Tá trí rogha chinniúnacha le déanamh ag Micheál Martin

Ní bheidh aon dul as ag Micheál Martin agus a pháirtí ach roghanna tábhachtacha cinniúnacha a dhéanamh go luath

Tá trí rogha chinniúnacha le déanamh ag Micheál Martin

Abair go bhfuil rogha thábhachtach romhat. Ní gá í a dhéanamh inniu ná amárach, ach ní féidir í a sheachaint go deo. Céard a dhéanann tú, de ghnáth?

Go minic, is í rogha na méire fada a dhéanann ár bhformhór. Is é sin, go dtí go gcuireann riachtanas nach féidir neamhaird a thabhairt air iachall orainn cinneadh a dhéanamh.

Ní bheidh aon dul as ag Micheál Martin agus a pháirtí ach rogha thábhachtach amháin a dhéanamh roimh lár an tsamhraidh.

Beidh siad ábalta moill a chur ar rogha mhór eile ar feadh cúpla bliain. Ach má chuireann siad moill níos faide uirthi, déanfar í dá n-ainneoin.

Tá rogha chinniúnach eile freisin, i dTuaisceart Éireann, ach ní léir fós aon bhrú a chuirfeadh iachall orthu cinneadh a dhéanamh go luath.

Rogha na Páirce

Glactar leis ar chaon taobh i dTeach Laighean anois go gclisfidh an tUachtarán Ó hUigínn ar an ngeallúint a thug sé seacht mbliana ó shin nach gcaithfeadh sé ach téarma amháin in Áras an Uachtaráin. D’oirfeadh sé d’Fhianna Fáil agus d’Fhine Gael, dá bhfógródh sé go luath gur mhaith leis fanacht san Áras, agus dá gceapfaí arís é sa bhFómhar gan toghchán.

Ó thug Mary Lou McDonald le fios Dé Céadaoin gur shíl sí gur chóir do Shinn Féin iarrthóir a ainmniú, tá an léargas uachtaránachta níos éiginnte. Mar sin féin, tá comhthuiscint neamhfhoirmiúil á meá sa dá phríomhpháirtí chun brú a chur ar iarrthóirí eile tarraingt siar.

Dá bhfógródh Fine Gael agus Fianna Fáil tacaíocht d’ainmniúchán an Uachtaráin i gcomhair tréimhse eile san Áras, ach dá seasfadh iarrthóirí eile, cé a chuirfeadh geall ciallmhar ar thoradh ar bith seachas bua do Mhicheál D?

Rogha an Toghcháin

Beidh an margadh iarthoghcháin a rinne Fianna Fáil agus Fine Gael as feidhm tar éis lá na cáinaisnéise i mí Dheireadh Fómhair. Tá cosmhuintir Fhianna Fáil corrthónach le tamall agus fáth réasúnta lena míshuaimhneas.

Measann na heacnamaithe anois go mbeidh ar a laghad €3bn sa bhreis le caitheamh ag Paschal Donohoe sa bhuiséad. Cén tairbhe a bhainfidh Fianna Fáil as deis a thabhairt d’Fhine Gael a bheith chomh flaithiúil in 2019? Fíorbheagán, dar le go leor comhaltaí den pháirtí.

Theastódh cúis láidir, nó leithscéal láidir ar a laghad, chun vóta Dála a chuirfeadh deireadh le tréimhse oifige an rialtais a chosaint.

Deimhneoidh an ghéarchéim thithíochta agus na fadhbanna go léir gan leigheas sa tseirbhís sláinte go mbeidh mórán míshásta leis an rialtas as seo go dtí an chéad olltoghchán eile, cibé lá a thiocfaidh sé.

Shílfeá mar sin, b’fhéidir, go mbeadh Fianna Fáil ábalta cúis toghcháin a aimsiú gan stró, cibé am a shíleann siad a oirfidh dóibh. Shílfeá, dá mbeadh sé ar a gcumas a thaispeáint cén feabhas mór a leanfadh athrú rialtais, agus mura mbeadh an rialtas reatha ag cur síos ar na feabhsuithe a chuirfeadh €3bn breise sin i gcrích.

Dáiríre ar ndóigh, ní bheidh €3bn ná baol air le caitheamh ag cibé rialtas a bheas i gcumhacht ó 2019 ar aghaidh. Ní gá ach smaoineamh ar an gcaiteachas breise a bheas riachtanach chun múinteoirí nuacháilithe atá ar phá íseal a shásamh, gan trácht ar oibrithe eile sa tseirbhís phoiblí.

Mar sin féin, más olltoghchán roimh am atá ó Fhianna Fáil, ní gan dua ná imní a roghnóidh siad an t-am.

Rogha ó Thuaidh

Tá rannpháirtíocht i dtoghcháin i dTuaisceart Éireann á meá ag Fianna Fáil le breis agus dhá bhliain. Dúirt Micheál Martin in 2016 go raibh súil aige go mbeadh iarrthóirí ag an bpáirtí sna toghcháin áitiúla ó thuaidh in 2019, ach tugadh le fios le gairid go raibh an cheist á breithniú go fóill.

Dhúisigh tuairisc sa Belfast Telegraph Dé Céadaoin tuairimíocht arís faoi leathadh an pháirtí thar teorainn. Dúradh sa tuairisc gur dóigh le “foinsí sinsearacha” san SDLP go ngéillfeadh thart ar ochtó faoin gcéad de chomhaltaí an pháirtí sin slí d’Fhianna Fáil.

Dúirt ceannaire an SDLP Colum Eastwood leis an nuachtán go raibh “athrú cúrsa” amach anseo mar gheall ar Bhreatimeacht pléite le páirtithe eile, sara ndúirt sé a mhalairt. Is amach anseo a phléifí a leithéid, dar leis.

Ní gá d’Fhianna Fáil rogha faoi ghníomhú ó thuaidh a dhéanamh faoi dheifir. Ach bhí an ceart ag Colum Eastwood ar dhóigh amháin. Athróidh an Bhreatimeacht an léargas polaitiúil thar teorainn. Tiocfaidh deiseanna agus dainséir in éineacht d’Fhianna Fáil dá bharr.

Buille faoi thuairim: is léir an rogha ó thuaidh a bheidh ar Fhianna Fáil a dhéanamh, luath nó mall. Tá páirtí poblachtach amháin gníomhach ar fud an oileáin. Ní bheidh aon dul as ag an bpáirtí poblachtach eile ach aghaidh a thabhairt orthu ó thuaidh.

Níl ach aon rogha amháin ag Micheál Martin dáiríre: cén uair a dhéanfaidh sé í.

Fág freagra ar 'Tá trí rogha chinniúnacha le déanamh ag Micheál Martin'