Tá snas a chur agam ar mo chuid Tliongáinise fad is atáim ag fanacht ar mo dheontas don ‘sci-fi’ Gaeilge

Pólstar atá ár gcolúnaí ag tabhairt air féin feasta agus rún aige an cultúr Gaelach a shaibhriú le ‘fics-eol’

Tá snas a chur agam ar mo chuid Tliongáinise fad is atáim ag fanacht ar mo dheontas don ‘sci-fi’ Gaeilge

“Armoured cars and tanks and guns

Came to take away our sons

But we will stand behind the men,

The men behind the wiiiirrrrreee!”

Bhí mórán dea-rún agam le linn an imtheorannaithe, mo leithscéal, le linn na dianghlasála. Sea, níor chuir an rialtas taobh thiar de chlaí mé ach ar mo thóin ar an tolg. B’fhearr é, gan amhras, ná bheith caite ar thóin jíp ach, a Thiarna, imtheorannú a bhí ann mar sin féin; laethanta fada leadráin, gan deis dul amach, agus bagairt an dlí taobh thiar den iarraidh shíoda i gcónaí: bí i do bhuachaill maith nó…

Bhí mórán dea-rún agam. Fuair mé amach go raibh mé in ann YouTube a aimsiú ar an teilifís. Iarracht uimhir a billiún, mar sin, le snas a chur ar mo chuid Gearmáinise agus d’aimsigh mé cuid mhór físeán a bhain leis an teanga. Tá Gearmáinis an-mhaith agam anois. Bhuel, níl. Tá éisteacht an-mhaith agam ar an Ghearmáinis anois. Ní hionann an dá rud.

Rinne mé iarracht snas a chur ar an bheagán bheag bheag Iodáilise a bhí agam ach cad é is fiú? Tá teanga cheolmhar amháin agam agus níl an dara ceann de dhíth orm.

Cúrsaí polaitíochta? Sucann cúrsaí polaitíochta.

Cad é seo? Coimicí? Bhuel, is maith liom coimicí. Físeáin ar dheacrachtaí DC agus Marvel le linn na géarchéime. Anois, tá tú ag caint. Fadhbanna díolacháin agus léitheoirí míshásta le forbairt na ngreannán. Tá sin i bhfad níos spéisiúla ná Boris agus Leo.

Agus fan! Stuif anseo ar Star Trek agus Star Wars agus an Marvel Cinematic Universe. Bhuel, cad chuige nach raibh a fhios agam faoi seo roimhe? Chonaic mé an chéad sraith de Star Trek le Kirk agus a chairde nuair a craoladh é fadó fadó. Chonaic mé Star Trek: the Motion Picture i mBéal Feirste i bpictiúrlann nach ann di níos mó. Agus Star Wars fosta i bpictiúrlann eile nach ann di níos mó. Agus Aliens i bpictiúrlann eile nach ann di níos mó. Sea, níl an chumha mar a bhí.

Sea, is maith liom ficsean eolaíochta nó fics-eol más fearr leat.

Agus amharc go bhfuil an oiread sin cainéal YouTube ann ag plé leis an tseánra. Seo míreanna ar na soithí áirithe spáis a bhí ar Star Trek agus ar Star Wars. Ní raibh a fhios agam an oiread sin acu bheith ann. Déanann na tráchtairí céanna cur síos tromchúiseach ar shoithí nárbh ann dóibh riamh, á rangú ceann ar cheann, ag insint duit cá mhéad a bhíonn ar bord, gunnaí, luas, gach uile rud.

Fascinating, mar a déarfadh Spock.

Tá seo i bhfad níos fearr ná, bhuel, eolas, fíoreolas.

Leanaim liom ar chonair na réaltaí.

Seo anois plé ar chéim a ceathair sa Marvel Cinematic Universe. (Fan! Tá Gaeilge agat. Faigh an Ghaeilge air sin ar tearma.ie anois. Cruinne Chineamatach Marvel nó CCM) Tá caint ann ar scannáin atá le bheith ann, scannáin atá curtha ar ceal agus scannáin atá curtha ar athló. Tá caint ann ar fhorbairt na gcaracthar agus ar an bhuairt go rachaidh an t-ábhar in olcas. Tá an chosúlacht ar an scéal go mbeidh scannáin de chuid an CCM againn go ceann fiche bliain eile nó mar sin. Níl a fhios agam an mbeidh an fuinneamh ionam.

Mar sin féin, tá lucht CCM ag déanamh níos fearr ná lucht DC. Diomaite de Aquaman agus Wonder Woman, ní raibh rath ar a gcuid scannán. Bheinn ag teacht leis sin. Tá caint ann ar leagan Snyder de Justice League, scannán fíorolc a shíl mé. Níl a fhios agam an mbacfainn le leagan eile de. (B’fhéidir gur cheart dom alt a scríobh air sin?)

Tá caint ann fosta faoin díobháil atá déanta ag Disney do thraidisiún Star Wars, díobháil níos measa ná mar a rinne George Lucas féin leis na trí réamhscannáin a tháinig i ndiaidh na mbunscannán le Mark Hamill agus Carrie Fisher. Bhí réamhscannáin Lucas chomh holc sin nach dtiocfadh le Liam ‘I have a very particular skill set’ Neeson ná Samuel ‘Motherfucker’ L. Jackson féin iad a shábháil. Sin olc, like, really droch.

Agus níl mórán daoine sásta leis an léiritheoir J.J. Abrams, an fear a rinne scannán maith amháin le Star Trek (an leagan nua le Chris Pine et al) ach a chac sa nead go luath ina dhiaidh sin le Star Trek: Into Darkness. Thréig sé an tEnterprise sa deireadh agus chuaigh anonn go réaltra i bhfad i bhfad i gcéin le scannáin Star Wars a dhéanamh.

Ní fiú biorán na scannáin a rinne sé sa tsraith sin ach an oiread. Rogue One an t-aon scannán leathfhiúntach as measc na gcinn nua ar fad. Bite mé, má chreideann tú a mhalairt.

Agus fan! Cad é seo? Tuilleadh físeán ar Babylon 5, sraith fics-eol nach maith le cuid mhór leantóirí fics-eol. (Sea, tá mé le rud a dhéanamh de “fics-eol”. Fágfaidh mé focal amháin i mo dhiaidh leis an chultúr a shaibhriú.)

Cháin Sheldon Cooper féin Babylon 5, á rá nach raibh dúil aige ann agus go raibh sé “derivative”. Hmm, tá an-mheas agam ar Sheldon Cooper mar eolaí ach níl a fhios agam an bhfuil an ceart aige an iarraidh seo.

Tá an t-am ann le hathmhachnamh a dhéanamh ar Babylon 5. Tá an t-am ann fealsúnacht agus éifeachtaí speisialta agus plotaí agus cultúr Babylon 5 a chur roimh phobal úr. Is mise an té a dhéanfas. Tá bearna sa mhargadh aimsithe agam – cainéal YouTube i nGaeilge ar chúrsaí fics-eol.

“Pólstar” a thabharfaidh mé air. An dtuigeann tú? Pólstar! Há há. A luaithe agus a thiocfas an deontas ón Fhoras, déanfaidh mé é. Idir an dá linn, tá tuilleadh taighde le déanamh ar Starfuries, battle cruisers, photon torpedoes agus snas a chur ar mo chuid Tliongáinise. (Sea, tá Tliongáinis ar téarma.ie! Tús maith, leath na hoibre.) Níl mórán eile le déanamh agam, i ndáiríre:

“Armoured Cardassians, Ferengi and Narn

Came to beam away our Soong

But we will stand behind the Borg,

The Borg behind the Jeeeediiiii!”

Fág freagra ar 'Tá snas a chur agam ar mo chuid Tliongáinise fad is atáim ag fanacht ar mo dheontas don ‘sci-fi’ Gaeilge'