Tacaíocht tugtha ag an G20 d’athchóiriú ar an gcóras cánach

Tá roinnt tíortha, Éire ina measc, in aghaidh an íosráta 15% go fóill agus mura n-aontaíonn na tíortha uile san Aontas Eorpach leis an gcomhaontú, ní féidir an córas nua cánach a chur i bhfeidhm

Tacaíocht tugtha ag an G20 d’athchóiriú ar an gcóras cánach

Thug airí airgeadais an Ghrúpa 20 (G20) a dtacaíocht do mhargadh stairiúil chun ollchóiriú a dhéanamh ar an mbealach chun cáin a ghearradh ar chomhlachtaí ilnáisiúnta agus d’iarr siad ar thíortha eile aontú leo. Shínigh thart ar 132 tír comhaontú cheana fhéin chun athchóiriú cánach idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm. Mar gheall go bhfuil baint ag an Aontas Eorpach agus tíortha móra cumhachtacha eile leis an gcomhaontú seo, is léir go dtabharfar an leasú cánach seo chun críche.

“Tá comhaontú stairiúil anois againn chun córas cánach idirnáisiúnta níos seasmhaí agus níos cothroime a chur i gcrích,” a dúirt na hairí. “Tacaímid leis an dá phríomhghné, ’siad sin, an t-athdháileadh brabúis d’fhiontair ilnáisiúnta agus an t-íosráta cánach éifeachtach domhanda.”

Dúirt Rúnaí Státchiste na Stát Aontaithe, Janet Yellen, nár cheart na maidí a ligean le sruth. “Ba cheart a bheith ag obair linn go dúthrachtach chun an beart a dhéanamh go tapaidh.” I ngiolc dúirt Olaf Scholz, aire airgeadais na Gearmáine, “Faoi dheireadh, ní féidir le comhlachtaí móra a gcuid fiacha cánach a sheachaint a thuilleadh.”

Tá sé mar aidhm ag na hathchóirithe seo cosc ​​a chur ar thíortha áirithe rátaí cánach ísle a thairiscint chun infheistíocht a mhealladh. Táthar ag súil le comhaontú críochnaithe roimh chruinniú mullaigh de cheannairí an Ghrúpa 20 sa Róimh mí Deireadh Fómhair. Táthar ag súil go mbeidh an córas nua cánach i bhfeidhm faoi 2023.

Ar na tíortha go bhfuil íosráta níos airde á lorg acu tá na Stáit Aontaithe, an Fhrainc agus an Ghearmáin. Ach tá roinnt tíortha in aghaidh an íosráta 15% agus tá Éire ar na tíortha sin. Sa ráiteas deireanach uathu, thug airí an Ghrúpa 20 cuireadh do thíortha eile a bheith rannpháirteach leo. Mura n-aontaíonn Éire, an Ungáir agus an Eastóin leis an gcomhaontú seo, ní féidir leis an Aontas Eorpach an córas nua cánach a chur i bhfeidhm. Dúirt coimisinéir ghnóthaí eacnamaíocha an Aontais Eorpaigh, Paolo Gentiloni, nach raibh an obair críochnaithe go fóill.

Cháin eagraíochtaí carthanachta (Oxfam, mar shampla) an t-athchóiriú seo mar go gceadaítear do thíortha saibhre an chuid is mó den ioncam cánach breise a choinneáil. Dúirt aire airgeadais na hIndia, Nirmala Sitharaman, “go gcaithfear tuilleadh oibre a dhéanamh chun córas cánach níos cothroime agus níos seasmhaí a chinntiú le go mbeidh ioncam cóir ann do thíortha níos boichte”. Is mór le Daniele Franco, aire airgeadais na hIodáile, an comhaontú a cuireadh le chéile. “Is athrú mór é rialacha ar fud an domhain a bheith ann maidir le cáin a ghearradh ar chomhlachtaí ilnáisiúnta, chun brabúis na gcomhlachtaí móra a mheas; is éacht mór é,” a dúirt sé.

Measann an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (OECD) go mbeidh $150 billiún breise cánach in aghaidh na bliana ann má chuirtear an ráta éifeachtach 15% i bhfeidhm. Bheadh ​​feidhm ag an athchóiriú brabúis i dtosach ar na comhlachtaí is mó agus tá sé dírithe ar na comhlachtaí móra teicneolaíochta ar nós Google, Amazon, Facebook agus Apple. Cinnteoidh na hathruithe a aontaíodh “go n-íocfaidh na comhlachtaí cearta an cháin cheart sna tíortha cearta”, a dúirt Rishi Sunak, aire airgeadais na Breataine.

Phléigh an Grúpa 20 an feabhas eacnamaíochta iar-phaindéime freisin. Thug airí le fios go raibh an feabhas eacnamaíochta domhanda míchothrom agus go raibh seans ann go gcuirfeadh leathadh na leaganacha nua den víreas corónach isteach ar an eacnamaíocht dhomhanda. Thacaigh siad le tionscnamh ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) chun cúnamh a mhéadú do thíortha atá ag streachailt leis an bpaindéim.

Fág freagra ar 'Tacaíocht tugtha ag an G20 d’athchóiriú ar an gcóras cánach'