Tacaíocht láidir léirithe ag ceannairí don Úcráin le linn cuairt Biden ar an mBruiséil

Dúirt Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Joe Biden go gcuirfí na smachtbhannaí “is déine riamh” i bhfeidhm ar gheilleagar na Rúise chun é a scrios

Tacaíocht láidir léirithe ag ceannairí don Úcráin le linn cuairt Biden ar an mBruiséil

Sheas ceannairí ó thíortha éagsúla le muintir na hÚcráine ag cruinnithe sa Bhruiséil inniu.

Ag cruinniú éigeandála faoin gcogadh san Úcráin, d’fhógair ceannairí NATO go mbeifí ag cur go mór le líon a bhfórsaí in oirthear na hEorpa.

Ceithre bhuíon chatha a chuirfear chun na hEorpa – sa tSlóvaic, san Ungáir, sa Bhulgáir agus sa Rómáin.

Dúirt ceannairí an ghrúpa G7 go raibh siad meáite ar phionós tromchúiseach a leagan ar an Rúis agus beartais bhreise a chur i bhfeidhm “de réir mar ba ghá”.

Dúirt lucht an G7 gur gá don Rúis glacadh láithreach bonn le hordú na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta deireadh a chur leis an ionradh.

Dúirt siad nár chóir d’aon tír “tacaíocht mhíleata nó eile a thabhairt don Rúis”.

“Caithfear a chur in iúl do mhuintir na Rúise nach bhfuil aon olc orainn chucu. An tUachtarán Putin, a rialtas agus a lucht tacaíochta, réimeas Lukashenko sa Bhealarúis san áireamh, atá ag fearadh an chogaidh seo agus is cúis leis an lorg atá á fhágáil aige ar mhuintir na Rúise, agus a gcinneadh siúd a fhágann smál ar stair mhuintir na Rúise,” a deirtear i ráiteas an G7.

 Vótáil móramh ollmhór ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe inniu ar son impí ar an Rúis stop a chur leis an gcogadh agus ar son a thuilleadh tacaíochta agus cosanta a thabhairt do mhuintir na hÚcráine.

D’iarr Volodymyr Zelensky, Uachtarán na hÚcráine,  ar dhaoine aghaidh a thabhairt ar na sráideanna chun a dtacaíocht dá thír a léiriú mí ó cuireadh tús le hionradh na Rúise.

Deir Stáit Aontaithe Mheiriceá go bhfuil coireanna cogaidh déanta ag an Rúis.

Agus é ar cuairt ar an mBruiséil inniu, dúirt an tUachtarán Joe Biden go nglacfadh Stáit Aontaithe Mheiriceá le 100,000 teifeach ón Úcráin, go gcuirfí $1 billiún ar fáil do thíortha na hEorpa le cabhrú leo glacadh le daoine atá ag éalú ón gcogadh agus go gcuirfí $2 billiún eile ar fáil i dtacaíocht mhíleata.

“Ní mór dúinn fanacht aontaithe go hiomlán agus go daingean. Caithfear a léiriú go bhfuiltear sásta na smachtbhannaí a chur i bhfeidhm, ní hamhaín ar feadh míosa ach ar feadh na bliana go léir,” a dúirt Biden.

Chuirfí na smachtbhannaí “is déine riamh” i bhfeidhm ar gheilleagair na Rúise chun é a scrios, a dúirt sé.

Idir an dá linn, dúirt méara Kherson, Igor Kolykhaev, go raibh bratach mhór na hÚcráine crochta ar cheannáras chomhairle na cathrach.

Dúirt údaráis na hÚcráine go raibh long rith cladaigh de chuid na Rúise scriosta acu ag calafort tábhachtach i ndeisceart na tíre.

Fág freagra ar 'Tacaíocht láidir léirithe ag ceannairí don Úcráin le linn cuairt Biden ar an mBruiséil'