‘Tá drochbhail ar an N59 i gConamara’, a deir an Taoiseach

Aontaíonn an Taoiseach go bhfuil bunús le héileamh lucht agóide an N59 i gConamara ach deir sé nach féidir leis-sean a ladar a chur isteach sa scéal

‘Tá drochbhail ar an N59 i gConamara’, a deir an Taoiseach

D’aontaigh an Taoisigh inné go raibh bunús le héileamh lucht agóide an N59 i gConamara. Rinne lucht feachtais an N59 agóid ag Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh i Ros Muc inné agus an Taoiseach ag oscailt an ionaid go hoifigiúil.

Dúirt an Taoiseach go “n-aontaíonn” sé le lucht na hagóide in iarthar na Gaillimhe go bhfuil drochbhail ar an mbóthar náisiúnta a shíneann tríd an gceantar ach go bhfuil “próiseas” ann ar gá cloí leis.

Dúirt Enda Kenny ag Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh i Ros Muc, a osclaíodh go hoifigiúil inné, go “gcaithfí caoi a chur” ar an gcuid sin den bhóthar idir Uachtar Ard agus an Clochán in iarthar an chontae. Dúirt sé freisin, áfach, nach féidir leis-sean a ladar a chur sa scéal agus go gcaithfí cloí leis an bpróiseas a bhaineann leis an gceist.

Ba é Grúpa Gnímh an N59 a d’eagraigh agóid an lae inniu. Trí phríomhaidhm atá ag an ngrúpa gnímh. Brú a chur ar na húdaráis réiteach a fháil ar na deacrachtaí atá ag cosc feabhas a chur ar an N59 idir Uachtar Ard agus an Teach Dóite. Éilíonn siad go ndéanfaí iarratas eile ar chead forbartha ar an N59 idir an Teach Dóite agus an Clochán. Go réiteofaí plean forbartha don chuid den N59 idir an Clochán agus an Líonán.

Dhiúltaigh An Bord Pleanála cead a thabhairt uasghrádú a dhéanamh ar an mbóthar idir An Teach Dóite agus an Clochán i mí na Bealtaine mar gheall ar chúinsí comhshaoil.

Tá cúpla agóid eile déanta ag an nGrúpa Gnímh le cúpla seachtain anuas. Thiomáin scuaine feithiclí go han-mhall ar an mbóthar as Uachtar Ard go Gaillimh mar agóid ag tús na míosa agus tá siúlóid pleanáilte ag baill an Ghrúpa Gnímh don Satharn beag seo as Uachtar Ard go dtí an Teach Dóite.

Fág freagra ar '‘Tá drochbhail ar an N59 i gConamara’, a deir an Taoiseach'