Táimid ar ais i ndomhan aduain Villeneuve agus Herbert – agus is fearr an turas seo

Ach oiread le scannáin leantacha cháiliúla eile éiríonn le ‘Dune: Part Two’ an fear maith a fháil ar a réamhtheachtaí

Táimid ar ais i ndomhan aduain Villeneuve agus Herbert – agus is fearr an turas seo

...
Dune: Part Two
Stiúrthóir: Denis Villeneuve
Cliar: Timothée Chalamet, Zendaya, Javier Bardem, Stellan Skarsgård, Rebecca Ferguson, Josh Brolin, Austin Butler, Dave Bautista, Florence Pugh, Christopher Walken, Charlotte Rampling, Léa Seydoux, Anya Taylor-Joy/
...

Gach aon ghlúin nó mar sin ó na seachtóidí i leith bhí tríológ fantaisíochta againn a chuir an lucht féachana faoi dhraíocht. Sna seachtóidí agus i dtosach na n-ochtóidí bhí spásdráma Star Wars againn agus i dtosach na mílaoise bhain Tríológ na bhFáinní stangadh asainn. Anois tá Dune againn. Trí bliana ó shin ní raibh éinne ag súil leis an ngaisce a dhéanfadh an chéad ghála ach d’éirigh le léamh Denis Villeneuve ar shaothar aduain Frank Herbert ó 1965 an lucht féachana a mhealladh.

Ghnóthaigh sé sé dhuais Oscar, a bhformhór sna rannóga teicniúla. Níorbh fhada gur ceadaíodh an dara gála. Ach oiread le scannáin leantacha cháiliúla eile éiríonn le Dune: Part Two an fear maith a fháil ar a réamhtheachtaí.

Fillimid ar dhomhan coimhthíoch Arrakis. Teaghlach uasal Atreides curtha de dhroim seoil ag muintir Harkonnen. Na cosa tugtha leo ar éigean ag Paul (Chalamet) agus a mháthair Jessica  (Ferguson). Tearmann tugtha ag bundúchasaigh an phláinéid, na Fremen, dóibh. I radharc draíochtúil, corraitheach i dtosach an dara scannáin címid iad ag teitheadh agus ag troid lena gcomhghleacaithe nua.

Tá Paul ag iarraidh a thoil a chur lena chinniúint. Fear tuisceanach, calma, misniúil é ach is duine uaillmhianach é lena chois sin agus fonn díoltais á thiomáint. Tá an drochfhabht ann. Gaol rómánsúil á chur sa tsiúl idir é agus Chani (Zendaya). Dá fheabhas é Chalamet crochann Zendaya go leor radharcanna léi, a calmacht agus a diongbháilteacht le feiscint ina cuntanós. Éiríonn le Butler gaisce a dhéanamh leis an mbithiúnach scanrúil Feyd-Rautha. Go deimhin tá meascán mearaí de charachtair, idir nua agus sean, á raideadh os ár gcomhair agus is beag lorg a fhágann cuid mhaith acu.

Tá impire, Christopher Walken, againn mar aon lena iníon atá á léiriú ag Pugh. Tá Anna Taylor agus Léa tagtha agus imithe i bhfaiteadh na súl. Leis an iliomad carachtar agus eachtraí taibhsíodh dom ar uairibh go mb’fhéidir go mba cheart múnla na dtríológ (múnla Star Wars agus na bhfáinní) a bheith leanta, bhí rudaí ábhairín rófháiscthe. Rud eile a chuir as dom ná go gcuaigh an dríodar cainte faoi bhfáidhiúlacht sa bhfraoch agus chun leadráin.

Tá Paul agus a mháthair ag tochas ar a gceirtlín féin cé go bhfuil gean acu ar na Fremen. Is tragóid é an scéal seo agus tá a fhios againn nach í an chríoch shona atá i ndán dúinn. Déantar an cíoradh carachtair seo ar fad a nascadh le míreanna aicsin den scoth.

Arís eile tá na maisiúcháin ar fheabhas agus cuirtear an domhan ar leith seo ina steillbheatha os ár gcomhair.

Lena chois sin baineann fuaimrian tormánach Hans Zimmer creathadh as do shuíochán. Scannán é seo ar cheart féachaint air sa phictiúrlann.

Cloch mhíle eile i seánra na fantaisíochta agus an fhicsin eolaíochta agus níl a dheireadh feicthe fós againn óir go bhfuiltear ag caint faoi leabhar eile Herbert a thabhairt chuig an scáileán mór.

Beidh ár dtríológ againn go fóill.

Fág freagra ar 'Táimid ar ais i ndomhan aduain Villeneuve agus Herbert – agus is fearr an turas seo'

  • jpmorley0@gmail.com

    Is maith liom nár tarraingíodh anuas an ainspiantacht gháifeach atá ar siúl thall i gCoill a’ Chuilinn ar an ardán seo…go fóill ar aon chuma.