Taispeántas i nGaeilge agus Béarla ag duine de mhórealaíontóirí Mheiriceá

Baineann taispeántas Lawrence Weiner, ealaíontóir coincheapúil mór le rá, sa Kerlin Gallery i mBaile Átha Cliath úsáid as an nGaeilge agus an Béarla

Taispeántas i nGaeilge agus Béarla ag duine de mhórealaíontóirí Mheiriceá

Tá an Ghaeilge agus an Béarla araon in úsáid i saothar nua le duine de mhórealaíontóirí Meiriceánacha na linne, saothar atá ar taispeáint don phobal den chéad uair i ndánlann i mBaile Átha Cliath.

Le beagnach trí scór bliain, tá an t-ealaíontóir Lawrence Weiner ag cleachtadh na healaíne coincheapúla, ealaín ina bhfuil an smaoineamh nó an coincheap a spreag í níos tábhachtaí ná an píosa ealaíne féin.

Baineann saothar Weiner le cúrsaí teanga agus leis an mbrí atá le focail, comharthaí, siombailí agus cóid.

Is sa Kerlin Gallery, ar Lána Áine, Sráid Áine Theas i mBaile Átha Cliath atá ealaín Lawrence Weiner le feiceáil ó ceadaíodh
do ghailearaithe athoscailt don phobal nuair a scaoileadh roinnt de na
srianta dianghlasála an 10 Bealtaine.

An t-ealaíontóir féin ar theastaigh uaidh go mbeadh leagan Gaeilge de na saothair sa taispeántas, a thug urlabhraí ar son na dánlainne le fios.

Tá suim ag Weiner sa ghaol idir an Ghaeilge agus an Béarla agus bhí sé ag iarraidh an gaol sin a léiriú.

Is ag taispeáint an dlúthcheangail idir an dá theanga atá sé sa mbealach ina bhfuil píosaí de na litreacha sa téacs ina luí thar a chéile.

Trí cinn de phíosaí móra ealaíne, nó píosaí dealbhadóireachta mar a thugann Weiner ar a shaothair, atá ar bhallaí na dánlainne.

Is é Caoimhín Mac Giolla Léith, ollamh comhlach i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis i UCD a bhfuil go leor foilsithe aige ar ghnéithe éagsúla de litríocht na Gaeilge agus ar an ealaín chomhaimseartha, a d’aistrigh téacs Weiner ó Bhéarla go Gaeilge.

Ceannlitreacha a úsáidtear ag in ealaín Weiner agus is i gceannlitreacha dearga nó gorma atá dhá phíosa téacs agus tá an téacs eile i gceannlitreacha dubha.

AR AON LÍNE LE RUD EILE ARÍS an Ghaeilge atá curtha ag Mac Giolla Léith ar an téacs IN LINE WITH SOMETHING ELSE.  CURTHA LEIS NA RUDAÍ EILE an t-aistriúchán atá déanta ar PUT WITH THE OTHER THINGS, agus AG CROCHADH DÍREACH OS CIONN AN tSRUTHA  an leagan Gaeilge de HELD JUST ABOVE THE CURRENT.

Rugadh Lawrence Weiner sa mBronx i Nua-Eabhrac sa mbliain 1942. Ag deireadh na 1960idí, tháinig sé chun cinn mar dhuine de cheannródaithe na gluaiseachta ealaíne ar ar baisteadh an ealaín
choincheapúil. Tá aitheantas domhanda bainte amach aige i gcaitheamh na mblianta agus tá saothair leis sna gailearaithe is clúití ar fud na cruinne agus gradaim go leor bronnta air.

Cruthaíodh leagan Gaeilge de théacs Lawrence Weiner cheana nuair a bhí saothar leis mar chuid den taispeántas mór idirnáisiúnta ROSC sa Guinness Hopstore nua-chóirithe san ardchathair sa mbliain 1984.

B’in an chéad uair ar cuireadh ealaín leis ar taispeáint in Éirinn. Tá an saothar sin le feiceáil fós ar cheann de na ballaí taobh amuigh den Guinness Hopstore. Tá an taispeántas sa Kerlin Gallery ar an gcéad
taispeántas aonair leis sa tír seo le 28 bliain.

Mairfidh taispeántas Lawrence Weiner go dtí an Satharn 22 Bealtaine. Tá an taispeántas le feiceáil ar líne chomh maith ar an suíomh www.kerlingallery.com.

Fág freagra ar 'Taispeántas i nGaeilge agus Béarla ag duine de mhórealaíontóirí Mheiriceá'