Tá sciar mór de na pobail tuaithe iompaithe in aghaidh Fhine Gael

Creidtear gurb iad éilít na príomhchathrach atá ag rialú na tíre agus gur scéal é is mithid a leigheas

Tá sciar mór de na pobail tuaithe iompaithe in aghaidh Fhine Gael

Is spéisiúil an léirmheas é sin a rinne Eoin Drea ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag bunú páirtí nua tuaithe agus feirmeoirí ar Fhine Gael. Taighdeoir sinsearach é Eoin Drea in Ionad Wilfried Martens. Sin í an mheitheal machnaimh atá ag Páirtí Pobail na hEorpa a bhfuil Fine Gael istigh leo i bParlaimint na hEorpa.

Bhíodh tacaíocht mhaith le fáil ag Fine Gael i gcónaí ó na feirmeoirí ach tá an tacaíocht sin ag lagan go leanúnach.

Tuigeann cuid mhaith de na Teachtaí Dála atá acu é sin go maith.

Tabhair faoi deara an méid de Theachtaí Dála Fhine Gael a dúirt nach seasfaidh siad sa gcéad olltoghchán eile.

Ba chuid dhlúth d’Fhine Gael iad na feirmeoirí nuair a bunaíodh an páirtí sa mbliain 1933.

D’imigh sin agus tháinig seo. Inniu tá sciar mór de na pobail tuaithe iompaithe in aghaidh Fhine Gael.

Níl Teachta Dála acu i Loch Garman, i gCorcaigh Thiar Theas, i dTiobraid Árann ná i Ros Comáin.

Tá chuile chosúlacht ar an scéal go bhfágfar ar deireadh iad an chéad iarraidh eile i gCiarraí, i nDún na nGall agus i gCill Chainnigh.

Maidir le Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann tá siadsan ag éirí amhrasach faoi Fhine Gael freisin.

Ní maith leis na Tráchtairí Móra an cor seo atá ag teacht i bpolaitíocht na hÉireann. Le Fine Gael atá bá ag a bhformhór. Ghlacfadh cuid acu le rialtas a mbeadh Fianna Fáil ann. Níl gean ar bith acu ar Shinn Féin.

Chuir siad feachtas láidir ar bun ag iarraidh Sinn Féin a bhacadh ach níor éirigh leo. Poll ar a gcroí chomh maith agus a d’éirigh le Sinn Féin sna toghcháin áitiúla ó thuaidh.

B’fhéidir nach mbeadh caint ar bith ar pháirtí nua in Éirinn murach chomh maith agus atá ag éirí leis an bpáirtí nua san Ísiltír a bhfuil Catherine van der Plas i gceannas air.

Ní feirmeoirí amháin atá ag tabhairt tacaíochta don pháirtí sin. Níl ach 200,000 feirmeoir sa tír ar fad ach fuair an páirtí nua beagnach milliún go leith vóta sna toghcháin réigiúnacha a bhí ansin le gairid.

Cuireann Eoin Drea Daonlathaithe Críostaí na hÍsiltíre i gcosúlacht le Fine Gael. Ba iadsan ba láidre i bpolaitíocht na hÍsiltíre idir 1977 agus 2010 agus ba mhinic i rialtas iad. Ach faoin mbliain 2021 bhí beagnach dhá mhilliún vóta silte uathu agus gan acu ach 9% den tacaíocht. Laghdaigh sí aríst go dtí 6% ó shin.

Is iad páirtí nua van der Plas atá tagtha ina n-áit. Ach oiread le go leor de phobal tuaithe na hÉireann creideann an dream a vótálann dóibhsean gurb iad éilít na príomhchathrach atá ag rialú na tíre agus gur scéal é is mithid a leigheas.

Thuig Catherine van der Plas nach ar fheirmeoir amháin is fearr páirtí mar seo a bhunú. Ní mór don dream atá ag cuimhneamh ar a leithéid a bhunú in Éirinn é a thuiscint freisin.

Ní taobh le feirmeoirí atá na ceantair tuaithe. Tá neart deacrachtaí seachas deacrachtaí feirmeoireachta ag goilliúint orainn.

Páirtí tuaithe sa gciall is leithne atá ag teastáil.

Fág freagra ar 'Tá sciar mór de na pobail tuaithe iompaithe in aghaidh Fhine Gael'