Táirgí deasa le haire a thabhairt do chraiceann leochaileach le linn an gheimhridh

Faoiseamh agus dea-shláinte molta le cúram ar leith a dhéanamh don aghaidh 

Táirgí deasa le haire a thabhairt do chraiceann leochaileach le linn an gheimhridh

Is fíor gur féidir le hathrú aimsire idir an samhradh agus an geimhreadh cur as do chraiceann an duine nó é a chur as a riocht. Is cinnte go bhfuil fuacht an gheimhridh linn le tamall anuas agus gálaí agus báisteach ina theannta.  Dá réir sin, tá sé tábhachtach go dtabharfaí aire ar leith don chraiceann leochaileach, go speisialta ar an aghaidh. Seans go bhfuil an scéal níos measa ná riamh i mbliana agus muid ar fad ag caitheamh clúdaigh aghaidhe go rialta.

Céard is ceart a dhéanamh le faoiseamh a thabhairt don aghaidh agus dea-shláinte a chur ar ais sa chraiceann?

Bheartaigh mé cleachtas nó nósmhaireacht bheag a bhreacadh síos agus táirgí maithe a mholadh don chúram seo do léitheoirí Tuairisc.ie

 

SA Smoothing Cleanser ó Cerave ar fáil i gcógaslanna na tíre ar €12.50

Seo glantóir aghaidhe simplí ach éifeachtach go háirithe dóibh siúd le goiríní ó bheith ag caitheamh clúdaigh aghaidhe. Níonn an t-aigéad salaicileach amach na póireanna go cumasach, rud a théann i ngleic leis na spotaí. Tá an ceann seo ar fheabhas do chuile aois, go háirithe do dhéagóirí.

 

Cica toner ó COSRX ag Feel Unique ar €29.64

Athraíonn go leor daoine an cineál maothóra a úsáideann siad ag an tráth seo bliana agus roghnaíonn siad ceann níos troime. Bíonn siad ag súil gur maothóir níos troime an leigheas ar an scéal ach go minic is ábhar hiodráitithe mar atá sa tonóir seo is mó a theastaíonn mar go súnn an aimsir fhuar an t-uisce ón gcraiceann.

Mholfainn an ceann seo a úsáid díreach tar éis d’aghaidh a ní, gan d’éadan a thriomú le tuáille. Mura bhféadfainn ach táirge amháin ón liosta seo a roghnú seo an ceann a phiocfainn.

 

10% Niacinamide Booster ó Paula’s Choice ag Space Nk ar €47

Is cinnte go bhfuil an séiream seo daor ach ní theastaíonn ach trí nó ceithre bhraon beag sa turas le cumas an chraicinn feidhmiú mar bhacainn a choinneáil teann agus sábháilte. Ag an tráth seo bliana má lagaíonn an cumas sin, is féidir leis an gcraiceann a bheith tirim, dearg agus tinn. Breathnaíonn an séiream seo cosúil le braoiníní uisce ach geallaim duit go bhfuil sé an-mhaith. Tá an ceann seo á úsáid agam féin le blianta.

 

Squalane + Omega Repair Cream ó Biossance ag Cult Beauty ar €58

Nuair a chuireann daoine ceist orm faoin maothóir is fearr ar fad don gheimhreadh, deirim i gcónaí go mbraitheann sin ar an mbuiséad atá le caitheamh acu air. Má tá neart airgid acu mholfainn i gcónaí an ceann seo ó Biossance. Is féidir é a chaitheamh san oíche agus i rith an lae le do chraiceann a choinneáil an-bhog agus hiodráitithe. Tá na comhábhair sa mhaothóir seo thar barr, go háirithe an ‘squalane’. Coinnigh súil ar shuíomh gréasáin an chomhlachta mar gur minic a thugann siad lascainí ar an bpraghas.

 

Soothe Bamboo Sun Essence ó Keep Cool ar YesStyle ar €21.55

Tá mise ar dhuine acusan a chreideann go láidir gur cheart go gcaithfeadh chuile dhuine fachtóir cosanta gréine gach lá den bhliain, fiú agus an aimsir fuar agus an ghrian i bhfolach orainn. Caithfear an craiceann a chosaint ó ghathanna ultraivialait. Tá an ceann áirithe seo chomh deas sin gur mór an pléisiúr é a chaitheamh. Ní chuireann sé cuma gheal ar d’aghaidh agus níl sé trom. Mholfainn an ceann éadrom seo do gach duine, is cuma an bhfuil a gcraiceann tirim nó olúil.

 

Reve De Miel Lip Balm ó NUXE ar fáil i gcógaslanna na tíre ar €11.95

Seo balsam béil atá thar a bheith éifeachtach ag coinneáil na liopaí hiodráitithe agus cosanta ó fhuacht na haimsire. Tá an ceann seo sách tiubh, rud a chiallaíonn go bhfanann sé ort ar feadh tamall an-fhada. Tá boladh álainn líomóide air freisin. Tá sé daor i gcomparáid le balsaim béil eile agus ní theastaíonn uait ach oiread na fríde.

 

Body Repair Lotion ó Garnier ar €5.72

Ní féidir dearmad a dhéanamh ar earraí cúram cnis don cholainn freisin ag an am seo bliana. Tá an t-uachtar seo ó Garnier iontach ar fad. An saineolaí cúram cnis Caroline Hirons is túisce a chonaic mé á mholadh seo agus tá mé á úsáid ó shin. Tá praghas an-réasúnta air agus maireann an buidéal ar feadh i bhfad. Agus sa mhullach air sin ar fad tá boladh aoibhinn go deo air.

Fág freagra ar 'Táirgí deasa le haire a thabhairt do chraiceann leochaileach le linn an gheimhridh'