Tacaíocht an Choimisinéara Eorpaigh ag Micheál Martin mar cheannaire ar Fhianna Fáil

Agus é ag labhairt le hiriseoirí sa Bhruiséil tráthnóna, dúirt Michael McGrath go bhfuil ‘muinín’ aige as an teacht aniar atá sa Taoiseach

Tacaíocht an Choimisinéara Eorpaigh ag Micheál Martin mar cheannaire ar Fhianna Fáil

Tá a thacaíocht tugtha ag Coimisinéir na hÉireann i gCoimisiún na hEorpa, Michael McGrath, do Mhicheál Martin mar cheannaire ar Fhianna Fáil. Tá McGrath, a chaith tréimhsí ina Aire Rialtais, ina Theachta Dála, agus ina chomhairleoir contae d’Fhianna Fáil, fós ina bhall den pháirtí polaitíochta.

Agus é ag labhairt le hiriseoirí sa Bhruiséil tráthnóna inniu, dúirt McGrath nach bhfuil sé in am ag Micheál Martin éirí as ceannaireacht Fhianna Fáil go fóill agus go bhfuil “muinín” aige as an teacht aniar atá sa Taoiseach.

Dúirt sé go raibh “cúpla seachtain dheacair” ag an Taoiseach agus ag a chlann, le tamall anuas ach go raibh “lán [a] mhuiníne] aige i gcumas Martin teacht aniar ó na dúshláin a d’éirigh as an gconspóid a bhain le roghnú Jim Gavin mar iarrthóir uachtaránachta.

Dúirt McGrath go mbeadh an taithí agus an t-eolas atá ag Micheál Martin, mar Thaoiseach agus mar Aire Gnóthaí Eachtracha, thar a bheith tábhachtach agus Uachtaránacht Choimisiún na hEorpa ag Éirinn an bhliain seo chugainn.

Dúirt sé go mbeadh sé tábhachtach go mbeadh duine a bhfuil an taithí sin aige i gceannas ar Fhianna Fáil agus Éire ag láimhseáil ceisteanna móra atá ag teacht aníos ar chlár oibre an Choimisiúin le linn na huachtaránachta – an chéad bhuiséad eile agus cúrsaí cosanta ina measc. Bíonn “béim” á leagan ag Micheál Martin ar “luachanna an Aontais Eorpaigh”, dar le McGrath.

“Tá athbhreithniú ar siúl faoin méid a tharla agus críochnóidh an páirtí é sin go luath. Beidh ceachtanna le foghlaim ina dhiaidh sin, ach ní bhainfidh sé sin de na ceithre bliana déag de cheannaireacht láidir roimhe sin. Beidh a fhios ag Micheál Martin féin nuair a bheidh sé in am aige imeacht, agus níl mé féin ag súil leis sin go luath,” a dúirt McGrath.

Thacaigh an Coimisinéir le hUachtarán an Choimisiúin féin, Ursula von der Leyen, freisin nuair a ceistíodh é faoin méid a bhí le rá ag an bhfear gnó Denis O’Brien sa Bhruiséil inniu. Dúirt O’Brien go bhfuil an tAontas Eorpach “ag dul sa treo mícheart” faoi cheannaireacht von der Leyen agus gurbh fhearr leis Mario Draghi a fheiceáil ina uachtarán ar an gcoimisiún.

Dúirt McGrath, áfach, gur léir dó gurb í von der Leyen “an duine ceart don phost”.

Fág freagra ar 'Tacaíocht an Choimisinéara Eorpaigh ag Micheál Martin mar cheannaire ar Fhianna Fáil'