‘Tabharfar tús áite don téarnamh agus athbheochan’ – Micheál Martin tofa ina Thaoiseach

Agus tús á chur i nGaeilge aige lena óráid mar Thaoiseach nuathofa, dúirt Micheál Martin gur cheart glacadh leis an ról ‘ar choinníoll amháin’, is é sin chun ‘leas an phobail a dhéanamh’

‘Tabharfar tús áite don téarnamh agus athbheochan’ – Micheál Martin tofa ina Thaoiseach

Tá Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil, tofa ina Thaoiseach, ar lá stairiúil san Ionad Comhdhála ar Dhuga Spencer i mBaile Átha Cliath, mar a bhfuil suí iomlán den Dáil ar siúl chun rialtas nua a bhunú.

I nGaeilge a chuir Micheál Martin tús lena chéad óráid mar Thaoiseach. Deir sé gur chóir do dhuine glacadh le hoifig an Taoisigh “ar choinníoll amháin”, is é sin go nglacfaí leis ar mhaithe le “leas an phobail a dhéanamh”.

Tráth a bhfuil an tír ag iarraidh teacht slán as paindéim dhomhanda, dúirt sé gur aontaigh sé le Seán Lemass  gur chóir “imní” a bheith ar aon duine a bheadh ag tabhairt faoi chúram an Taoisigh.

93 Teachta Dála a vótáil ar son a ainmniúcháin, Teachtaí Dála Fhianna Fáil, Fhine Gael agus an Chomhaontais Ghlais agus naonúr Teachtaí Dála neamhspleácha, Michael McNamara, Marian Harkin, Michael Lowry, Noel Grealish, Richard O’Donoghue, Cathal Berry, Peter Fitzpatrick, Verona Murphy agus Matt Shanahan.

63 a vótáil ina choinne agus triúr a staon ó vótáil, Mattie McGrath, Denis Naughten agus Carol Nolan.

Dúirt Micheál Martin go dtabharfadh an Rialtas nua tús áite don “téarnamh agus an athbheochan”.

“Sin iad na téamaí atá mar bhonn le gach a bhfuil sa chlár rialtais nua atá aontaithe ag Fianna Fáil, Fine Gael agus an Comhaontas Glas…” a dúirt an Taoiseach nua, Micheál Martin.

Dúirt ceannaire Fhianna Fáil gur pribhléid mhór a bhí ann a bheith tofa ina Thaoiseach.

“A bheith tofa mar Thaoiseach ar phoblacht shaor, sin ceann de na gradaim is mó a d’fhéadfaí a bhronnadh ar aon duine,” ar sé.

Dúirt sé gur tháinig na trí pháirtí a bheidh sa chomhrialtas nua ó thraidisiúin “an-éagsúil”.

“Nílimid ar aon fhocal faoi gach aon rud agus ní fhéadfaí a bheith ag súil go mbeadh. Mar sin féin, d’éirigh linn bunphrionsabail dhaonlathacha a aontú agus clár [rialtais] cuimsitheach agus cothrom a aontú,” ar sé.

Dúirt sé gur mór na dúshláin a bhí roimh an rialtas nua ach go ndéanfaí an beart orthu.

“Tá sé cruthaithe arís agus arís eile ag ár dtír gur féidir linn na dúshláin is mó a shárú agus déanfaimid arís é,” arsa an Taoiseach nuathofa.

Tá an Teach curtha ar athlá go dtí 6pm agus séala a oifige faighte ag Michéal Martin ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn in Áras an Uachtaráin.

Ceapfar airí an rialtais nua tráthnóna.

Tá ceannaire Fhianna Fáil ar an 15ú Taoiseach ar Éirinn.

Ba í an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil ó Chiarraí Norma Foley a d’ainmnigh Micheál Martin d’oifig an Taoisigh.

An Teachta Dála as Gaeltacht Dhún na nGall Pearse Doherty a d’ainmnigh ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, do phost an Taoisigh.

Dúirt ceannaire Fhine Gael Leo Varadkar go bhfágfadh bunú an chomhrialtais nua idir Fine Gael, Fianna Fáil agus an Comhaontas Glas go raibh “deireadh le polaitíocht Chogadh na gCarad sa pharlaimint”.

Dúirt Varadkar go raibh a pháirtí ag dul isteach i rialtas don tríú téarma as a chéile, rud nár tharla riamh cheana. Dúirt sé gur mhaith leis tógáil ag an obair a bhí déanta ag an rialtas deireanach ach gur deis a bheadh ann chomh maith cuid de na botúin a rinne Fine Gael a chur ina gceart.

Dúirt ceannaire an Chomhaontais Ghlais Eamonn Ryan go raibh Micheál Martin an-cháilithe le bheith ina Thaoiseach agus gur duine fadradharcach a n-éiríonn leis fanacht stuama nuair a bhíonn géarchéim ann.

Mhaígh ceannaire an Chomhaontais Ghlais gur duine é Martin a chreideann go láidir sa chóir shóisialta agus go mbíonn sé toilteanach smaointe nua a tharraingt chuige féin.

Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary-Lou McDonald gurb amhlaidh go raibh a páirtí coinnithe amach as na cainteanna bunaithe rialtais ag Fianna Fáil agus Fine Gael.

Dúirt sí gur vótáil daoine sa toghchán ar son athraithe agus nach raibh aon athrú beartaithe ag an gcomhrialtas nua.

 

 

Fág freagra ar '‘Tabharfar tús áite don téarnamh agus athbheochan’ – Micheál Martin tofa ina Thaoiseach'