Litríocht a scríobh, le ceannlitir L más féidir, sin é an príomhjab!

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: bíonn géarghá ag úrscéalaithe le tograí ar an taobh.

Litríocht a scríobh, le ceannlitir L más féidir, sin é an príomhjab!

Mar úrscéalaí, tagann éad orm uaireanta le filí agus le scríbhneoirí amhrán.

Maithigí dom m’aineolas, a chomhghleacaithe na filíochta agus an cheoil! Níor scríobh mé oiread agus dán nó amhrán i mo shaol, ach shamhlóinn nach dtógfadh sé cúig, sé nó seacht mbliana ceann a chríochnú. Scríobh mé thart ar scór gearrscéalta agus níor thóg an ceann ba chasta acu sin ach cúpla mí orm!

Mar úrscéalaí, bíonn géarghá agat le tograí ar an taobh. Chun na billí a íoc, sa chéad áit. Ní thaitneoidh sé seo le heagarthóir Tuairisc.ie, ach mar scríbhneoir ficsin breathnaím ar cholúin, léirmheasanna agus pé obair iriseoireachta eile a dhéanaim mar thograí ar an taobh. Litríocht a scríobh, le ceannlitir L más féidir, sin é an príomhjab!

Lena chois sin, bíonn tograí ar an taobh ag teastáil ón úrscéalaí chun an ruaig a chur ar an leadrán. Is ea, an leadrán! Dá mhéad an fuadar a bhíonn fút agus tús á chur agat le togra nua, éireoidh tú dubh dóite de do shaothar féin tar éis trí nó ceithre bhabhta eagarthóireachta (agus fios maith agat go dteastóidh trí nó ceithre bhabhta eagarthóireachta eile sula mbeidh saothar infhoilsithe agat.) Ach faoin am sin, bheadh bliain nó dhó de do shaol curtha amú agat dá gcaithfeá an saothar i dtraipisí.

Ach rith sé liom le deireanas go bhfuil an tríú cúis ann go mbíonn géarghá ag úrscéalaithe le tograí ar an taobh, agus cá bhfios nach í seo an fheidhm is tábhachtaí a bhíonn lena leithéid.

An lá cheana, ag plé le togra beag ar an taobh a chaith mé cuid mhór den am a bhí curtha i leataobh agam chun atheagarthóireacht a dhéanamh ar radharc san úrscéal atá idir lámha agam le blianta fada. Greannán atá sa togra beag sin, greannán nach bhfoilseofar go brách, óir is greannán éarótach agus i bhfad róphearsanta é agus bheadh náire an domhain orm dá léifeadh éinne é seachas mise mé féin.

Ar dtús, thosaigh mé ag tabhairt amach dom féin an lá sin. Cén tseafóid atá ort a Alex, a dúirt mé liom féin. Bíonn tú ag gearán go síoraí seasta nach mbíonn do dhóthain ama agat chun a bheith ag plé le d’úrscéal agus anois tá am á chur amú agat le greannán suarach gáirsiúil!

Ach ansin thuig mé go raibh gar mór á dhéanamh do m’úrscéal agam. Gach seans, fiú amháin, go sábhálfadh an greannán suarach gáirsiúil nach bhfoilseofar go brách an t-úrscéal!

Beidh orm sleaschéim a thógáil lena mhíniú céard atá i gceist agam.

Le roinnt blianta anuas, scríobhaim colún in aghaidh na míosa ar na leathanaigh seo faoi mo mháthair, a bhfuil galar Alzheimer uirthi. Ceann den iliomad cúiseanna go leanaim orm leis an tsraith sin, nach mbíonn éasca orm a scríobh, ná nach dteastaíonn uaim go dtruailleodh an t-ábhar sin oiread agus orlach den chuid eile de mo chuid scríbhneoireachta. Ní theastaíonn uaim, thar aon rud eile, go sleamhnódh an galar lofa gránna sin isteach san úrscéal atá idir lámha agam.

D’fhéadfá a rá go bhfuil galar Alzheimer curtha i gcoraintín sa cholún sin agam, mar ábhar.

Ar an gcaoi céanna, cinnteoidh an greannán suarach gáirsiúil nach mbeidh cuma róghraosta ar an úrscéal atá idir lámha agam. Beidh radharc gnéis nó dhó sa saothar sin, leoga. Céard is fiú úrscéal gan a leithéid? Ach teastaíonn uaim gur litríocht le ceannlitir L a bheas ann seachas pornagrafaíocht.

An bhfuil ábhar nach dteastaíonn uait a phlé i mórshaothar ag teacht idir thú agus codladh na hoíche?

Tabhair spás dó!

Áit éigin eile.

Fág freagra ar 'Litríocht a scríobh, le ceannlitir L más féidir, sin é an príomhjab!'

  • Pól Ó Braoin

    Seift den scoth, a mhac… cró imleach a chruthú a gcuirfeas tú an t-ábhar pearsanta ann sa gcaoi agus nach sleamhnóidh an t-ábhar céanna isteach sa méid a rachfas os comhair na ndaoine. Tá tú gafa go mór i bhfeidhm leis an smaoineamh sin orm. Nár laga Dia thú!