Tacaíocht trí bliana geallta ag Cumann Lúthchleas Gael d’Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha

Reáchtáladh an scéim den chéad uair anuraidh agus rinneadh infheistíocht €41,000 sa Ghaeilge ag leibhéal an chlub trí scéim deontais na Fondúireachta

Tacaíocht trí bliana geallta ag Cumann Lúthchleas Gael d’Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha

Iománaí Átha Cliath Liam Rushe ag lainseáil Seoladh na nGaeilge le Ruairí Ó hAiniféin (Lios Póil), Caragh Ní Chorcoráin (Na Fianna), Jack Ó Cinnéide, Senan Ryan agus Tiernan O'Brien (Cluain Tarbh), Riona Ni Chorcoráin (Na Fianna) agus Iarla Ó hAinifein (Lios Póil). Pictiúr: Sam Barnes/Sportsfile

Tá tacaíocht trí bliana geallta ag Cumann Lúthchleas Gael d’Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha chun an Ghaeilge a chur chun cinn sna cumainn ar fud na tíre.

Fógraíodh an tseachtain seo caite ag Seoladh Mór Gaeilge Chumann Lúthchleas Gael go raibh breis tacaíochta geallta ag Cumann Lúthchleas Gael don fhondúireacht agus dheimhnigh Glór na nGael an tseachtain seo go bhfuil tacaíocht geallta anois go ceann trí bliana.

“Ciallaíonn an gealltanas seo go mbeidh sé ar chumas Ghlór na nGael cur go mór leis an líon clubanna atá ag fáil tacaíocht ón Fhondúireacht le stádas, úsáid agus buanú na Gaeilge sna clubanna a bhrú chun cinn,” a dúirt Frainc Mac Cionnaith, Bainisteoir Forbartha le Glór na nGael.

“Is ábhar bróid agus mórtais dúinn go n-aithníonn Cumann Lúthchleas Gael fiúntas agus tábhacht na hoibre a dhéanann ár gcuid Oifigeach Forbartha leis na clubanna agus tá muid ag súil go mór le bheith ag comhoibriú go dlúth le Jamie Ó Tuama, Oifigeach Forbartha Gaeilge nuacheaptha CLG.”

Is scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus de chuid Chumann Lúthchleas Gael í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha a seoladh in 2016 ar mhaithe le clubanna CLG ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn.

Cuireann an fhondúireacht deontais agus comhairle ar fáil do chumainn a bhíonn cláraithe leis an scéim chun gníomhaíochtaí a chuireann an teanga chun cinn a chur i gcrích. Agus clubanna á meas le haghaidh boinn, bíonn 70 gníomh leagtha amach dóibh.

Reáchtáladh an scéim den chéad uair in 2017. Ghlac beagnach 90 cumann páirt ann agus rinneadh infheistíocht €41,000 sa Ghaeilge ag leibhéal an chlub trí scéim deontais na Fondúireachta.

Is in ómós d’iarUachtarán CLG Seosamh ‘Joe’ Mac Donncha (1953-2016) a ainmníodh an Fhondúireacht.

Fág freagra ar 'Tacaíocht trí bliana geallta ag Cumann Lúthchleas Gael d’Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha'