Taighdeoirí á lorg chun ‘cás láidir’ a dhéanamh do Lárionad Gaeilge i nGaillimh

Tá staidéar á choimisiúnú ag Gaillimh le Gaeilge chun ‘bunús a leagan síos’ do Lárionad Cultúrtha Gaeilge nua i gcathair na Gaillimhe

Taighdeoirí á lorg chun ‘cás láidir’ a dhéanamh do Lárionad Gaeilge i nGaillimh

Tá taighdeoirí á lorg chun “cás láidir” a dhéanamh do thógáil Lárionaid Cultúrtha Gaeilge i gcathair na Gaillimhe.

Tá staidéar á choimisiúnú ag Gaillimh le Gaeilge chun an cás a dhéanamh do thógáil lárionaid nua agus chun “bunús a leagan síos” dá leithéid d’fhorbairt.

Táthar ag iarraidh go ndéanfaí “anailís mhionsonraithe” ar a mbeadh ag teastáil chun lárionad Gaeilge a thógáil.

Tá sé i gceist go mbunófaí Staidéar Féidearthachta ar an anailís sin.

Táthar ag iarraidh go leagfadh iarratasóirí amach an fhís a bheadh acu don ionad agus go ndéanfaí scagadh ar thrí ionad cultúrtha eile dá leithéid, in Éirinn nó thar lear.

Táthar ag iarraidh chomh maith go bpléifí “tairbhe an togra don Ghaeilge agus don gheilleagar chomh maith leis an tairbhe chultúrtha agus shóisialta do mhuintir na Gaillimhe, mar aon leo siúd a thagann ar cuairt go Gaillimh ó áiteanna eile sa tír agus thar lear agus a bhfuil suim ar leith acu i nGaeilge nó i mionteangacha”.

Táthar ag iarraidh go dtaispeánfaí an tionchar a bheadh ag an Lárionad Cultúrtha Gaeilge “ar stádas oifigiúil” na cathrach mar chathair dhátheangach agus mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta.

Tá coimisiúnú an staidéir faoin lárionad i measc na mbeartas atá i bPlean Teanga Chathair na Gaillimhe 2020-2026 agus €50,000 an costas measta atá luaite leis an obair.

Fógraíodh i mí Aibreáin 2018 go gcaithfí €13 milliún den €178 milliún a bhí luaite le cúrsaí Gaeilge sa phlean forbartha náisiúnta ar lárionaid nua Ghaeilge a thógáil.

Gealltar sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge go ndéanfaí “ionaid fhisiciúla acmhainní” a fhorbairt i lár Bhaile Átha Cliath agus in “áiteanna móra uirbeacha eile” sa stát, ach níl tús curtha le haon togra dá leithéid faoin straitéis ó seoladh í in 2010.

Luaitear amharclanna, siopaí caifé, bialanna, siopaí leabhar, agus oifigí d’eagraíochtaí Gaeilge, chomh maith le seomraí cruinnithe, comhdhála agus taispeána ar na háiseanna a d’fhéadfadh a bheith ar fáil sna hionaid seo.

Fág freagra ar 'Taighdeoirí á lorg chun ‘cás láidir’ a dhéanamh do Lárionad Gaeilge i nGaillimh'