‘Tá tú ceart go leor’, a dúradh léi, ach ní raibh – scéal Emma Mhic Mhathúna ina chúis náire náisiúnta

Rinne Emma Mhic Mhathúna cur síos ar thionchar náireach scannal CervicalCheck ar a saol ar RTĖ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo. Léargas pearsanta ar scéal náireach a bhí ann 

‘Tá tú ceart go leor’, a dúradh léi, ach ní raibh – scéal Emma Mhic Mhathúna ina chúis náire náisiúnta

Tá an oiread eolais faoi scannal na dtástálacha ceirbheacsacha ceilte ar mhná, agus fiú amháin ar an Aire Sláinte, nach féidir lán-éirim an scéil a mheá fós. Is in aghaidh an lae atá an scéal náireach ag teacht chun solais.

Ní féidir raon ná críoch an scéil a mheá. Ach ó d’inis Vicky Phelan a scéal féin coicís ó shin, tá an éagóir phearsanta a rinneadh ar mhná á léiriú, cé nach eol dúinn fós cé mhéad bean atá i gceist.

Rinne bean eile cur síos ar thionchar náireach an scéil ar a saol ar RTĖ Raidió na Gaeltachta Dé Máirt. Is féidir éisteacht leis an gcomhrá idir Emma Mhic Mhathúna agus Helen Ní Shé ar ‘An Saol Ó Dheas’ anseo.  

Is fiú achoimre a thabhairt ar a ndúirt sí agus an feall a rinneadh uirthi agus ar mhná eile á phlé againn.

Is i mBaile Átha Cliath a rugadh Emma, ach tá cónaí uirthi i gCorca Dhuibhne. Tá sí 37 bliain d’aois, agus cúigear páistí aici.

Rinneadh scrúdú ceirbheacsach in 2013, a dúirt sí le Helen Ní Shé. Cuireadh litir chuici ina dhiaidh inar dúradh léi: 

“Tá tú ceart go leor.”

Tháinig tinneas uirthi in 2015 agus rinneadh tástáil cheirbheacsach eile uirthi an bhliain dár gcionn. Cuireadh fios uirthi ina dhiaidh, agus dúirt dochtúir san Ospidéal Náisiúnta Máithreachais léi:

“Tá ailse ort.”

Cuireadh cóir leighis uirthi láithreach, agus ó shin, ach freagra ní bhfuair sí ar an gceist a dhúisigh an scéal scanrúil:

“Conas a tharla sé go raibh sé chomh dona?” a dúirt sí ar An Saol Ó Dheas. “Bhí an litir agam ó 2013 go raibh gach rud go breá.”

Bhí sí ag tiomáint a gluaisteáin Dé Domhnaigh seo caite, agus a páistí ina teannta, nuair a ghlaoigh dochtúir ó ospidéal Shráid Holles i mBaile Átha Cliath uirthi. D’inis sé di nár tugadh faoi deara rian na hailse agus scrúdú á dhéanamh uirthi in 2013, cúig bliana ó shin.

“Fuaireas an ‘all-clear’ ach níl mé ‘all-clear’… Dé Domhnaigh bhí mé sa bhfolcadán go dtí a haon a chlog ag caoineadh… Tá sé go huafásach. Caithfidh duine éigin dul go dtí príosún.”

Tá sé róluath a bheith ag caint ar fhreagracht nó ar chiontacht, ach tá an éagóir á léiriú. Níl duine sa tír anois a shéanfadh nár cuireadh Emma Mhic Mhathúna, Vicky Phelan agus cá bhfios cé mhéad bean eile ar an eolas mar ba chóir maidir le cúrsaí a bhain go dlúth lena sláinte.

Dúirt Leo Varadkar sa Dáil Dé Máirt gur chuir scéal Vicky Phelan agus na mban eile nár dúradh leo go raibh na torthaí a tugadh dóibh ar na scrúduithe a rinneadh orthu lochtach fearg agus brón air. Gheall sí go gcuirfí córas tástála níos éifeachtaí ar bun. Gheall sé fiosrú a léireodh cad a tharla.

Ach chualathas caint dá leithéid rómhinic cheana. Tá creathadh bainte as ár muinín as an gcóras sláinte ina iomláine, agus as cumas an Rialtais nó cumas rialtas ar bith an córas a leigheas. Arís eile, faraor.

Fág freagra ar '‘Tá tú ceart go leor’, a dúradh léi, ach ní raibh – scéal Emma Mhic Mhathúna ina chúis náire náisiúnta'

  • Emer Ní Ronáin

    Is fíor go bhfuilid an olc ag léamh na dtástaeacha a dheineann siad. Bíhíos féin fadó dílis ag freastal orthu agus ansin bhraitheas go pearsanta go raibh an ‘ceantar’ sin mí-cheart. D’insíos do mhánlia a d’aimsíos agus ainm maith aige. D’órdaigh mé dó an ‘treallamh’ sin ar fad a bhaint amach , nach mbeadh sé ag teastáil uaim arís.(Bhíos 46) Rinne sé amhlaidh (Bhí VHI agam) agus ansin ag an deireadh dúirt sé ‘ Cé bhíodh ag léamh na slides sin duit roimhe seo? Ní foláir ná go raibh siad go dona aige, mar bhí cillíní ionat a bhí ar tí ailse! Conas an raibh fhios agat?’
    Níl tuairim agam, arsa mise leis ach is léir anois go gcaitheann tú fios feasa a bheith agat chun teacht slán as na cúrsaí seo. B’shin 20 bliain ó shin anois, geall leis. Ní féidir braith ar thástálacha.