Tá sé thar am go gcloisfí glór na n-oibrithe san allagar polaitiúil

Ní bronntanas ó na huaisle na cearta atá le baint amach trí athrú rialtais agus polasaithe nua i dtaobh tithíochta, sláinte is forbartha

Tá sé thar am go gcloisfí glór na n-oibrithe san allagar polaitiúil

Ba é Karl Marx ar ndóigh ba thúisce a d’aithin gur coimhlintí idir aicmí eacnamaíochta ba bhun leis an bpolaitíocht. Agus is as an tuiscint sin a tháinig páirtithe ar nós Pháirtí an Lucht Oibre ar an saol.

Go deimhin i 1912, i gCluain Meala, ag cruinniú cinn bhliana de chuid Chomhdháil Cheardchumann na hÉireann, mhol James Connolly, Jim Larkin agus Liam Ó Briain go mbunódh na ceardchumainn páirtí polaitiúil dá gcuid féin le haidhmeanna polaitiúla na gluaiseachta a chur chun cinn.

Bíonn Páirtí an Lucht Oibre inniu ag maíomh as sin gan stad, ach is beag aird a thugann an páirtí ar dhearcadh Marxach Poblachtach Uí Chonghaile ná ar oidhreacht mhíleata an chomhraic thionsclaíochta a chleacht an Lorcánach.

Ní hamháin gur dhiúltaigh an páirtí glacadh leis an suíochán ag leibhéal ceannaireachta na gluaiseachta náisiúnta, ar éirigh le Connolly é a bhaint amach, ach ó na 1950idí ar aghaidh ní raibh aon leisce orthu dul i mbun rialtais le Fine Gael agus córais déine a chur i bhfeidhm ar na ceardchumainn agus na ceardchumannaigh a bhunaigh an páirtí.

Ba é an tréimhse idir 2011-2016 an ceann ba mheasa díobh uilig, is níl aon chosúlacht ann go bhfuil aon bhiseach i ndán don pháirtí tar éis na tubaiste sin.

Is léir inniu nach bhfuil aon tionchar ag na ceardchumainn ar pholasaithe nó ceapacháin sa pháirtí agus is beag ionadaí acu a thagann ó chúlra an cheardchumannachais ach an oiread. Tá Ged Nash ann, cinnte, ach cé eile?

Ach cé nach mbíonn tionchar ag na ceardchumainn ar pholasaithe Pháirtí an Lucht Oibre, bíonn tionchar as cuimse ag eagraíochtaí stocaireachta lucht rachmais agus tionscal ar Fhine Gael agus Fianna Fáil araon: tábhairneoirí, ceantálaithe, dlíodóirí, lucht airgid, tógálaithe is daoine eile.

Agus arís, má tá ceardchumannaithe gann i bPáirtí an Lucht Oibre (seachas na múinteoirí a bhíonn le fáil i ngach páirtí Dála), ní ann dóibh sa dá shean-mhórpháirtí ach oiread.

Go deimhin, má tá tú ag lorg ceardchumannaí i measc na dTeachtaí Dála, caithfidh tú dul go dtí Sinn Féin: Louise O’Reilly, Kathleen Funchion, Maurice Quinlivan, Réada Cronin, Patricia Ryan, Johnny Guirke, Imelda Munster, Thomas Gould is daoine eile nach iad.

Sea, tá Sinn Féin go mór chun cinn ar na páirtithe eile maidir le rannpháirtíocht cheardchumannaithe i measc a gcuid ionadaithe poiblí, ach fós féin níl aon cheangal oifigiúil idir an páirtí sin agus gluaiseacht na gceardchumann i gcoitinne.

Laige é sin, ní hamháin do Shinn Féin ach do na ceardchumainn freisin.  Tá Sinn Féin, an páirtí is treise ar an eite chlé, fágtha gan aon chur isteach rialta ó eagraíochtaí na n-oibrithe, agus fágtar ceardchumainn gan uirlis pholaitiúil chun a gcuid moltaí a chur i bhfeidhm.

Tá a lán ceardchumann anois i ndiaidh a gceangal le Páirtí an Lucht Oibre a bhriseadh, ach tá SIPTU, an ceardchumann is mó, fós ceangailte leis, ag cur airgid isteach sa pháirtí agus gan an beagán acu ar a shon. Agus ní fheicim gur fiú feachtas a bhunú le gluaiseacht na gceardchumann a cheangal le páirtí eile nó le páirtí nua, mar údar scoilte rómhór a bheadh ann.

Tá na ceardchumainn scaipthe anois ar choistí polaitíochta, go háirithe na ceardchumainn siúd a bhris an ceangal a bhí acu le Páirtí an Lucht Oibre. D’fhéadfadh na coistí sin dul i gcaidreamh leis na páirtithe ar an eite chlé ar fad, a gcuid polasaithe féin a mhíniú más gá agus tacaíocht a lorg dóibh.

Ag brath ar na freagraí a gheobhaidís d’fhéadfadh na ceardchumainn ansin tacaíocht phoiblí a thabhairt do pháirtí faoi leith nó do raon páirtithe, bunaithe ar a gcuid prióireachtaí polaitiúla féin.

Deirtear san amhrán an Internationale nach dtiocfaidh slánaitheoir ó na ceithre hairde chun muid a shaoradh agus gur fúinne féin atá.

Agus seo bealach chun na ceardchumainn a chur sa troid.

Ag deireadh thiar ní bronntanas ó na huaisle na cearta atá le baint amach trí athrú rialtais agus polasaithe nua i dtaobh tithíochta, sláinte is forbartha, ach bealach ag an aicme oibre buntáiste a fháil as na cearta sin.

Ta eagraíochtaí pobail eile ann, freisin: cumainn áitritheoirí is tionóntaí, eagraíochta forbartha áitiúla, lucht cosanta na Gaeltachta, gluaiseacht na mban is eile.  Ach is iad na ceardchumainn an uirlis chatha is láidre san armlón atá againn ar mhaithe le hathrú a dhéanamh ar dhrochstaid na tíre.

Faoi láthair ní labhraíonn an aicme oibre thar a ceann féin, is fágtar ag polaiteoirí é sin a dhéanamh.  Nárbh fhearr i bhfad dá mbeadh na hoibrithe eagraithe agus a nglór le cloisteáil sa troid pholaitiúil atá chomh riachtanach sin don iliomad duine in Éirinn, thuaidh is theas, Gaeltacht is Galltacht?

Fág freagra ar 'Tá sé thar am go gcloisfí glór na n-oibrithe san allagar polaitiúil'