Tada le rá ag an Pentagon faoi fhíseán de Ghaeilgeoir in arm Mheiriceá ag casadh ‘Go on home, British soldiers’

Tugtar ‘Séamus na Gaeilge’ ar an té atá le feiceáil san fhíseán conspóideach, fear a rinne cúrsa Oideas Gael i nDún na nGall agus a ghlac páirt i gcomórtas Oireachtais

Tá diúltaithe ag an Pentagon aon rud a rá faoi fhíseán conspóideach ina bhfuil saighdiúir Gael-Mheiriceánach le feiceáil san Afganastáin agus é ag casadh ‘Go on home, British soldiers’, amhrán poblachtánach ar cumadh le linn na dTrioblóidí é.

Tuigtear do Tuairisc.ie gur Séamus Ó Fianghusa is ainm don té atá le feiceáil san fhíseán. Tugtar ‘Séamus na Gaeilge’ ar Ó Fianghusa, fear as Brooklyn i Nua Eabhrac, a thosaigh ag foghlaim na Gaeilge deich mbliana ó shin ar an idirlíon agus a bhfuil tréimhsí caite aige i nGaeltacht Dhún na nGall.

D’fhreastail Ó Fianghusa ar chúrsa Oideas Gael i nGleann Cholm Cille agus ghlac sé páirt chomh maith i gcomórtas Oireachtais.

De réir tuairisce ar shuíomh idirlín Forces TV, dhiúltaigh an Pentagon ráiteas a dhéanamh faoin bhfíseán a foilsíodh ar an leathanach Facebook  ‘U.S Army W.T.F! Moments’ a chuireann amach ábhar grinn a bhaineann le harm Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Dúirt urlabhraí ó ‘U.S Army W.T.F! Moments’ gur duine anaithnid a chuir an físeán ar fáil dóibh agus gur baineadh dá leathanach Facebook é nuair a cuireadh ar a súile dóibh go léiríonn liricí an amhráin tacaíocht don IRA Sealadach.

San fhíseán tá Ó Fianghusa le feiceáil ag casadh ‘Go on home British Soldiers Go on home/Have you got no fucking homes of your own/For 800 years we’ve fought you without fear/And we will fight you for 800 more’.

Tugann a chomrádaithe san arm bualadh bos dó nuair atá an t-amhrán ráite aige.

Fág freagra ar 'Tada le rá ag an Pentagon faoi fhíseán de Ghaeilgeoir in arm Mheiriceá ag casadh ‘Go on home, British soldiers’'

  • Seán

    amas idir an dá shúl…. géar súil an tseabhaic…

  • Fearn

    Lá earraigh na nAmadán?