Taispeántas faoi ‘Dhaonáireamh na Gaeltachta 1925’ ag an gComórtas Treabhdóireachta

Tá an taispeántas ‘An Ghaeilge agus Daonáireamh na Gaeltachta 1925’ á chur i láthair ag an gCartlann Náisiúnta in ollphuball na Roinne Cultúir ag an bhféile mhór thalmhaíochta

Taispeántas faoi ‘Dhaonáireamh na Gaeltachta 1925’ ag an gComórtas Treabhdóireachta

Beidh taispeántas ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta faoin suirbhé ar chainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht a rinneadh do Choimisiún na Gaeltachta i 1925. Tá an taispeántas ‘An Ghaeilge agus Daonáireamh na Gaeltachta 1925’ á chur i láthair ag an gCartlann Náisiúnta in ollphuball na Roinne Cultúir ag an bhféile mhór thalmhaíochta.

Deir an Roinn go dtabharfar léargas sa taispeántas ar “cheann de na caibidlí cultúrtha is suntasaí” i stair na Cartlainne Náisiúnta agus go ndéantar iniúchadh ann ar an gcaoi “ar tháinig polasaí, pobal, agus cultúr le chéile” le hoidhreacht agus dán na teanga “a mhúnlú”.

“Mholfainn go mór do gach duine freastal ar an taispeántas atá ag an gCartlann Náisiúnta faoi Dhaonáireamh na Gaeltachta 1925 le tuiscint nua agus tuiscint ar leith a fháil ar na hiarrachtaí luatha a rinne an Stát an Ghaeilge a chartlannú, a iniúchadh, agus a chaomhnú,” a dúirt an tAire Cultúir Patrick O’Donovan.

Rinneadh an suirbhé, ar a bhfuiltear anois ag tabhairt ‘Daonáireamh na Gaeltachta’, sa bhliain 1925 agus Coimisiún na Gaeltachta á bhunú le teorainneacha na Gaeltachta Oifigiúla a leagan amach.

Tá an tuarascáil a scríobh an Coimisiún, a bunaíodh ar an suirbhé, ar fáil le fada an lá ar shuíomh Thithe an Oireachtais. Níl fáil ag scoláirí ar na tuairisceáin ar ar bunaíodh an tuarascáil, áfach.

Bhí aon chontae dhéag i gceist leis an suirbhé, na contaetha ina bhfuil an Ghaeltacht oifigiúil anois chomh maith le cúig chontae eile – Ros Comáin, Tiobraid Árann, an Clár, Sligeach, agus Luimneach. Ba iad an Garda Síochána a thug faoin suirbhé i samhradh na bliana 1925.

Níos luaithe i mbliana dúirt an saineolaí daonáirimh Brian Gurrin le Tuairisc gur léir dó gur oibrigh na Gardaí a bhailigh an t-eolas agus na státseirbhísigh a réitigh an tuarascáil “go han-tapa” agus gur foilsíodh an tuarascáil an bhliain chéanna a ndearnadh an suirbhé.

Tharraing urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh ceist an tsuirbhé anuas sa Dáil níos luaithe i mbliana agus é ag iarraidh ar an gCartlann Náisiúnta na tuairisceáin ón suirbhé a lorg. Tá Ó Snodaigh den tuairim go bhfuil siad áit éigin sa Chartlann ach greim a fháil orthu. D’éiligh Ó Snodaigh ar an rialtas “an meas céanna a léiriú ar ‘Dhaonáireamh Gaeltachta 1925’ agus atá á léiriú ar ‘Dhaonáireamh 1926’.

Tá sé i gceist ag an rialtas na tuairisceáin ón daonáireamh a rinneadh ar fud an stáit i 1926 a fhoilsiú an bhliain seo chugainn, céad bliain ó bailíodh an t-eolas. Ba é Daonáireamh 1926 an chéad daonáireamh náisiúnta a rinneadh in Éirinn tar éis bhunú an tSaorstáit in 1921.

Tá an Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta ar siúl sa Screagán i dTulach Mhór i gcontae Uíbh Fháilí an tseachtain seo. Beidh taispeántas na Cartlainne Náisiúnta ar siúl ansin i mBloc 3, Sraith 14, i ‘Sráidbhaile Rialtas na hÉireann’.

Fág freagra ar 'Taispeántas faoi ‘Dhaonáireamh na Gaeltachta 1925’ ag an gComórtas Treabhdóireachta'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    An spéisiúil go bhfuil an taispeántas ‘An Ghaeilge agus Daonáireamh na Gaeltachta 1925’ á chur i láthair ag an gCartlann Náisiúnta ag an bhféile treabhadóireachta.

    Mar eolas siad na contaethe ina déanadh áireamh i 1925 ar líon na gcainteoirí Gaeilge ná Dún na nGall, Maigheo, Gaillimh, Corcaigh, Ciarraí, Port Láirge, An Clár, Ros Comáin, Sligeach, Tiobrad Árann agus Luimneach. Chomh fada agus is eol dom níor déanadh aon áireamh i gCo Lú. Aithníodh toghroinncheantar amháin i gCo Lú – Droim Mullach – le teacht faoi Scéim na dTithíochta Gaeltachta 1929, mar a athníodh roinnt toghroinncheantar i Liatrom (2 cheann) agus i gCabhán (3 chinn) chomh maith. Cé nár tugadh aitheantas Gaeltachta san ordú a déanadh i 1928 do aon cheantar i Luimneach ná i Ros Comáin, tháinig 6 DED i Luimneach agus 7 gcinn i Ros Comáin faoi Acht na dTithe Gaeltachta 1929.

    Tá níos mó eolais le fáil faoin Daonáireamh 1925 in alt liom i gComhar na míosa seo.