‘Tá súil agam bláth a fheiceáil ar na crainnte úll a chuir mé’ – súil chun cinn ar 2019 le Diarmuid Johnson

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar 2019 le Diarmuid Johnson, údar ‘Tuatha Dé Danann’, a bhuaigh gradam ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ An Post in 2018

‘Tá súil agam bláth a fheiceáil ar na crainnte úll a chuir mé’ – súil chun cinn ar 2019 le Diarmuid Johnson

An bhfuil aon rún agat don bhliain 2019?

Bheadh sé de rún agam an chéad leabhar eile a scríobh. Ní dhéarfaidh mé an iomarca faoi Éadaoin ar fhaitíos na bhfaitíos. Ach tá an leagan amach déanta, agus cloisim cogar ón sí. Scríobhfar beagán go cinnte!

Céard é an rud is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2019?

Bláth a fheiceáil ar na crainnte úll a chuir mé cúpla bliain ó shin. Tá lán goirt acu ann, sin agus piorraí, plumaí agus silíní. Nuair a bheas an toradh céatach orthu amach anseo, beidh sú na bliana agam, ní áirím an braon meisciúil.

Céard é an rud is mó nach bhfuil tú ag súil leis in 2019?

Is beag nach iad toghcháin na hEorpa 2019 is lú a bhfuil mé ag súil leo.

Má sciobann na faisistigh mórán de na suíocháin, tá an baol ann go dtiocfaidh deireadh le hAontas na hEorpa, agus ní bheidh de thoradh air sin sa deireadh thiar ach cogadh eile. Teastaíonn malairt treo. Níl aon dea-thuar ann go fóill.

Céard é an t-imeacht is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2019?

Tá súil agam duine muinteartha liom a thabhairt chuig coirm cheoil sa gCeoláras Náisiúnta. Is é an veidhleadóir Maxime Vengerov a bheas i  mbun na hoíche. Níor chuala mé an 9ú Siansa le Dvořak beo cheana.

Cén chúis dóchais is mó atá agat don bhliain 2019?

Tráth den tsaol, shíl mé go mbeadh réiteach ar fhadhbanna na cruinne le mo linn féin. Tuigim anois nach mbeidh. Níl cúis dóchais ann go bhfios dom mar sin ach obair as lámha a chéile le tábhacht an airgid a laghdú inár saol féin. Bímis sásta leis an mbeagán. Déanaimis gníomh carthanais.

Céard é an rud is mó ba mhaith leat a bhaint amach in 2019?

Gan mé féin a ligean ó mhaith ná ó chéill! Níl uaim ach gan a dhul amú, agus comaoin a chur ar an saol a bhíonn i mo thimpeall. Is dóigh dá bhféadfainn ceann de na hamhráin mhóra a rá i gceart, ‘Amhrán Rinn Mhaoile’ cuir i gcás, is dóigh go mbeinn sásta go leor.

Dá bhféadfá rud amháin a athrú faoi shaol na hÉireann in 2019, céard a d’athrófá?

B’fhurasta a rá gur mhaith liom athaontú na tíre. Le glan na fírinne a inseacht, b’fhearr liom córas sláinte poiblí agus córas oideachais tuata a bheith sa bPoblacht i dtosach. Ní hionann an dá rud. Ach ghlacfainn le ceachtar acu!

Sláinte agus saol.

Fág freagra ar '‘Tá súil agam bláth a fheiceáil ar na crainnte úll a chuir mé’ – súil chun cinn ar 2019 le Diarmuid Johnson'