Tada ar an teilifís nuair a bhí sráideanna chathair Mheicsiceo ag tarraingt fola as boinn Mick Molloy

Ba chosnochta a rith Mick Molly, trócaire air, an míle deiridh den mharatón ag na cluichí Oilimpeacha I 1968

Tada ar an teilifís nuair a bhí sráideanna chathair Mheicsiceo ag tarraingt fola as boinn Mick Molloy

Bás an tseanlaoich Mick Molloy as Cora Bheithe in aice Uachtar Ard an lá cheana a mheabhraigh dom a laghad eolais a bhí fanta i mo cheann faoi bhuaic a cháile mar reathaí sna rásaí fadraoin.

Siúráilte ba chóir go mbeadh smuitín eolais éicint fanta san inchinn dá chuid iomaíochta i rás an mharatóin ag Cluichí Oilimpeacha Mheicsiceo i 1968. Ansiúd ba chosnochta a rith Mick an míle deiridh – ceann dá chuid bróga reatha imithe dá chos agus leath na hiomaíochta déanta aige.

Nach gcaithfeadh sé go mbeadh an beagán is lú féin den chur síos a rinne an tráchtaire ag an am fanta faoi mo phlait, nó íomhá dhorcha dubh agus bán as nuachtán éicint.

Bhí mé 18 bliain d’aois faoin am sin, ar ais i mbun an dara bliain de chúrsa ollscoile. Cinnte dearfa níorbh í mo dhílseacht do na leabhair ná don léann a choinnigh ón teilifís mé ar feadh coicíse i lár mhí Dheireadh an Fhómhair 1968.

Rinne mé mo mhíle dícheall cuimhne a dhúiseacht as coirnéal éicint de mo chloigeann dearmadach. Ní raibh dá bharr faoi dheireadh ach ré roithleagán.

Tá a fhios agam ceart go leor go mba ag na Cluichí sin a chaith na Meiriceánaigh Tommy Smith agus Jan Carlos miotóga dubha agus gur fháisceadar a gcuid dorn agus iad ag léiriú a gcuid tacaíochta don phobal dubh ina dtír dhúchais.

Bhí barúil agam gurbh ann a chruthaigh Bob Beamon an churiarracht dhomhanda sa léimfhada a mhair 23 bliain agus gur ansiúd freisin a fuair muid an chéad léargas ar dhuine ag tabhairt faoin léim ard agus a chúl iompaithe leis an sprioc. Inniu is é stíl Dick Fosbury atá i réim ar fud an domhain.

Ach fís amháin lae ná oíche ní raibh agam ar fhear a rugadh trasna an chriathraigh uaim agus a chaith an 84 bliain a mhair sé ar bhruach na Coiribe i bhfoisceacht scread asail d’áit ar a dtugaim cuairt amháin sa tseachtain ar a laghad.

In olcas a chuaigh an scéal nuair a thosaigh mé ag déanamh beagán fiosraithe faoin gcumas craolacháin a bhí ann faoin am a dtáinig Meicsiceo 1968.

Ní hamháin go bhfuair mé amach gur dá mbarr a tugadh an deis ba luaithe don bhreathnóir teilifíse pictiúir dhaite a fheiceáil, go mba iontu freisin a úsáideadh ceamaraí mallghluaiseachta den chéad uair ariamh – na cinn chéanna a chuireann as mo mheabhair inniu mé nuair a fheicim an cúl céanna seacht n-uaire.

Rud a chuir le mo bhuairt go bhfaca mé go mba do Chluichí 1968 a ceapadh an córas satailíte ab fhoirfe dár facthas go dtí sin. Go dtáinig Tóiceo (1964) ní raibh de rogha ann ach téipeanna de na himeachtaí a sheoladh ar eitleáin. Le teacht Meicsiceo i 1968, bhí trí cinn de shatailítí ag dul timpeall an domhain – é d’aidhm acu mise agus mo leithéid a phlúchadh le heolas ó thús go deireadh na hiomaíochta.

Bhí mé i mo bhambairne.

Ansin ‘Eureka’.

Ní baileach go mba i mo chraiceann dearg sa bhfolcadán a bhíos mar a bhí Airciméidéas fadó. Níor rith mé timpeall an bhaile lom  nocht ag fógairt an scéil ach an oiread. Suite go seascair os comhair na teilifíse a bhí mé, zaipire na teilifíse i mo ghlaic agus mé ag scinneadh trí na 500 cainéal féachaint a mbeadh blas ar bith ar fáil a gcuirfinn suim ann. Mar is iondúil, ní raibh.

Agus mé ag múchadh an bhosca ab ea a tháinig sé isteach i mo chloigeann gur fhiosraigh mé cén sórt fáil a bhí ag muintir na hÉireann óna stáisiún féin ar a raibh ar siúl i gCathair Mheicsiceo fad agus a bhí sráideanna na cathrach sin ag tarraingt fola as boinn Mick Molloy ar an Domhnach an 20 Meán Fómhair 1968.

Ag 3pm a tháinig Teilifís Éireann ar an aer an lá údaí. Idir sin agus príomhnuacht an lae ag 9.30pm bhí mir 25 nóiméad torthaí spóirt sular thosaigh The Black and White Minstrel Show. Le cothrom na Féinne a thabhairt, craoladh clár Sports Special i ndiaidh na Nuachta – tráchtaireacht bheo ar bhabhta ceannais an 1500m, mar aon le hathfhéachaint ar phríomhimeachtaí an lae.

An té a chaith an tráthnóna ag fanacht leis sin, chonaic siad Buntús Cainte, Angler’s Corner, The Magic Roundabout, Word in Action (clár reiligiúnach, ní spórt!), The Riordans agus scannán a bhí baistithe go maith – Kill Me.

Sé Mick Molloy féin, trócaire air, an fear is lú a gcuirfeadh an easpa clúdach teilifíse isteach air. Ní móide ag an am go raibh a leithéid sa teach aige beag ná mór. Duine ciúin ab ea é a choinnigh air ag rith go raibh sé i bhfad amach sna blianta – dúirt Mick tráth gur dhóigh leis go dtabharfadh a ndearna sé de reathaíocht timpeall an domhain trí huaire é  –  70,000 míle.

Bhí curiarracht an Domhain don rás 30 míle ina sheilbh tráth, bhuaigh sé 15 de Chraobhacha na hÉireann, ón rás cúig mhíle go dtí an maratón, mar aon le go leor cinn eile i dtíortha i gcéin.

Anuraidh bhronn sé a chuid trófaithe agus a chuid gradam ar fad ar a cheantar dúchais.

Má chastar an bealach tú, tá siad le feiceáil i bhforhalla Ionaid Pobail Uachtar Ard i lár an tsráidbhaile sin.

Trócaire Dé air.

Fág freagra ar 'Tada ar an teilifís nuair a bhí sráideanna chathair Mheicsiceo ag tarraingt fola as boinn Mick Molloy'