Tá ‘to unionize a workforce’ sa Bhéarla, ach an gá ‘foireann oibre a cheardchumannú sa Ghaeilge’?

FRIOTAL: Dar mo bhriathar! Tá treo nua sa Ghaeilge, dar lenár gcolúnaí: briathra a dhéanamh d’ainmfhocail

Cartún 1

Achasán a thugtar dár gcomh-Eorpaigh, na Gearmánaigh, nach bhfuil aon acmhainn grinn acu. Anois, shíl mé riamh gur earráid atá ann tréithe pearsanta a chur i leith pobal iomlán, ach a rá go bhfuil easpa grinn ag baint leis an náisiún a thug dúinn Dudelsack (píb mhór) agus Kuddelmuddel (praiseach)? Arú, a dhuine, bíodh trí splaideog Verstand agat!

De réir fhoireann an fhoclóra Langenscheidt, tá merkeln ar cheann de na nuafhocail is minice a bhíonn ar bharr a dteanga ag Gearmánaigh. Briathar atá ann, a ceapadh ó shloinne Angela Merkel. Is é an chiall atá leis ná bheith ag braiteoireacht, gan a bheith ábalta cinneadh a dhéanamh agus gníomhú dá réir sin. (Tréithe nár shamhail mise le hAngela chóir riamh, ach is cosúil gur fearr an aithne atá ag a muintir féin uirthi.)

B’fhurasta dúinn é a thraslitriú agus a úsáid inár saol polaitiúil féin; ‘tá Enda Kenny ag meircleáil faoi dháta an olltoghcháin.’ Ach is annamh a dhéantar briathar Gaeilge d’ainm pearsanta. Go deimhin, bhíodh drogall áirithe ar na Gaeil briathar a dhéanamh den ainmfhocal féin. Ina áit sin, bhíomar ag brath ar na briathra cúnta ‘déan’ agus ‘cuir’. Ba ghnách linn monatóireacht agus anailís a dhéanamh ar an gheilleagar, picéad a chur ar chruinniú agus pónairí a chur i gcannaí. Inniu, bíonn an geilleagar á mhonatóiriú agus á anailísiú, cruinnithe á bpicéadú agus pónairí á gcannú.

‘Bhí an rogha sin ann i gcónaí,’ a déarfaidh tú. Cinnte, tá ‘picéadaigh’ agus ‘cannaigh’ agus a lán eile in FGB; scéal eile ar fad cén úsáid a bhaintí astu. Rud amháin an t-ainm briathartha a úsáid mar ainmfhocal (‘Bhí picéadú an-choitianta an t-am sin.’); rud eile ar fad gníomhaí a chur leis an bhriathar (‘Phicéadaíomar an cruinniú.’).

Nuair a scríobhfar stair na tréimhse seo den Ghaeilge, is dóigh liom go dtabharfar suntas don chlaonadh seo i leith na hainmfhoclachta. Braithim lorg an aistriúcháin ar a lán de – murach go bhfuil to unionize a workforce sa Bhéarla, is ar éigean a bheadh foireann oibre a cheardchumannú sa Ghaeilge. Is furasta dúinn an Ghaeilge a chur as a riocht agus béarlagair mar seo inár gcluasa de shíor: All of these factors impact upon budgetingCustomers were surveyed about ticketing options. Tá a shliocht ar an Ghaeilge bhocht:

Tá Sinn Féin tábhachtach sa Dáil agus ag tionchar ar smaoineamh agus eachtraí sa Phoblacht.

Dúirt 41% de dhaoine a suirbhéadh i dTuaisceart Éireann nach raibh aon mhothúcháin ar leith acu faoin nGaeilge.

Is iomaí cor a thagann i dteanga bheo, dar ndóigh, agus ní shéanaim nach bhfuil bua na gontachta ag leaganacha nach bhfuil ‘déan’ nó ‘cuir’ ag sodar ina ndiaidh. Beidh dúil agamsa i ‘buiséadú’ agus fuath agatsa ar ‘ticéadú’ – is annamh a bhítear ar aon aigne faoi chúrsaí stíle. Is dócha go rachaidh an ainmfhoclacht i dtreis de réir mar a bheas an Ghaeilge thraidisiúnta ag meath. Tá sé chomh maith againn dul i dtaithí air. ‘I mo dhiaidh, mar sin: ‘meirceálaim, meirceálann tú, meirceálann sé…’

Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie

Fág freagra ar 'Tá ‘to unionize a workforce’ sa Bhéarla, ach an gá ‘foireann oibre a cheardchumannú sa Ghaeilge’?'

  • Colmán

    Shíl mé gur ag caint ar cheardchumainn ghaelacha d’oibrithe Gaeilge a mbeifeá. Ach alt maith mar sin féin. Chonaic mé ceann i mBF ar na moillibh – Bia sheirbheáladh ar fáil – nó rud éigin cosúil leis sin. B’éigin domh dul i gcomhairle an Bhéarla – ‘food service available’.