Tá seoda cearta Gaeilge i gcartlann RTÉ ach iad a chraoladh an athuair

I bhfad ónár gcolúnaí bealach éalaithe bog a thabhairt do RTÉ i dtaobh a chuid dualgas i leith na Gaeilge, ach níl cartlann an stáisiúin ach leath-thochailte, dar leis...

Tá seoda cearta Gaeilge i gcartlann RTÉ ach iad a chraoladh an athuair

Tuairim is deich gcinn d’fhístéipeanna d’ábhar TnaG/TG4 atá cruinnithe agamsa faoi seo. Tá comharsa liom ag cur an ábhair ar DVDanna dom. Ba dheas é a roinnt leis an bpobal ar líne amach anseo, ach cead a fháil ó na húdaráis chuí.

Dála an charnáin téipeanna atá agam d’ábhar Raidió na Gaeltachta, tá tras-scríobh á dhéanamh agam ar chuid den ábhar seo thuas le blianta fada, agus mura bhfuil ceacht Gaeilge ann do chách, ní lá fós é.

Cartlannaí neamhoilte mé ach oiliúint de mo chuid féin curtha agam orm féin in imeacht na mblianta. Innéacsú, catalógú agus tras-scríobh déanta agam dá réir.

Fágann an tochailt seo agam ar ábhar TG4 agus Raidió na Gaeltachta gur minic ag póirseáil trí chartlann teilifíse RTÉ mé.

I bhfad uaimse bealach bog éalaithe a thabhairt don chraoltóir náisiúnta i dtaobh a chuid dualgas i leith na Gaeilge, ach seoda is ea cuid de na cláir Ghaeilge atá i gcartlann an stáisiúin, dá rithfeadh le héinne iad a chraoladh an athuair.

Is geall le ciapadh, dar liom, cuid de na míreanna beaga gairide a chraoltar ón gcartlann chéanna ó am go ham. Ní túisce thú meallta agus curtha faoi dhraíocht ag mír, idir dhea-chaint agus ábhar, ná stopann sí go tobann. Bíonn tú ansin i do shuí agus do bhéal ar leathadh agus is beag nach mbriseann gol ort, faoi mar a bheadh páiste a sciobfaí burgar as a lámha agus é ar tí plaic a bhaint as.

Bíonn blas ar an mbeagán, a deirtear, ach tá uisce faoi mo chuidse fiacla le fada agus déarfainn go bhfuil sé thar am cuid de na seanseoda a chraoladh ina n-iomláine an athuair. Cén dochar má léirítear tuairimí na linne úd agus go bhfuil athbhreithniú déanta ar na tuairimí sin ó shin? Bhain léiriú agus script den chéad scoth lena lán acu.

Ní lia duine ná tuairim ach ba bhreá liomsa cuid de na cláracha seo a leanas a fheiceáil:

  1. Cláracha faisnéise Mhichael Davitt faoi Sheosamh Ó hÉanaí, Máire Mhac an tSaoi agus Aogán Ó Rathaille.
  2. Agallamh Aindriais Uí Chathasaigh le Seán Ó Ríordáin ina iomláine, agus aon chlár nó aon mhír eile ina bhfuil glór Uí Chathasaigh le cloisteáil.
  3. Míreanna as an tsraith Féach. Sheasfá sa sneachta ag éisteacht le reachtairí na sraithe seo – Proinsias Mac Aonghusa ina measc – ach is é mo rogha-sa na míreanna cainte a rinne Breandán Ó Buachalla le Breandán Ó hEithir faoi fhilí Chúige Uladh. Dhá Bhreandán. Dhá chainteoir den scoth.
  4. Ós ag caint air é, Aisling Bhreandáin, clár faisnéise Bhreandáin Feiritéir ar an Ollamh Breandán Ó Buachalla. Cainteoir breá eile ar an stiúir.
  5. Seán Ó Ríordáin: Rí ar an Uaigneas. An tOllamh Seán Ó Coileáin a scríobh. An léachtóir agus an craoltóir Diarmaid Ó Muirithe a léigh. Tá cuma dhiamhair air, más aon slat tomhais é tús an chláir.
  6. Aon chlár nó aon mhír ina bhfuil na seanmháistrí le cloisteáil; Pádraig Tyers, Pádraig Ó Méalóid agus Liam Budhlaeir ina measc, gan trácht ar ghlúin INNTI.
  7. Aon ábhar a bhaineann le Cúige Uladh nach bhfuair a cheart de bharr paróisteachais agus cúngaigeantachta i dtaobh cúrsaí canúna.

Má bhíonn sciorta den ádh orainn, beidh foireann RTÉ sách béasach agus na seoda thuas a roinnt linn ar líne gan fógraí Béarla a bheith ceangailte lena dtús, faoi mar atá le mí nó dhó anuas.

Más ag féachaint siar atáim thuas, leomhfainn a rá go bhfuil clár faisnéise eile ag dul do Bhreandán Ó Buachalla, dá fheabhas é ceann Bhreandáin Feiritéir. Shamhlóinn go raibh srianta ama ar an bhFeiritéarach de bharr a imeallaí a bhíonn na pearsana agus na cúrsaí seo i súile lucht bainistíochta Dhomhnach Broc. Leathuair a’ chloig a mhair a chlár aoibhinn, más buan mo chuimhne. B’fhiú clár uair go leith a thiomnú don scoláire Corcaíoch. B’fhiú déanamh amhlaidh do Phádraig Ó Fiannachta, leis. Mícheál Ó Sé ab fhearr chun a scéalsan a chíoradh dúinn ó thaobh an ghuthaithe de.

Fág freagra ar 'Tá seoda cearta Gaeilge i gcartlann RTÉ ach iad a chraoladh an athuair'

  • Bairbre

    Céard faoi Éamonn de Buitléar agus an clár iontach sin “Amuigh faoin Aer” – sheasfadh na cláir sin mar chláir timpeallachta den scoth fós

  • Colm Ó snodaigh

    Cathain ar craoladh clár Bhreandáin faoin mBreandán eile?

  • Ciarán Ó hAgáin

    Ba dheas na cartlanna a roinnt leis an bpobal ar líne. Ach faror níl smórán suim ann,,, fiú suim ar bith,
    Mar shampla, ar mo Twitter inné
    https://twitter.com/Feilire
    luaigh mé an clár faisnéis, Uachtaráin,6,Pádraig Ó hIrighile https://youtu.be/3bzzSdMf8N8
    agus “Aistear na nGael” https://youtu.be/z5gmxD5PGaY
    Ach amhairc ar bith … ar bith! ==> ábhar imní