Táimid ar imeall fhaill an Bhreatimeachta chrua agus gan aon phlean againn ach siúl linn…

Níl bunaíocht an stáit seo sásta aon phlé ceart a dhéanamh faoin mBreatimeacht crua atá ag bagairt orainn agus is cosúil nach bhfuil plean ar bith againn dá leithéid

Táimid ar imeall fhaill an Bhreatimeachta chrua agus gan aon phlean againn ach siúl linn…

Mark Carney. Pictiúr: Sebastian Derungs

Deir Gobharnóir Bhanc Shasana, Mark Carney, go bhfuil baol mór ann nach dtiocfaidh an Bhreatain agus an tAontas Eorpach ar chomhaontú roimh an mBreatimeacht.

Deir Aire Trádála na Breataine, Liam Fox, go bhfuil seans 60-40 ann nach dtiocfar ar chomhaontú, agus anois fiú tá tráchtairí agus polaiteoirí in Éirinn ag aontú gur dóichí gur mar sin a bheas.

Ach fós, agus muid ag siúl linn agus sinn dall ar imeall fhaill an Bhreatimeachta chrua, fiú ar uair na tubaiste féin níl bunaíocht an stáit seo sásta, nó níl siad in ann, aon phlé ceart a dhéanamh faoin scéal.

Céard iad na húdair imní, i bhfírinne, ag an tír seo? Céard iad na buntáistí más ann dóibh? Céard iad na roghanna atá againn?  Ní phléitear na ceisteanna seo, ach go himeallach i meáin na tíre seo.

I ndáiríre tá muid idir ord is inneoin: má tharlaíonn an Breatimeacht crua – agus is cosúil go dtarlóidh – beidh deacrachtaí as cuimse ann maidir le cuid mhór den trádáil a bhíonn ar bun againn leis an bpáirtnéir trádála is mó atá againn, Sasana. Ach má shocraítear an scéal trí ghéilleadh maidir le ceist na teorann, cá bhfágfaidh sé sin muid?

In ainneoin na ngeallúintí a tugadh dúinn, bíonn ceannlínte sna nuachtáin ar fud na hEorpa ag fógairt go bhfuil maolú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar a pholasaí i leith an chúlstop agus fiú Michel Barnier ag tabhairt le fios go mb’fhéidir go gcuirfí an plána mín ar an bpolasaí céanna.

Agus más Breatimeacht crua a bheidh i gceist céard atá i ndán dúinn ó thaobh na trádála leis an mBreatain agus cén tionchar a bheadh ag a leithéid sin ar an ngeilleagar i gcoitinne agus ar chás na teorann?

Ó thaobh na teorann de,  ní chreidim go gcuirfidh na Sasanaigh bacanna in airde: fágfaidh siad a leithéid faoin Aontas Eorpach féin.

Ach ní ghlacfaidh náisiúnaithe an Tuaiscirt, ar bhonn polaitiúil ná sóisialta, le hathbhunú teorainn rialaithe. Bheadh sé ionann is dodhéanta smacht a chur ar theorainn dá leithéid. Smuigleáil, agus b’fhéidir foréigean ag ionaid chustam, an toradh a d’fhéadfadh a bheith ar theorainn chrua.

Mar sin féin, níltear sásta an t-aon socrú ciallmhar ar an bhfadhb seo a áireamh – ’sé sin an teorainn eacnamaíochta a chur idir oileán na hÉireann agus an Bhreatain. Tá an rialtas in Westminster ag brath ar an DUP le fanacht in oifig agus tá an DUP glan in aghaidh aon socruithe den sórt sin.

Is mór an trua nach ndearna an rialtas i mBaile Átha Cliath mórán d’iarracht ‘teorainn ar muir’ a mholadh go poiblí, ach ní dhearna mar gurbh fhearr leo a bheith ag brath ar Choimisiún na hEorpa – an Coimisiún céanna, b’fhéidir, atá ar tí muid a dhíol amach.

Tá pé seans a bhí ann díospóireacht faoi seo a chothú i Sasana féin imithe toisc nach raibh sé de mhisneach ag Rialtas dúshlán na n-aontachtaithe a thabhairt is toisc gur chreid siad go bhféachfadh an tAontas chuige go mbeadh gach rud i gceart ag deireadh an lae.

Ceist eile is ea cúrsaí trádála. ’Sí an Bhreatain an tír is mó ó thaobh trádála le hÉirinn de, agus tá tábhacht ar leith ag baint le bia is earraí talmhaíochta: 40% dár gcuid easpórtálacha bia is go Sasana a théann siad.

Dá mbeadh Breatimeacht crua ann d’fhéadfadh an Bhreatain táillí 50% a chur ar easpórtálacha bia.

Ní fhéadfadh muid dul i gcomórtas leis sin, ach amháin ar ndóigh go mbeadh tíortha eile de chuid an Aontais Eorpaigh ag íoc na dtáillí céanna.

Earnáil na mairteola is mó a bheadh i gcontúirt, mar tá an Bhrasaíl agus an Airgintín ag cnagadh ar dhoras na Breataine cheana féin ag súil lena gcuid mairteola a dhíol.

Beidh fadhbanna eile a bhaineann le rátaí malartaithe airgeadra i gceist, ach ba chóir go socródh na fadhbanna sin síos nuair a fheicfidh muid an Breatimeacht i ndáiríre.

Sa bhfadtéarma, áfach, agus an Bhreatain ag lorg bia ó thíortha eile nach bhfuil san AE,  déanfar dochar mór dúinn.

Níl ach dhá fhreagra soiléir ann: margaí nua a aimsiú, rud nach mbeidh éasca, nó comhaontú trádála a lorg leis an mBreatain – céim a chuirfeadh leis an riachtanas maidir le socrú nua a dhéanamh leis an AE féin.

Níl comhartha dá laghad ann go bhfuil an rialtas nó aon cheann de na páirtithe sa Dáil sásta fiú smaoineamh faoina leithéid. An amhlaidh go bhfuil siad ag fanacht go rachaidh earnáil an bhia go tóin poill?

Dúirt Pascal Lamy, iarstiúrthóir na hEagraíochta Domhanda Trádála, go mbeadh cúnamh airgid as cuimse ag teastáil ón tír seo i gcás an Bhreatimeachta chrua.

Tá an ceart aige.

Ach aon duine a chreideann go mbeadh an AE, nó na ballstáit in oirthear na hEorpa, sásta an méid sin airgid a chur ar fáil dúinn, tá sé nó sí as a meabhair.

Fág freagra ar 'Táimid ar imeall fhaill an Bhreatimeachta chrua agus gan aon phlean againn ach siúl linn…'

  • Críostóir Ó Faoláin

    Cad ina thaobh go mbíonn daoine ag iarraidh an bréag seo a chur chun cinn? Ní hiad an Ríocht Aontaithe an pairtnéir trádála is mó atá againn, tá siad sa tríú háit, cuid mhaith taobh thiar de na Stáit Aontaithe agus an chuid eile den AE. Bhí Sasana ag barr an líosta tráth dá raibh, ach tá an lá sin thart le fada. Nílimid chomh spléach sin ar mharagadh Sasana is a bhíomar, buíochas le Dia.

  • Críostóir Ó Faoláin

    Agus an scéal sin maidir le maolú ar seasamh na hEorpa ar an gcúlstop, go bhfios dom is é foinse an scéal úd ná MEP de chuid UKIP. Cad é an Gaeilge ar Fake News?

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Tiocfaidh do phardún ón bPápa is ón Róimh anoir
    ‘S ní spárálfar fíon Spáinneach ar mo Róisín Dubh.

  • Eoin Ó Murchú

    Ar dtúis, díolann muid níos mó le Sasana nó le haon cheann de thíortha an AE. Sin fíric. Díolann muid 40% dár gcuid earraí talmhaíochta thar lear le Sasana, earraí mairteola ach go háirithe. Sin fíric eile. Sa tríú háit, ní ó UKIP a thagann an scéal faoi Barnier ag maolú a líne i dtaobh an chúlstop. ach ó mhórmheáin na hEorpa, an Financial Times ina measc.
    Cén fáth nach féidir le eorafanataicigh deighleáil le hargóintí a bhfuil a mbunús aitheanta go forleathan?

  • Donncha Ó hÉallaithe

    ‘Cén fáth nach féidir le eorafanataicigh deighleáil le hargóintí a bhfuil a mbunús aitheanta go forleathan’ a fhiosraíonn Eoin. Ní dóigh liom, Eoin, go bhfuil ‘bunús aitheanta go forleathan’ ag do chuid argóintí, leis an fhírinne a inseacht, seachas i measc an DUP, Front National Le Pen sa Fhrainc, an AFD sa Ghearmáin. UKIP sa Bhreatain agus ar ndóigh an Páirtí Cumannach in Éirinn agus sa Bhreatain, le dream ar an eite chlé a lua.

    Tá tú ar an taobh céanna leis na páirtithe polaitíochta is faide ar dheis san AE atá ag iarraidh go dtitfidh an AE as a chéile. Is bollscaireacht a bhíonn ar bun agat seasta ar Tuairisc.ie don tionscadail frith Eorpach, atá tú ag brú seasta. Más cuimhneach liom i gceart bhí tú ar son an Bhreatimeacht chrua – an UK taobh amuigh den margadh aonair agus don aontas custaim – cé go raibh mórán chuile dhuine aontaithe gur droch rud don tír seo, thuaidh agus theas a bheadh ann.

    Ceapaimse gur cuma leat i ndáiríre faoin dochar a dhéanfaidh an Breatimeacht do eacnamaíocht na tíre seo, mar gur tábhachtaí leat go dtitfeadh an AE as a chéile ná aon cheo eile. Seans go bhfuil díomá ort go bhfuil tíortha an AE ag seasamh go láidir le chéile. Ba mhaith leatsa go dtiocfadh an stát seo ar ‘solo run’, mar ba bhreá leat dá leanfadh muid an Bhreatain an doras amach as an AE!