Taidhleoir Rúiseach le díbirt as Baile Átha Cliath agus Éire ‘ag seasamh’ leis an mBreatain

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha go raibh Ambasadóir na Rúise ar an eolas faoin scéal go raibh creidiúniú duine dá fhoireann á chur ar ceal

Taidhleoir Rúiseach le díbirt as Baile Átha Cliath agus Éire ‘ag seasamh’ leis an mBreatain

Tá sé dearbhaithe ag an Rialtas go ndíbreofar as an tír taidhleoir de chuid na Rúise mar thoradh ar an ionsaí néargháis i Salisbury.

Dúirt an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney go raibh Ambasadóir na Rúise chun na hÉireann ar an eolas faoin scéal “go raibh creidiúniú duine dá fhoireann a bhfuil stádas taidhleoireachta aige á chur ar ceal”. Ní bheidh rogha ag an duine sin ach an tír a fhágáil.

Dúirt an Tánaiste gurbh ionann an t-ionsaí i Salisbury agus “masla do chóras na rialacha idirnáisiúnta ar a bhfuil muid ar fad ag brath chun a bheith slán sábháilte”.

Dúirt Coveney gur chóir do bhallstáit uile an Aontais Eorpaigh “seasamh gan cheist” leis an Ríocht Aontaithe.

17 taidhleoir creidiúnaithe atá ag an Rúis in Éirinn chomh maith le foireann tacaíochta.

Fágann an cinnneadh an taidhleoir a dhíbirt go bhfuil Éire anois i measc roinnt tíortha eile atá ag seasamh leis an mBreatain maidir le cás Sergei Skripal agus a iníne a ndearnadh ionsaí orthu i Salisbury Shasana níos túisce an mhí seo.

Mar thoradh ar an ionsaí sin, tá os cionn 100 taidhleoir ar fad de chuid na Rúise díbeartha ag 16 tír san AE, ag Stáit Aontaithe Mheiriceá, ag Ceanada agus ag an Astráil.

Meastar gurb é seo an ráig is mó de dhíbirtí taidhleoirí Rúiseacha ó bhí an Cogadh Fuar in airde láin.

Dúirt Ambasadóir na Rúise chun na hÉireann, Yury Filatov, gur beart “díchéillí agus údar achrainn” é díbirt na dtaidhleoirí.

Meastar anois go ndéanfaidh an Rúis gníomh díoltais gan mhoill agus go ndíbreoidh siad taidhleoirí as tíortha eile.

Maíonn an Rúis nach raibh aon bhaint acu leis an ionsaí ar Sergei Skripal.

Fág freagra ar 'Taidhleoir Rúiseach le díbirt as Baile Átha Cliath agus Éire ‘ag seasamh’ leis an mBreatain'

  • Luke Callinan

    Díth céille bréagchráifeach… Níor tugadh bata ‘s bóthar do thaidhleoir de chuid na Breataine anseo in ainneoin bhuamaí BÁC/Mhuineacháin agus blianta fada den chlaonpháirteachas idir fórsaí an Stáit agus paraimíleataigh dhílseacha ó thuaidh.

  • Aindrias

    Agus is mór an náire. Stráitéis de chuid na gCaomhánach i Sasana í seo chun ceannaireacht agus ceannródaíocht a choimeád san Eoraip trí NATO tar éis dóibh an t-Aontas Eorpach a dh’fhágaint. Má chothaítear an eagla so roim na Rúisigh, méadaíonn cumhacht agus údarás na Sasanach go hidirnáisiúnta. Tá an éisteacht chéann uathu is a bhí acu le linn an Chogaidh Fhuair. Níl aon chruthúnas in aon chor tugtha fós gurb iad na Rúisigh a d’ionsaigh Skripal is a iníon, agus níl againn ach ráitisí ó pholaiteoirí go bhfuil cáil an bhréagadóra orthu le blianta (Johnson go háirithe).

    Canathaobh go bhfuil ár rialtas agus rialtaisí an Iarthair ag tabhairt chréidiúna d’Fheidhmeannas na Sasanach air seo? Mar go n-oireann sé dóibh agus mar go dtugann sé seans do pholaiteoirí a bheith tírghrách agus iad ag maíomh go bhfuilid ag cosaint na tíre roim an mBéar Rúiseach.

  • Carraig53

    Déanann Coveny et al talamh slán de ciontacht na Rúise is gan aon fhianaise dheimhneach chríochnúil fachta acu chuige sin ó na Breatnaigh ná ó aon taobh eile? Bítear ag méileach faoi reacht is reachtaíocht idirnáisiúnta mar bhonn leis an gcinneadh meata seo? Tláithmheon an sclábhaí arís.

  • Fearn

    Seo an focal is lú a d’fhéadfadh Éire dhéanamh mar rabhchán i gcoinne mianta is modha Phúitín ( seachas An Rúis). Tá go leor fianaise go bhfuil dochar i bPúitín, cé’s móite den fhaillmharú seo.

    Más mian le hÉire bheith ar na boic mhóra, agus an tIarthar ag gníomhú in aonchoirp, nach bhfuil seans aici sleamhnú isteach anois ar liútáil?

    Ach tharis sin, tá meas agam ar an NuaShéalainn a mhaígh nach raibh spiaire Rúiseach acu a gcuirfeadh siad abhaile!

  • Murchadh

    Botún tromchúiseach é glacadh le focal rialtais na Breataine i leith na Rúise, fiú mura bhfuil ann ach gléas chun na Sasanaigh a chur ar a suaimhneas nach lucht imris muid maidir leis an mBreatimeacht.
    Níl aon fhianaise ann i gcoinne na Rúiseach. Maoímh go bhfuil a leithéid ann nuair nach amhlaidh atá, léiríonn an cur chuige sin gur cuspóir gan lua an t-uisce faoi thalamh ag na Sasanaigh – agus ag lucht ECAT i gcoitinne.
    Tréas in aghaidh ár neodrachta an beart seo; is náireach an cinneadh é, agus is náireach faoi dhó tacaíocht Fhianna Fáil.

  • Gabriel Rosenstock

    Tá gá le taidhleoirí. Níor mhiste cuid de na polaiteoirí a dhíbirt.