Tagairt do ghluaiseacht na Gaeilge agus an National Rifle Association ‘maslach’ agus ‘tútach’ – Uachtarán Chonradh na Gaeilge

Tá freagra tugtha ag Uachtarán Chonradh na Gaeilge ar cholún de chuid an tráchtaire Eamon Delaney ina ndearna sé comparáid idir gluaiseacht na Gaeilge agus an NRA, an brúghrúpa ar son na ngunnaí sna Stáit Aontaithe

Tagairt do ghluaiseacht na Gaeilge agus an National Rifle Association ‘maslach’ agus ‘tútach’ – Uachtarán Chonradh na Gaeilge

Tá cáineadh géar déanta ag Uachtarán Chonradh na Gaeilge Niall Comer ar an chomparáid a rinne an tráchtaire Eamon Delaney i gcolún san Irish Independent idir gluaiseacht na Gaeilge agus an NRA, an brúghrúpa ar son na ngunnaí sna Stáit Aontaithe.

Sa cholún dá chuid a foilsíodh an tseachtain seo caite, dúirt Delaney gur ceart ábhar roghnach a dhéanamh den Ghaeilge ag leibhéal na hArdteiste ach mhaígh sé nach dtarlódh a leithéid toisc Fine Gael agus go háirithe Fianna Fáil, a bheith ‘i ngreim daingean ag brúghrúpa na Gaeilge’.

“It is like the National Rifle Association in the US. No politicians dare cross this cranky lobby and so we persist with the idea, for example, that the Gaeltacht areas are bigger than they actually are, or that Irish is a working language at the EU”, a scríobh an colúnaí agus an t-údar aitheanta.

Chuir Delaney fáilte roimh na hathruithe atá le déanamh ar chóras na ndíolúintí Gaeilge a d’fhógair an Roinn Oideachais an tseachtain seo caite, athruithe “faoina gceadófaí níos mó díolúintí” dar leis.

Dúirt sé nach leor an beart sin áfach, agus gur chóir éileamh a dhéanamh “deireadh ar fad” a chur leis an Ghaeilge mar ábhar éigeantach.

“Ireland is now a multi-cultural and diverse society, thankfully, and the days of a narrow definition of nationality are gone. It is about choice. And if the Irish language movement was confident of itself, and of what it represents, it would readily accept this,” a scríobh Delaney ina cholún.

Chuir Uachtarán Chonradh na Gaeilge a mhíshástacht in iúl ar na meáin shóisialta faoin mhéid sin agus cháin sé go géar an tagairt a rinne Delaney don NRA agus do ghluaiseacht na Gaeilge, “comparáid mhaslach”, dar leis.

“Seo chugainn arís é, ionsaí bliantúil/débhliantúil ar an Ghaeilge sa chóras oideachais in Éirinn. Eamon Delaney an iarraidh seo, Kevin Myers don ré nua. Is sothuartha fadálach agus leamh liosta na ndaoine seo ar mhian leo ceist na teanga a úsáid chun aird a tharraingt orthu féin,” a scríobh Niall Comer i bpostáil a roinn sé ar Facebook.

“Tagairt an-tútach go deo” a bhí sa mhéid a dúirt Delaney faoin NRA “go háirithe agus an líon mór daoine a maraíodh le gairid thall,” a deir Comer.

Mhaígh Comer nárbh é seo an chéad uair Conradh na Gaeilge a bheith maslaithe agus dúirt sé gur tugadh ‘Taliban na Gaeilge’ agus ‘Sceimhlitheoirí teanga’ orthu cheana.

Dúirt Cuan Ó Seireadáin, Coimeádaí Chonradh na Gaeilge, i bpostáil a roinn sé ar na meáin shóisialta nach raibh sé ar bhealach ar bith ceart, go luafaí le chéile díograiseoirí chultúr na tíre agus “enablers of mass murders”, agus gan ach seachtain ann ó rinne gunnaí sléacht marfach sna Stáit Aontaithe. 

Fág freagra ar 'Tagairt do ghluaiseacht na Gaeilge agus an National Rifle Association ‘maslach’ agus ‘tútach’ – Uachtarán Chonradh na Gaeilge'

  • Gabriel Rosenstock

    Dá mbeadh raidhfil agam!!!

  • An Fiach Liath

    Béarlóir faoi sceimhle ag Gaeilgeoirí a bheith ag tarraingt anála! An créatúr bocht.

  • Ciarán Ó Fátharta

    Ba choir an t-agallamh a thug Colm O’Rourke do Thuairisc.ie (an leagan Béarla di) a chuir chuig an “sean rag” go pháipéar sin a mbíonn Delaney ag scríobh a chuid smaointe cainteach amaideacha ann. Caitheann leithéidí Delaney na blianta fada ar scoil agus fos ní bhíonn nil siad ábalta an Ghaeilge a labhairt na a scríobh, fiú amháin an t-asal sa ngarraí má chloiseann sé ordaithe i nGaeilge sách minic tuigfidh sé ceard a bheas duine a rá leis tar eis tamall an ghairid, agus dá mbeadh an t-asal ceanna ag foghlaim na Gaeilge an t-achar ama agus a bhíonn daoine sa tír seo bheadh náire air mura mbeadh sé ábalta i a labhairt.