‘Táimid an-bhródúil a bheith ag déanamh ionadaíochta ar ár dtír agus ár dteanga’ – ‘An Cailín Ciúin’ roghnaithe do na Oscars

Seo an tríú bliain as a chéile a bhfuil scannán Gaeilge a rinneadh faoin scéim Cine4 roghnaithe ag IFTA sa rannóg don scannán idirnáisiúnta is fearr

‘Táimid an-bhródúil a bheith ag déanamh ionadaíochta ar ár dtír agus ár dteanga’ – ‘An Cailín Ciúin’ roghnaithe do na Oscars

An Cailín Ciúinan fadscannán Gaeilge is fearr ar éirigh leis riamh ag oifig na dticéad in Éirinn agus sa Bhreatain, roghnaithe ag IFTA le dul in iomaíocht ar son na hÉireann do na gradaim Oscar i mbliana.

Seo an tríú bliain as a chéile a bhfuil scannán Gaeilge a rinneadh faoin scéim Cine4 roghnaithe ag IFTA don rannóg don scannán idirnáisiúnta is fearr.   Ba é Foscadh, leagan corraitheach d’úrscéal le Donal Ryan, The Thing About December a roghnaigh IFTA anuraidh agus ba é Arracht, an scéinséir faoin Ghorta Mór, a roghnaíodh do na gradaim in 2020.

Beifear ag súil anois go rachaidh An Cailín Ciúin céim níos faide agus áit a fháil ar an ngearrliosta d’ainmniúcháin na ngradam a bheidh ar siúl in Los Angeles i mí an Mhárta seo chugainn. Fógrófar na gearrliostaí do na gradaim mí na Nollag.

Ó cuireadh amach i lár mhí na Bealtaine é, os cionn €800,000 a ghnóthaigh An Cailín Ciúin, an chéad fhadscannán ag Colm Bairéad, ag oifig na dticéad.

Léirmheasanna cúig réalta ó nuachtáin in Éirinn agus i Sasana a fuair an scannán teacht in aois ina dtéann cailín óg chun cónaí lena gaolta faoin tuath fad is atá a máthair ag súil.

‘Míorúilt bheag de scannán” a thug léirmheastóir Tuairisc air.

Chomh maith leis sin, tá go leor duaiseanna buaite ag An Cailín Ciúin, ina measc ocht ngradam IFTA, An Grand Prix agus Duais Speisialta an Ghiúiré Idirnáisiúnta sa Roinn ‘Generation KPlus’ ag an Berlinale, Féile Scannán Bheirlín, Gradam Lucht Féachana Virgin Media, agus duais don Scannán is Fearr as Éirinn ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath.

Dúirt scríbhneoir agus Stiúrthóir An Cailín Ciúin, Colm Bairéad, agus Léiritheoir an scannáin, Cleona Ní Chrualaoi ó Inscéal, gur   mór an “onóir” dóibh go bhfuil An Cailín Ciúin roghnaithe mar iontráil na hÉireann do na 95ú Gradaim Oscar agus ghabh siad buíochas ó chroí le IFTA, TG4, Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann.

“Chreideamar i gcónaí sa smaoineamh go bhféadfadh scannán Gaeilge seasamh gualainn ar ghualainn le scoth na scannánaíochta domhanda agus mothaímid chomh bródúil as a bheith ag déanamh ionadaíochta thar ceann ár dtíre agus ár dteanga ar an mbealach seo.”

Dúirt an stiúrthóir agus an léiritheoir gur mhór an phribhléid é Foster, an leabhar le Claire Keegan ar a bhfuil An Cailín Ciúin bunaithe, a chur in oiriúint don scáileán mór.

Ghabh Mary Ellen Ní Chualáin, Bainisteoir Coimisiúnaithe TG4, comhghairdeachas ó chroí le Inscéal agus le gach duine a raibh baint acu leis an saothar.

“Tá An Cailín Ciúin tar éis dul i bhfeidhm go mór ar gach duine a bhfuil sé feicthe acu go dtí seo, anseo sa mbaile agus ar lucht féachana ar fud an domhain sa mBreatain, san Eoraip, sa Nua-Shéalainn, sa Téaváin agus san Astráil.  Is léir go bhfuil ag éirí le scéim Cine4 tionscal scannán na Gaeilge a fhorbairt agus tá TG4 thar a bheith bródúil as sin.”

Dúirt Máire Ní Chonláin, Léiritheoir Feidhmiúcháin TG4 gur “de bharr fís agus tallann na beirte, Colm agus Cleona” a roghnaíodh  An Cailín Ciúin mar iontráil na hÉireann do na Oscars.

“Tá seoid de scannán cruthuithe acu, agus scoth na n-aisteoirí agus criú iontach páirteach ann. Tá sé tuillte ag gach duine díobh. Tréaslaím a n-ainmniúchán leo.  Go maire siad a nuacht.”

Fág freagra ar '‘Táimid an-bhródúil a bheith ag déanamh ionadaíochta ar ár dtír agus ár dteanga’ – ‘An Cailín Ciúin’ roghnaithe do na Oscars'

  • Dónall Mac Billing(s)

    ***********************************************************************************
    ***********************************************************************************
    Comhghairdeachas agus saol fada agaibh uilig as an obair iontach cruithíoch seo ar son na teanga.

    Labhair í agus mairfidh sí.

    Is mise meas,
    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059

    An Ghaeltacht,
    Príosún Phort Laoise
    Bloc E

  • Pól Ó Braoin

    Ar mo liosta rudaí le déanamh an scannán sin a fheiceáil. Déarfainn go ndéanfaidh sé thar cionn mar dvd.
    Comhghairdeachas ó chroí leo uilig.