‘Táimid an-bhuíoch nach bhfuil muid inár n-aonar’ – buíochas gafa ag Zelensky as tacaíocht na hEorpa

Bhí an tUachtarán Zelensky ag labhairt sa mBruiséil agus cainteanna speisialta ar bun chun an cogadh san Úcráin agus cúrsaí cosanta san Eoraip a phlé

‘Táimid an-bhuíoch nach bhfuil muid inár n-aonar’ – buíochas gafa ag Zelensky as tacaíocht na hEorpa

Tá buíochas gafa ag Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky as an tacaíocht atá léirithe ag an Aontas Eorpach dá thír sa gcogadh in aghaidh na Rúise.

Bhí an tUachtarán Zelensky ag labhairt sa mBruiséil agus cainteanna speisialta ar bun ansin chun an cogadh san Úcráin agus cúrsaí cosanta san Eoraip a phlé.

“Táimid an-bhuíoch nach bhfuil muid inár n-aonar. Agus ní caint amháin atá anseo,” a dúirt Zelensky. “Tá sé an-tábhachtach gur thug sibh teachtaireacht láidir do phobal na hÚcráine.”

Chuir Uachtarán Choimisiún na hEorpa, Ursula von der Leyen, agus Uachtarán Chomhairle na hEorpa, António Costa, fáilte roimh Zelensky ar maidin ag tús na gcainteanna ag a mbeidh ceannairí an 27 tír san AE i láthair.

Dúirt von der Leyen go raibh an Eoraip agus an Úcráin ag pointe cinniúnach faoi láthair.

“Tá contúirt shoiléir roimh an Eoraip faoi láthair, agus dá bharr caithfidh an Eoraip a bheith in ann í féin a chosaint agus a choinneáil sábháilte, agus caithfimid an Úcráin a chur sa gcaoi go mbeidh sí in ann í féin a chosaint agus gach iarracht a dhéanamh le síocháin bhuan agus chóir a bhunú sa tír,” a dúirt sí.

Tagann na cainteanna cúpla lá tar éis do Stáit Aontaithe Mheiriceá a fhógairt go raibh siad le stop a chur leis an gcúnamh míleata a chuirtear ar fáil don Úcráin sa gcogadh in aghaidh na Rúise. Dheimhnigh an CIA inné nach rabhthas le faisnéis a roinnt leis an Úcráin a thuilleadh.

Cuireadh deireadh leis an tacaíocht i ndiaidh cruinniú teasaí a bheith ag Zelensky le hUachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Donald Trump an tseachtain seo caite.

Cé go gceaptar go dtabharfar faoi phlean chun go gcuirfeadh an tAE níos mó tacaíochta míleata ar fáil don Úcráin

ag na cainteanna atá ar bun sa mBruiséil, tá súil ann chomh maith go meallfar Stáit Aontaithe Mheiriceá chun tacaíocht a chur ar fáil arís.

“Caithfimid a chinntiú ar bhealach stuama críonna go mbeidh tacaíocht na Stát Aontaithe ar fáil arís sna míonna agus sna blianta seo romhainn, mar tá an Úcráin ag brath ar a dtacaíocht sin freisin chun í féin a chosaint,” a dúirt Seansailéir na Gearmáine Olaf Scholz.

Dúirt Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, go mbeadh an Fhrainc sásta a cuid arm núicléach a thairiscint dá comhghleacaithe san Eoraip.

“Bagairt is ea an Rúis anois don Fhrainc agus don Eoraip … ba sheafóideach an mhaise dúinn sin a fheiceáil… agus gan faic a dhéanamh,” a dúirt Macron i gcraoladh teilifíse aréir.

“Ba mhaith liom a chreidiúint go seasfaidh na Stáit Aontaithe linn. Ach caithfimid a bheith faoi réir murar amhlaidh a bheidh.”

Is ag an bhFrainc agus ag an mBreatain amháin atá cumhacht núicléach san Eoraip.

Fág freagra ar '‘Táimid an-bhuíoch nach bhfuil muid inár n-aonar’ – buíochas gafa ag Zelensky as tacaíocht na hEorpa'