Is gearr ó iarradh orm roinnt scéalta a inseacht faoi Phádraig Mac Piarais in Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh i Ros Muc. Cuid a bhí ann de Scoil Samhraidh an Phiarsaigh a d’eagraigh Comhairle Chontae na Gaillimhe.
Ar ndóigh d’inis mé faoin gcaoi ar tháinig sé go Ros Muc an chéad uair i 1903. Le scrúdú a chur ar dhaltaí a d’fhéadfadh a bheith feilteach le bheith ina múinteoirí Gaeilge a cuireadh anuas as Baile Átha Cliath é.
Tógadh an teachín dó os cionn Loch Eileabhrach [Loch Oiriúlach] cúpla bliain ina dhiaidh sin. Bhíodh sé ag iarraidh snámh a fhoghlaim sa loch agus rópa ceangailte ag a dheartháir Liam air.
Dúirt ollamh ollscoile uair amháin nach ndéanadh an Piarsach aon dánacht ar mhuintir na háite. A mhalairt ar fad a bhí fíor. Is cosúil go mbíodh sé mall go maith ag éirí ar maidin scaití de bharr go mbíodh píosa mór den oíche caite aige ag cuartaíocht i dtithe an cheantair.
Ar ndóigh ní bheadh ort ach a chuid scéalta a léamh lena thuiscint go raibh cluais air i gcónaí ag éisteacht le muintir Ros Muc ag Gaeilgeoireacht.
Cuireadh ina leith freisin gur bheag trua a bhí aige do dhroch-chás na ndaoine le linn dó a bheith i Ros Muc. Aríst níl an breithiúnas sin cóir ná cothrom.
Bhí an eitinn ag leagan daoine as éadan ag an am agus bhí dochtúir as Tamhain darbh ainm Séamas Ó Beirn ar a dhícheall ag cur in aghaidh na heitinne. D’eagraigh sé toscaireacht le dhul chuig na húdaráis i mBaile Átha Cliath leis an gcás a phlé. Bhí an Piarsach ar an toscaireacht.
Léigh mé píosa le gairid faoin gcaoi a ndearna tuíodóir drochobair ag deasú an teachín os cionn na locha. Níor chuir sé aon mhúisiam ar an bPiarsach mar go raibh sé faoi dhraíocht ag an sruth Gaeilge a bhí ag an tuíodóir.
Bhí aithne an-mhaith ag Colm Ó Gaora ar an bPiarsach. Théadh sé féin agus Liam ag seoltóireacht sa mbád a bhí ag athair Choilm, Seán Ó Gaora.
Rud barrúil amháin a thug Colm faoi deara faoin bPiarsach go mbíodh an-dúil i dtae aige.
Maidir le polaitíocht níl cruthú ar bith ann go raibh suim mhór sa bpolaitíocht aige go dtí na blianta deireanacha dá shaol. Níl tagairt ar bith ag Colm Ó Gaora don Phiarsach a bheith ag caint faoi chúrsaí polaitíochta ná faoi chúrsa réabhlóide go dtí go raibh an réiteach ar bun i gcomhair Éirí Amach na Cásca.
Níl tagairt ar bith don pholaitíocht ina chuid gearrscéalta. Duine caoin cineálta a bhí ann. Théadh sé ag iascach ar Loch Oiriúlach ach dá n-éireodh leis breac a cheapadh ní mharaíodh sé é le trua dó.
Le linn don Phiarsach a bheith ina theachín os cionn na locha bhí an Sasanach ba chumhachtaí in Éirinn in Inver Lodge ciliméadar siar an bóthar uaidh. Ba é sin Lord Dudley, fear ionaid an Rí. Shílfeá go scríobhfadh an Piarsach píosaí faoi sin ach ní dhearna.
Sa mbliain 1912 bhí cruinniú mór i mBaile Átha Cliath ag an dream a bhí ar son Home Rule. Bhí an Piarsach ar an ardán. Dúirt sé gur cheart glacadh leis an mBille a bhí geallta ag na Sasanaigh ach, ar seisean, má dhéanann siad feall orainn beidh sé ina chogadh craorac ar fud Éireann.
Bhí Sinn Féin ar buile leis faoi é a bheith ar an ardán sin beag ná mór.
Ba é Tomás Ó Cléirigh a chuir an Piarsach chun cinn mar urlabhraí i gcomhair an Éirí Amach. Bhí a fhios aige gur cainteoir cumasach poiblí a bhí ann agus d’iarr sé air an óráid a thabhairt ag uaigh Uí Dhonnabháin Rosa.
Scríobh Caitlín Uí Chléirigh litir uair amháin ag casaoid faoi na daoine a bhí á thabhairt le fios gurbh é an Piarsach a bhí i gceannas ar an Éirí Amach.
Ba mhaith a thuig sise gurbh é a fear céile féin a bhí i gceannas le fírinne.
Mícheál Ó Flaithearta
Súil agam gur thaithnigh tae na hImpireachta leis an bPiarsach i Ros Muc! Agus is cinnte go raibh ‘Amhrán an Tae’ cloiste aige ó Cholm sin againne.
Pól Ó Braoin
Mór an cailleadh dúinn an Piarsach. Bhí an oiread sin fós le n-inseacht agus le scríobh aige.
Kevin Hickey
Ba bhreá an rud é dá ndéanfaí leagan nuachóirithe de scéalta an Phiarsaigh a chur ar fáil don phobal, mar, cé gurb í Gaeilge na háite thiar atá le fáil iontu, deir scoláirí teanga go mbaineann corrleagan iontu leis an Nua-Ghaeilge Chlasaiceach agus le tréimhsí nó cineálacha eile Gaeilge.
Ba mhaith chun an chúraim Seosamh, ó tharla máistreacht aige ar an teanga bheo.