar an gcluiche, sin má choinníonn Southgate ar an bhfoireann é.
Cé nach bhfuil barr a maitheasa bainte amach go fóill ag Sasana, ba cheart go mbeadh siad sách maith chun an tSlóivéin a shárú ach, mura ndéantar sin le trí nó ceithre chúl, ní bheidh deireadh fós le deacrachtaí Southgate.
An Fhrainc v An Pholainn – 5.00in (Grúpa D)
An Ísiltír v An Ostair – 5.00in (Grúpa D)
Sasana v An tSlóivéin – 7.00in (Grúpa C)
An Danmhairg v An tSeirbia – 7.00in (Grúpa C)
Fág freagra ar 'Taispeántas maith ag teastáil ó Shasana nó beidh an cat crochta do Southgate'