Tá sé in am an Predator féin a chur de dhroim seoil agus an aois ag teacht air

Níl mórán maitheasa in ‘The Predator’ agus sinn i dtaobh le leagan an-mhaolaithe den arrachtach a dhein seod aicsin den táirge bunaidh

Tá sé in am an Predator féin a chur de dhroim seoil agus an aois ag teacht air

The Predator

Stiúrthóir/Scríbhneoir: Shane Black

Cliar: Boyd Holbrook, Olivia Munn, Trevante Rhodes, Jacob Temblay, Keegan-Michael Key, Sterling K. Brown, Alfie Allen.

Pé breith a thabharfar ar shaol aisteoireachta Arnold Schwarzenegger i bhfad na haimsire beidh sé le rá faoi gurbh é a chuir dhá chnuasach acmhainneach, seanbhunaithe ar a mbonnaibh.

In ainneoin go bhfuil breis agus ceithre bliana déag ar fhichid gafa tharainn ó chuir Terminator an lucht féachana faoi dhraíocht, beidh an séú gála chugainn an bhliain seo chugainn agus an seanfhondúir é féin i lár an aonaigh ann. Trí bliana tar éis d’Arnie an ráiteas cáiliúil úd ‘I’ll be back; a chaitheamh uaidh tháinig sé os ár gcomhair le scannán aicsin faoi neach neamhshaolta a dhéanann slad ar aonad míleata ard-oilte le fear na hOstaire. D’éirigh le Predator cnuasach buanseasmhach eile a thabhairt ar an saol. Seo é an ceathrú gála agus tá caint ar dhá cheann eile. É sin ar fad gan trácht ar an dá gheábh a thug an ‘Predator’ ar Alien le Ridley Scott.

Ní furasta atá sé cnuasaigh sheanbhunaithe den chineál sin a choimeád sa tsiúl; tá lucht Star Wars iad féin ag dul in abar. Tá cuid de na táirgí seo fréamhaithe i gcultúr/sochaí na tréimhse as ar eascair siad agus is minic go mbíonn carachtar/aisteoir suaithinseach mar mháithreacha leo. Tá an t-aistear achrannach ó na hochtóidí tar éis a rian a fhágaint ar an gcnuasach seo. Dar liom go bhfuil sé imithe ar bóiléagar agus sinn anois i dtaobh le leagan an-mhaolaithe den arrachtach a dhein seod aicsin den táirge bunaidh.

Tá a dhintiúirí scríbhneoireachta go maith ag Shane Black agus saothair cosúil le Kiss Kiss Bang Bang (2005), The Last Boy Scout (1991) agus Lethal Weapon (1987) tagtha óna pheann i gcaitheamh na mblianta. Go deimhin bhí ról tánaisteach aige sa chéad scannán Predator i 1987.

Ghlac sé ról an scríbhneora/stiúrthóra chuige féin don scannán seo; saothar atá ina scannán leantach do na ceithre cinn eile seachas a bheith ina léamh nua ar an gcoincheap.  D’fháiltíos roimh an gcinneadh sin agus mé ag súil go ndéanfaí a thuilleadh iniúchta ar chultúr, sochaí agus tréithe an arrachtaigh.

B’ábhar mór díomá dom mar sin nár tugadh aon éachtaint bhreise le dealramh ar an neach neamhshaolta. Go deimhin ba mhinic gur bithiúnach patuar go maith é agus in áiteanna eile bhí a ghníomhartha ag teacht salach ar a chéile.

Ba tháirgí duairce iad an chéad dá leagan ina raibh carúlacha grinn fite fuaite leis an bhforéigean. Déanann Black, mar is dual dó, míreanna agus comhráite deisbhéalacha grinn a sholáthar dúinn. Bhí an radharc ar an mbus, mar a mbíonn an mheitheal mhire ag cur díobh, an-ghreannmhar. Ar an drochuair, áfach ní dhéanann sé cúram de thoisí duairce sollúnta an tsaothair.

Ceann feadhna mealltach é Holbrook agus tá Munn breá in ann an t-aicsean a chniotáil leis an ngreann agus béarlagair na heolaíochta. Ann as den chuid is mó atá an chuid eile den bhuíon, Allen i ról an Éireannaigh san áireamh.

Tá raidhse tagairtí do scannáin eile sa chnuasach le sochar a bhaint as maoithneachas an lucht féachana, ach is dóigh liom go bhfuil sé in am ag lucht na scannán seo arrachtach seo na ndúnmharuithe a chur de dhroim seoil é féin.

Fág freagra ar 'Tá sé in am an Predator féin a chur de dhroim seoil agus an aois ag teacht air'