Tá sé in am againn éirí as an amaidí faoi chás na Siria agus seasamh leis an tsíocháin…

Agus an lasair sa bharrach sa tSiria, déanaimis scrúdú ar na fíricí gur féidir a bheith cinnte fúthu

Tá sé in am againn éirí as an amaidí faoi chás na Siria agus seasamh leis an tsíocháin…

Tá súil go deimhin ag aon duine a bhfuil ciall ar bith acu nach cogadh dearg idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Rúis an chríoch a bheidh le scéal na Siria.

Ach tá baol i gceart ann go bhféadfadh a leithéid tarlú mura mbíonn ciall ag daoine.

Mar shampla, dá n-ionsódh na Meiriceánaigh an tSiria agus na Rúisigh atá sa tír sin agus dá gcuirfeadh na Rúisigh long chogaidh as Meiriceá go tóin poill mar fhreagra air sin, an bhféadfaí a leithéid de chogadh a sheachaint?

Is é an rud is measa ar fad faoin gcontúirt seo ar ndóigh ná go bhfuil sé bunaithe ar bhréag. Bréag atá i gceist mar nach bhfuil aon fhianaise ann gur tharla ionsaí ceimiceach ar bith in Douma, seachas fianaise na bolscaireachta ó lucht jiohád na heagraíochta na Clogaid Bhána.

Tá an eagraíocht seo, dála an scéil, lonnaithe in Leicester i Sasana, ach glacann RTÉ go háirithe le focal ar bith uathu in ainneoin go bhfuil baint acu le lucht gearrtha scornach sna ceantair ina raibh lucht Jiohád i réim.

Ach déanaimis scrúdú ar na fíricí gur féidir a bheith cinnte fúthu.  Tá Douma anois i seilbh iomlán rialtas na Siria, agus thug siad cead don OPCW (an eagraíocht dhomhanda a scrúdaíonn ionsaithe ceimiceacha) isteach sa gceantar agus sna hoispidéil sular scriosadh an baile le hionsaithe diúracán ag an deireadh seachtaine.

Más fíor go raibh na céadta ag lorg leighis sna hospidéil de bharr ionsaí ceimiceach bheadh a rian le feiceáil fós.

Chomh maith leis sin, an t-am a ndeirtear gur tharla an t-ionsaí seo bhí idirbheartaíocht ar siúl cheana féin leis na trodaithe Jiohád faoi imeacht amach as an gceantar.  Bhí an bua míleata ag an rialtas cheana féin.

Is na daoine a dhiúltaigh imeacht leo, ba dhaoine iad nár thaobhaigh le lucht Jiohád. Cén fáth a ndéanfadh an rialtas ionsaí ar na daoine seo tar éis dóibh bua a fháil orthu?

Agus na pictiúir scanrúla sin a bhí le feiceáil ar RTÉ? Ait nach raibh duine ar bith ag caitheamh éadach cosanta nuair a bhí siad, mar dhea, ag déileáil le daoine a d’fhulaing ionsaí néargháis, murab ionann agus na daoine a bhí i mbun na hoibre céanna i Salisbury.

Agus na páistí bochta ar tugadh cithfholcadh dóibh le huisce fuar as na píobáin? Ní nach ionadh nár bhreathnaigh siad ar a gcompord, cé nach raibh aon chomhartha tinnis orthu.

Ach nach bhfuil stair fhada ag na Rúisigh agus ag rialtas na Siria maidir le heachtraí den chineál seo?  B’in a thug RTÉ le fios dúinn cinnte, ach roinnt laethanta roimhe sin d’admhaigh James Matthis, Rúnaí Stáit Cosanta Mheiriceá nach raibh aon fhianaise ann go raibh baint ar bith ag rialtas na Siria leis na hionsaithe ceimiceacha a cuireadh ina leith in 2013 agus 2017 – líomhaintí a spreag ionsaithe diúracán ó Mheiriceá ar an tSiria.

Agus an fhírinne á hadmháil ag Matthis bhí sé, ag an am céanna, ag ullmhú d’ionsaithe eile atá bunaithe ar eolas bréagach den chineál céanna.

Sea, tá barúil choitianta ann gurb iad na Rúisigh na diabhail agus creidtear go forleathan sa tír seo aon líomhaintí a dhéantar in aghaidh na Rúise.

Tá RTÉ, is léir, ina measc siúd is láidre a chreideann sa bholscaireacht in aghaidh na Rúise.

Breathnaigh ar thuairisc an OPCW maidir leis an ionsaí ar Sergeí Skripal i Salisbury.  Thug RTÉ le fios arís is arís go raibh sé ráite ag an OPCW gur as an Rúis a tháinig an néarghás.

Ach bréag a bhí sa mhéid seo, mar dúirt an OPCW nach raibh sé ar a gcumas a rá cá háit ar cuireadh an néarghás le chéile, cé gurbh é an cineál céanna néargháis é a cuireadh le chéile an chéad uair san Aontas Sóivéadach le linn na 90idí.

Sea, néargháis den chineál céanna…

Cuireann bréaga amú muid.  Tá sé sin sách dona, cinnte, ach nuair atá baol dáiríre ann go bhféadfadh sé a bheith ina chogadh dearg mar thoradh ar na bréaga sin, tá sé in am againn éirí as an amaidí agus tathant ar sheirbhís nuachta i dtír neodrach cloí leis na fíricí in ionad na bolscaireachta.

Is beag tionchar atá ag Éirinn ar na cúrsaí domhanda seo, agus is lú fós an tionchar a bheidh againn nuair a fheictear muid ag sodar i ndiaidh NATO, na Stát Aontaithe agus na Breataine.

Ach más féidir linn rud ar bith a dhéanamh a laghdódh baol cogaidh ba chóir dúinn tabhairt faoi –ar mhaithe leis an gcomhphobal idirnáisiúnta.

Mar is leithne an comhphobal sin ná tíortha NATO agus an Iarthair.  Tá an tSín ann, an India, an Bhrasaíl, an Afraic Theas, agus tíortha eile nach iad.

Agus is cuid den chomhphobal idirnáisiúnta iad an Rúis agus rialtas dlisteanach na Siria.

Mura féidir linn muinín a bheith againn as an rialtas s’againn féin faoi, nár chóir dúinn dul amach muid féin ag agóid ar son na síochána?

Fág freagra ar 'Tá sé in am againn éirí as an amaidí faoi chás na Siria agus seasamh leis an tsíocháin…'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    “Tá RTÉ, is léir, ina measc siúd is láidre a chreideann sa bholscaireacht in aghaidh na Rúise”, a deireann Eoin.

    Más ceadmhach dom a rá, tá Eoin i measc na dtráchtairí a chreideann bolscaireacht na Rúise, ar chúis éicint. Dá ndéarfadh an Rúis agus Putin nach bhfuil 2+2 =4, tá faitíos ormsa go mbeadh Eoin ag iarraidh a chur ina luí orainn gur bréag é agus nach bhfuil sa bhfíric 2 +2 =4 ach bollscaireacht de chuid tíortha uafásacha an Iarthair!

  • Feardorcha

    Tá snáithe den fhírinne ina chaint áfach. Is bolscaireacht “an Iarthair” amháin a chloistear ó mheáin na tíre seo. Ní hann a thuilleadh do chomhfhreagraithe neamhspleácha iontaofa ar fud an domhain – tá an t-eolas ar fad a shlogaimid ag teacht ó fhoinsí áirithe a bhfuil baint acu le taobh amháin de scéal. Poncánaigh agus Sasanaigh a sholáthraíonn ár nuacht idirnáisiúnta ar fad dúinn, geall leis. Ó, ach gan dabht tá leithéidí an BBC iontaofa, nach bhfuil? An bhfuil dearmad déanta againn ar an gclaonadh a léirigh siad maidir le cúrsaí ó thuaidh, gan chaint ar chogaí eile na Breataine i gCéinia, srl. An drong chéanna a d’inis dúinn go raibh Sadaam bocht ag díriú WMDanna ar an Eoraip, táid anois ag rá linn gurb é Assad an rógaire is bithiúnta riamh. An chaint sheafóideach ar “barrell bombs” léiriú eile ar an mbolscaireacht chéanna. Meas tú an ar mhaithe le spórt a gcaitheann siad na billiúin mhóra gach bliain ar chúrsaí spiaireachta agus faisnéise?
    Dúradh linn go raibh na Poncánaigh agus a gcairde ag cabhrú le reibiliúnaigh liobrálacha chun fáil réidh le Assad agus ambaiste féin, cé is mó a d’imigh ó neart go neart ach muca ISIS. Ní haon chomhtharlúint é go bhfuil eitleáin na hIosraeile ag cabhrú le hISIS in aghaidh fhórsaí Assad. Dhein Meiriceá amhlaidh sa Libia agus iad ag iarraidh fáil réidh le Gaddaffi agus féach arís, tá an tír sin anois faoi smacht ag dream ainrialta. Bhí na Meirciceánaigh ag suaitheadh na sluaite san Éigipt chomh maith ach ar ámharaí an tsaoil níor éirigh leo ansin. Gan dabht ní deirtear faic na ngrást linn faoin sléacht agus cinedhíothú atá á déanamh san Éimin ag Meiriceá féin agus a gcairde Arabacha.

  • Breathnóir

    Is é an rud is cinnte ná go bhfuil na mórchumhachtaí ar fad ag insint bréaga maidir lena bhfuil ar bun acu agus maidir leis an méid atá siad ag iarraidh baint amach sa tSiria, agus áiteanna eile – cuirim SAM, RA, an Fhrainc agus an Rúis ar fad san áireamh.
    Is fíor, mar a deir Feardorcha thuas, nach gcluinimid ach taobh amháin den scéal.
    Má bhí an tIarthar ag cumadh scéalta le cogadh a thosú san Iaráic, agus bhí, cén dóigh a bhfuil a fhios againn nach bhfuil siad ag cumadh scéalta ar mhaithe leo féin anois?
    Agus cén fáth go ndearnadh an t-ionsaí an lá SULA raibh lucht OPCW le hiniúchadh a dhéanamh ar an láithreán?
    Mo sheacht mallacht ar na gríosóirí cogaidh ar fad, bíodh siad lonnaithe sa Pheinteagón, i gCreimil Mhoscó, i Londain nó i bPáras.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Níl difríocht ar bith, im thuairimse, idir na daoine a shlogann siar bolscaireacht ‘an Iarthair’ mar a thugann Feardorcha air agus na daoine ar nós Eoin, a shlogann siar bolscaireacht na Rúise faoi chuile ní atá ag tarlú! Tá sé chomh claonta i bhfábhar leagan na Rúise de chuile scéal is atá ‘Russia Today’!

    Tá cúrsaí ina aimhréidh sa tSiria de bharr Meiriceá agus an Rúis ag cur a ladar míleata isteach i gcogadh nár bhain leo. Tá cuid mhór den fhreagracht ar Mheiriceá mar geall ar ISIS a theacht chun inmhe. Níl a gcuid lámha glan ag ceachtar den dá thaobh ach ag imirt a gcluichí móra cumhachta in aghaidh a chéile ar thalamh ársa an tSiria.

  • Gabriel Rosenstock

    An leanann TG4 – dhein an ríomhaire tuaiplis agus TG$ a scríobhadh i dtosach! – an leanann siad RTÉ, focal ar fhocal nó an bhfuil súil eile acu ar an domhan, an tSiria san áireamh?
    https://www.rt.com/
    An bolscaireacht atá againn in áit na nuachta? Nach raibh sé riamh mar sin!
    Féachaimse féin ar RT ní toisc go gcreidim gach focal ó na Rúisigh ach chun bolscaireacht de shaghas eile a bhlaiseadh.

  • Gearóid de Grás

    Aontaím go hiomlán le cur chuige Ghabriel – faigh scéalta ón dá thaobh más féidir agus gach seans go bhfuil an fhírinne i lár baill áit éigin. Ina dhiaidh sin is uile, tá ceisteanna suimiúla loighiciúla tógtha ag Eoin ina alt agus táimse buíoch dó as “súil eile” ar an gcás a fhoilsiú. Ní chiallaíonn sé sin go gcreidim go bhfuil ráitis na Rúiseach ceart, ná baol air. Ach ar a laghad tá ábhar díospóireachta againn a chabhróidh linn teacht ar an bhfírinne, seans.