Tá sé éasca a bheith ag caint ar Kipling, ach caithfear déileáil leis an mBreatimeacht

Seasamh daingean agus caint neamhbhalbh an cur chuige atá ag na Tóraithe i leith an Phrótacail iarBhreatimeachta, ach beidh níos mó ná sin ag teastáil go luath

Tá sé éasca a bheith ag caint ar Kipling, ach caithfear déileáil leis an mBreatimeacht

Bhíothas á thuar go ndéanfadh aire Breatimeachta na Ríochta Aontaithe fógra tromchúiseach ag comhdháil na gCaomhach i Manchain Dé Luain. Ba é an seanphort a bhí ag an Tiarna David Frost áfach; bhainfeadh rialtas na Breataine feidhm as Airteagal 16 den Phrótacal iarBhreatimeachta mura ndéanfadh an tAontas Eorpach rud orthu go luath.

Is minic cheana a dúradh an méid sin.

Níor dhúirt sé leis an slua beag de na toscairí a bhí i Halla na comhdhála cathain a dhéanfaí é. Níor dhúirt sé ach an oiread cad a chaithfeadh an tAontas Eorpach a ghéilleadh chun a bhagairt a chealú.

Scaoil sé níos mó eolais le daoine ag cruinniú ar an imeall. Thug sé le fios go bhfuil súil le freagra an Aontais Eorpaigh ó Maroš Šefčovič gan mhoill. Tuigtear go bhfuil sé sin ar an gclár ama don tseachtain seo chugainn.

Dúirt Frost go mairfeadh an idirbheartaíocht go ceann trí seachtaine eile ina dhiaidh sin sula ndéanfaí cinneadh faoin gcéad chéim eile. Áirítear, mar sin, go bhfuil spriocdháta nua socraithe faoina bhfuil i ndán don Phrótacal.

Shásódh an spriocdháta sin Jeffrey Donaldson, ceannaire an DUP, a thug foláireamh cheana go n-aistarraingeodh sé a airí as Feidhmeannas Stormont mura gcuirfeadh rialtas na Breataine an Prótacal ar ceal. Dhiúltaigh an feisire Donaldson dáta a ainmniú don chéim sin. Faoi rialtas na Breataine an imirt, a dúirt sé ach bhí sé dearfach tar éis chruinniú trí cheathrú uaire leis an bPríomh-Aire Johnson.

Seasamh daingean agus caint neamhbhalbh ag na Tóraithe. Ach cad ba bhrí leis? Cén t-adhmad a bhí le baint as? An raibh an ceart ag aontachtaithe a bheith dóchasach nó leathdhóchasach?

Níor thug an Tiarna Frost mionsonraí a chuid éileamh ach a rá go raibh siad leagtha amach sa Pháipéar Ceannais a eisíodh mí Iúil. Teastaíonn uaidh go n-éireodh an tAE as dianrialúcháin a chur i bhfeidhm i dtaca le hearraí ón mBreatain Mhór go Tuaisceart Éireann nach mbeadh baol ar bith go seachadfaí ó dheas iad. ’Sé a bharúil go bhfuil an tAE i bhfad ródhíocasach faoi sheiceáil agus cur i bhfeidhm rialacha.

N’fheadar an ngabhfadh a chuid éileamh chomh fada le cinn an DUP, nó cinn Sammy Wilson an DUP go sonrach. Teastaíonn uaidh siúd go gcuirfí stop le seiceáil earraí ón mBreatain Mhór mar go bhfuil sé ag cur moille ar thrádáil, ag méadú costais agus ag cothú ganntanais. Éilíonn sé nach mbeadh ar gach gnólacht i dTuaisceart Éireann cloí le rialacha an AE agus go gcuirfí deireadh le húdarás na Cúirte Eorpaí abhus.

Céim eatramhach is ea leas a bhaint as Airteagal 16; bealach é chun rialacha a chealú ar feadh achair fad is atá idirbheartaíocht ar siúl faoi leigheas nó leasú. Tá a fhios ag rialtas na Breataine nach féidir an Prótacal ina iomláine a chealú, beag beann ar mhianta na nAontachtach. Níl aon chosúlacht ar an scéal go bhfuil fonn ar an mBruiséil ná na ballstáit é a chealú ach oiread cé gur mian le gach dream deacrachtaí a fhuascailt.

Bhí cuid mhór d’óráid an Tiarna Frost dírithe ar a ról féin mar idirbheartaí agus an Breatimeacht a d’aontaigh sé a mholadh go hard na spéire. Díol suntais ab ea an léargas a thug sé ar mheon rialtas na Breataine nuair a d’aontaigh sé an Prótacal; ar dhaoine eile a bhí an locht as a laige, dar leis.

Rinneadh é toisc gur chuir cinneadh Parlaiminte ceangal orthu. Nuair a shocraigh an Pharlaimint go mbeadh imeacht as an AE gan mhargadh do-ghlactha, b’éigean don rialtas socrú nach raibh chomh maith agus ba mhaith leo a dhéanamh.

Bhí imní orthu go mbeadh sé contúirteach agus ba léir go raibh údar acu ó tá an Prótacal ag titim as a chéile níos tapúla ná mar a ceapadh, a dúirt Frost. Láimhseáil thútach an AE is cúis leis sin, ar sé, gan admháil ar bith gur cheist bhunreachtúil atá ann – difríocht idir Tuaisceart Éireann agus an Bhreatain Mhór is mó is cúis le míshástacht na nAontachtach. Níor ghlan a óráid an t-amhras a bhí ar roinnt le dhá bhliain nach raibh an rialtas tiomanta don gconradh idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm le dea-intinn.

Agus Kipling, crann taca na hImpireachta ar a ghualainn, d’aithris sé línte uaidh faoi ghealadh an lae agus athbheochan i ndiaidh tromluí (an dá líne dheiridh ó The Dawn Wind). Drochbhrionglóid fhada a bhí sna blianta mar bhall den AE, ar sé, is é á ngríosú chun tabhairt faoi aistear iontach nua na saoirse.

Má bheathaigh na briathra na bráithre ag comhdháil na dTóraithe ní hamhlaidh abhus. Faoi Shamhain beidh freagra níos nithiúla á iarraidh ag daoine anseo is cuma cén taobh ar a bhfuil siad; ní hé leas éinne an tsíor-éiginnteacht.

Fág freagra ar 'Tá sé éasca a bheith ag caint ar Kipling, ach caithfear déileáil leis an mBreatimeacht'