‘Tá sé seo deacair ach tá sé indéanta’ – Coveney dóchasach maidir le socrú Breatimeachta

Tuairiscíodh ar maidin go ndéanfadh lucht idirbheartaíochta na Breataine moltaí nua i dtaobh cheist na teorann inniu

‘Tá sé seo deacair ach tá sé indéanta’ – Coveney dóchasach maidir le socrú Breatimeachta

Deir lucht an dá thaobh sna cainteanna Breatimeachta go bhfuil seans ann i gcónaí go dtiocfar ar réiteach ar an tsáinn Breatimeachta ag cruinniú mullaigh an AE an tseachtain seo.

Dúirt an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney go raibh seans ann go dtiocfaí ar réiteach má oibríonn an dá thaobh chun clabhsúr a chur ar na cainteanna.

Bhí “dul chun cinn” á dhéanamh ach ba “go mall” é, a dúirt sé.

Dúirt sé go gcaithfí go leor dul chun cinn eile a dhéanamh inniu chun go mbeadh sé ina mhargadh ag an gcruinniú mullaigh.

“Tá sé seo deacair ach tá sé indéanta,” a dúirt Simon Coveney.

Dúirt príomh-idirbheartaí an AE Michel Barnier chomh maith gur féidir teacht ar mhargadh an tseachtain seo ach go mbeadh a leithéid “an-deacair”.

“Is féidir fós teacht ar shocrú. Ar ndóigh caithfidh aon socrú oibriú don uile dhuine – an Ríocht Aontaithe go léir agus an tAontas Eorpach go léir. Ba mhaith liom a rá freisin go bhfuil sé thar am téacs dlí a dhéanamh de dhea-rúin,” arsa Michel Barnier.

Tuairiscítear gur thug Barnier go dtí meán oíche anocht ag Boris Johnson glacadh le teorainn ar muir le go mbeidh socrú aige le cur faoi bhráid Pharlaimint na Breataine Dé Sathairn, mar a mbeidh seisiún urghnách.

Dúirt rúnaí Breatimeachta na Breataine Stephen Barclay go raibh “seans maith” ann go dtiocfaí ar réiteach.

Tuairiscíodh ar RTÉ ar maidin go ndéanfaidh lucht idirbheartaíochta na Breataine moltaí nua i dtaobh cheist na teorann inniu.

Tháinig an scéala sin sna sála ar chruinniú fada a bhí aréir ag Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson le ceannaire agus leascheannaire an DUP, Arlene Foster agus Nigel Dodds.

Tuairiscítear gurb amhlaidh go bhfuil lucht an AE den tuairim nach bhfuil an moladh is déanaí ó Rialtas na Breataine maidir leis an Tuaisceart inghlactha ó tharla é a bheith ródhoiléir agus róchasta.

De réir an phlean sin d’fhanfadh an Tuaisceart in aontas custam na Ríochta Aontaithe ach gcloífeadh sé le rialacha an AE maidir le taraifí.

Idir an dá linn, in ainneoin na cainte gur féidir teacht ar shocrú an tseachtain seo meastar go bhfuil plé á dhéanamh san AE ar conas go bhféadfaí níos mó ama a chur ar leataobh do na cainteanna agus go bhfuil caint ar siúl freisin faoi chruinniú mullaigh eile roimh dheireadh na míosa.

Fág freagra ar '‘Tá sé seo deacair ach tá sé indéanta’ – Coveney dóchasach maidir le socrú Breatimeachta'