‘Tá súil agam nach mbeimid ag péinteáil go dtí a trí a chlog ar maidin!’ – lucht Ghallarais ag prapáil do Chomórtas Peile na Gaeltachta 2019

Labhair Tuairisc.ie le Conall Mac Gearailt faoin obair atá déanta ag Cumann Caide na Gaeltachta chun fáil réidh do Chomórtas Peile na Gaeltachta atá á reáchtáil ag deireadh na míosa seo i gCorca Dhuibhne

‘Tá súil agam nach mbeimid ag péinteáil go dtí a trí a chlog ar maidin!’ – lucht Ghallarais ag prapáil do Chomórtas Peile na Gaeltachta 2019

Meitheal oibre Chumann Caide na Gaeltachta. Pictiúr: AnGhaeltacht/Twitter

Nuair a bhíodh lucht Chumann Caide na Gaeltachta ag taisteal chuig Comórtas Peile na Gaeltachta le blianta beaga anuas, ní ag tabhairt tacaíochta dá bhfoireann amháin a bhíodh siad, ach iad ag staidéar chomh maith.

Agus fios acu go raibh an fhéile pheile le filleadh ar Ghallaras in 2019, chuaigh an lucht eagrúcháin chomh fada le Maigh Cuilinn, Ard an Rátha, Tuar Mhic Éadaigh agus áiteanna nach iad ar mhaithe le taighde.

“Le sé nó seacht de bhlianta bhíomar ag dul go dtí na comórtais féachaint cad a bhí á dhéanamh acu. Cad a d’oibreodh thiar againne, cad nach n-oibreodh? Cad a bhí daor ach arbh fhiú an infheistíocht a dhéanamh ann?” a mhínigh Conall Mac Gearailt, duine de lucht eagrúcháin na bliana seo.

Agus Comórtas Peile na Gaeltachta éirithe chomh mór agus atá, tá i bhfad níos mó oibre i gceist agus is minic san am a caitheadh go bhfágtaí clubanna ar bheagán comhairle maidir le conas an rud uile a thabhairt le chéile.

Tháinig athrú air sin roinnt blianta ó shin nuair a shocraigh coiste eagrúcháin na Rinne comhairle a chur ar fáil do na cumainn eile a bheadh ag tabhairt faoi eagrú an chomórtais. Lorg Mac Gearailt cúnamh ó bheagnach gach cumann a d’óstaigh an Comórtas ó shin agus deir sé go raibh an chomhairle a fuair sé “nótáltha” ar fad.

“Bhíos ag caint le Irial Mac Murchú ón Rinn, le Máire Ní Cheallaigh in Ard an Rátha, le Pádraic Ó Neachtain i Maigh Cuilinn, le Michelle Uí Shuibhne i mBaile Bhuirne agus le Micheál Ó Fhlainn i dTuar Mhic Éadaigh. Lorgaíos comhairle uathu sin agus chuireas ceist orthu conas a dheineadar é seo agus conas a dheineadar é siúd.”

Tá Corca Dhuibhne ar cheann de na láithreacha is mealltaí do dhaoine a bheadh ag iarraidh freastal ar an gComórtas Peile agus cé go bhfuil cleachtadh acu sa cheantar ar a bheith ag freastal ar go leor cuairteoirí agus turasóirí, cruthaíonn sé sin deacrachtaí don choiste eagrúcháin chomh maith, go háirithe agus an comórtas á reáchtáil deireadh seachtaine mór na Cincíse.

“Tá roinnt mhaith lóistín anseo thíos ach ’sí an fhadhb atá againn ná gur deireadh seachtaine mór turasóireachta atá ann,” arsa Mac Gearailt. “Bíonn sé deacair teacht ar lóistín mar má bhíonn rogha ag tigh lóistín idir cúpla Meiriceánach a bheith ag fanacht leo nó foireann caide, thuigfeá dóibh an rogha a dhéanfaidís!”.

750 leaba san oíche atá ag teastáil do na himreoirí uile a bheidh ag glacadh páirt sa chomórtas agus tá an sprioc sin bainte amach ag an lucht eagraithe. Tá súil ag Mac Gearailt anois go mbeidh lucht leanúna na gcumann go léir in ann lóistín a fháil dóibh féin.

“Tá siad ag dul san iomaíocht lenár gcairde Francacha, Gearmánacha agus Sasanacha a bhíonn ag teacht anseo chomh maith an deireadh seachtaine céanna ach táimid ag d’iarraidh freastal orthu uile!”

Toisc gan an oiread sin lóistín timpeall ar Ghallaras féin, beidh cuid mhaith daoine lonnaithe sa Daingean. Cé go mbeidh an rogha ag daoine atá ag iarraidh briseadh a fháil ón bpeil cuairt a thabhairt ar an Daingean, deir Mac Gearailt go bhfuil siad ag déanamh chuile iarracht a chinntiú go bhfanfaidh daoine timpeall ar Ghallaras.

Beidh bus ag dul isteach agus amach go dtí an Daingean i rith an deireadh seachtaine agus é ag freastal ar na bailte eile ar an leithinis chomh maith.

“Beidh muid ag cur seirbhís iompair ar fáil ag dul ó thuaidh agus ó dheas, Ceann Trá, Baile an Fheirtéaraigh, An Fheothanach. Beidh costas orainn gan dabht ach tabharfaidh sé an rogha sin do dhaoine dul siar i gcomhair tamaillín agus a bheith cinnte go mbeidh slí abhaile ar fáil dóibh ag deireadh na hoíche,” a deir Mac Gearailt.

“Beidh ollphuball deas againn. Beidh spás lasmuigh den ollphuball do dhaoine nach dteastaíonn uathu a bheith díreach istigh i lár an aicsin agus beidh roinnt bord againn lasmuigh ansin.

“Tá súil againn go mbeidh an aimsir go deas, nach mbeidh an ghaoth ag séideadh agus nach mbeidh an ceo anuas go talamh ach níl aon leigheas againne air sin má bhíonn sé amhlaidh, is dócha!”

Agus gan fágtha anois ach trí seachtaine roimh thús an chomórtais, tá cuid mhaith de na jabanna is mó atá le déanamh déanta agus carrchlós agus páirc iomlán nua tógtha.

Níl le déanamh anois ach na rudaí beaga, glanadh, péinteáil agus mar sin de. Ach mar is eol dóibh go maith i nGallaras, tógann na rudaí sin roinnt mhaith ama chomh maith.

“Rinneadh an chéad chlubtheach a bhí againn a chríochnú amach díreach in am do Chomórtas Peile 1985, a bhí anseo thíos an bhliain sin,” arsa Mac Gearailt.

“Tá scéal ag na daoine faoin bhfear atá i bhfeighil choiste na páirce nua anois [Tommy Jim MacGearailt] go raibh sé ag péinteáil na seomraí feistis ag a trí a chlog ar maidin roimis an chomórtais sin i 1985. Tá súil agam nach mbeidh orainn a bheith ag péinteáil go dtí a trí a chlog ar maidin in 2019!”

Fág freagra ar '‘Tá súil agam nach mbeimid ag péinteáil go dtí a trí a chlog ar maidin!’ – lucht Ghallarais ag prapáil do Chomórtas Peile na Gaeltachta 2019'