Tacaíocht ó chomhairleoirí cathrach in Albain do chomharthaíocht dhátheangach

Sular caitheadh an vóta Dé Céadaoin, dúirt an Comhairleoir Willie Young, ó Pháirtí an Lucht Oibre, nach go gcaithfí a laghad airgid agus ab fhéidir gan an dlí a shárú ar chun cinn na teanga

Tacaíocht ó chomhairleoirí cathrach in Albain do chomharthaíocht dhátheangach

Tá Plean Gáidhlig cúig bliana ceadaithe ag comhairleoirí cathrach in Obar Dheathain in Albain, áit a ndúirt an comhairleoir atá i gceannas ar chúrsaí airgeadais go bhfuil sé i gceist aige “a laghad agus is féidir” a dhéanamh leis an teanga a chur chun cinn sa chathair.

Vótáil 32 ar son an Phlean Gáidhlig agus naonúr ina aghaidh ag cruinniú de chuid na Comhairle inné.

Faoin bPlean nua, beidh ar Chomhairle Cathrach Obar Dheathain comharthaíocht dhátheangach a chrochadh nuair a bheidh comharthaí nua ag teastáil agus beidh orthu lógó dátheangach a dhearadh don Chomhairle féin.

Sular caitheadh na vótaí, mhol comhairleoir amháin ó na Daonlathaithe Liobrálacha, Ian Yuill, go gcuirfí an cinneadh siar go mbeadh deis ag na comhairleoirí machnamh a dhéanamh faoi.

Mhol sé freisin go n-iarrfaí ar Rialtas na hAlban an t-iallach atá ar chomhairlí cathrach Plean Gáidhlig a chur le chéile a bhaint i gceantair nach bhfuil oidhreacht láidir Ghaelach ann.

“Is beag duine in Obar Dheathain a labhraíonn an Gháidhlig. Tá traidisiún na hAlbainise in Obar Dheathain ach níl aon traidisiún ceart Gáidhlig anseo,” a dúirt sé.

Dúirt urlabhraí airgeadais Pháirtí Náisiúnach na hAlban, áfach, nach raibh ar siúl ag an gcomhairleoir liobrálach ach “playing populism” agus go meallfadh a sheasamh tuilleadh vótaí i dtoghchán.

Sular caitheadh an vóta Dé Céadaoin, dúirt an Comhairleoir Willie Young, ó Pháirtí an Lucht Oibre, nach sáródh an Chomhairle Cathrach Acht na Gáidhlig ach go gcaithfí a laghad airgid agus ab fhéidir gan an dlí a shárú ar chun cinn na teanga.

Dúirt Young go raibh sé ar buile go bhfuil “na milliúin punt” le caitheamh ar phlean cúig bliana do chomharthaí sráide Gáidhlig agus ar mhúineadh na teanga do dhaltaí bunscoile.

Fág freagra ar 'Tacaíocht ó chomhairleoirí cathrach in Albain do chomharthaíocht dhátheangach'