Tá ‘úrscéal grafach’ ar liosta na bhfocal atá curtha ar ceal agam

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Bíonn ar lucht na ngreannán dul i ngleic le réamhchlaonta níos mó ná aicme ar bith eile den aos litríochta

Tá ‘úrscéal grafach’ ar liosta na bhfocal atá curtha ar ceal agam

Ceann de na cúiseanna gur fearr liom i bhfad leabhair a cheannach i siopa leabhar fisiciúil (seachas ceann ar líne) ná go dtarlaíonn tú ar shaothair, ó am go chéile, nach samhlófá riamh go mbeadh a leithéid ann.

Roinnt seachtainí ó shin agus mé ag brabhsáil i siopa beag leabhar atá díreach oscailte síos an bóthar (an siopa leabhar is lú ar leag mé cos ann riamh, seans – sé mhéadar cearnach ar a mhéid!) tharla mé ar chóip de Narrative Structure in Comics: Making Sense of Fragments leis an scoláire litríochta Barbara Postema.

Ar éigean go raibh mé in ann mo shúile a chreidiúint. Leabhar teoirice faoi ghreannáin, cé a cheapfadh riamh go mbeadh a leithéid ann!

Nach mise a bhí saonta agus aineolach, a shíl mé nuair a thosaigh mé ag léamh. Tá thart ar scór leabhar faoin scríbhneoireacht ficsin ar mo chuid seilfeanna féin agus tá fáil ar na céadta eile. Cén fáth nach mbeadh leabhar ar fáil faoi cheird na ngreannán?

Ach sin é go díreach an dúshlán a bhíonn roimh scríbhneoirí agus dearthóirí greannán, a mhíníonn Barbara Postema go paiteanta ina saothar. Go minic, ní thógtar dáiríre iad. Breathnaítear ar a gceird, go hiondúil, mar fhosheánra aisteach a thiteann idir dhá stól – an scríbhneoireacht agus an ealaín ghrafach. Sin mura mbreathnaítear ar a gceird le hamhras agus le drochmheas.

Go deimhin, a mhíníonn Postema, rinneadh saghas géarleanúna ar ghreannáin thiar sna 1950idí, nuair a chuir síceolaithe agus oideachaseolaithe i Meiriceá i leith an tseánra gur chothaigh sé ‘neamhlitearthacht’ agus ‘dúil san fhoréigean’. Sa bhliain 1954, chuir na foilsitheoirí greannán sna Stáit féinchinsireacht i bhfeidhm orthu féin leis an ‘Comics Code’ ar eagla go gcuirfeadh na húdaráis cinsireacht dháiríre i bhfeidhm orthu.

D’imigh laethanta na féinchinsireachta agus bréagnaíodh na líomhaintí faoin neamhlitearthacht agus faoin dúil a chothódh greannáin san fhoréigean, ach mhair cuid den dímheas. Sin é an fáth, a mhíníonn Postema ina saothar, gur tháinig foilsitheoirí aníos leis an téarma ‘úrscéal grafach’ sna 1990idí – iarracht éalú ó na réamhchlaonta i gcoinne an ghreannáin i gcoitinne, agus ón gceangal a shamhlaítear le déagóirí go háirithe. Úrscéal grafach? Téarma míchuí, dar le Postema, a cheileann éagsúlacht an tseánra.

Bhuel, chuir mise ‘úrscéal grafach’ ar liosta na bhfocal atá curtha ar ceal ar an bpointe boise agus déarfaidh mé as seo amach gur le ‘greannán’ atá mé ag plé mar chaitheamh aimsire, togra beag ar an taobh nach léifidh éinne go brách toisc go bhfuil sé róphearsanta sa chéad dul síos agus, sa dara dul síos, toisc nach bhfuil aon mhaith liom ag déanamh léaráidí. Níl feabhas i ndán do na léaráidí sa togra sin is baolach, ach a bhuíochas le saothar Postema, ar a laghad ar bith beidh struchtúr na hinsinte i gceart!

Fág freagra ar 'Tá ‘úrscéal grafach’ ar liosta na bhfocal atá curtha ar ceal agam'