‘Tá scéalta ag gach éinne againn’ – feachtas nua tosaithe ar son chomhionannas na mban sa cheol traidisiúnta

'Comhráite ciúine' a bhí ann i dtosach ach tá gluaiseacht náisiúnta anois á tógáil ag lucht FairPlé, feachtas nua ar son an chomhionannais inscne in earnáil an cheoil thraidisiúnta agus folk in Éirinn

‘Tá scéalta ag gach éinne againn’ – feachtas nua tosaithe ar son chomhionannas na mban sa cheol traidisiúnta

Agus ceist an chomhionannais inscne á plé i mórán réimsí den saol faoi láthair, tá grúpa nua feasachta bunaithe ag ceoltóirí agus amhránaithe ban chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhíonn le sárú ag mná i saol an cheoil thraidisiúnta in Éirinn.

‘FairPlé’ is ainm don fhiontar nua ag amhránaithe agus ceoltóirí aitheanta atá tagtha le chéile ó chuile chearn den tír, ina measc Karan Casey, Pauline Scanlon, Pádraigín Ní Uallacháin, Niamh Dunne, Síle Denvir, Muireann Nic Amhlaoibh, Úna Monaghan, Niamh Ní Charra agus Niamh Parsons.

Dúirt Muireann Nic Amhlaoibh, bean atá ag obair mar amhránaí proifisiúnta le blianta, gur gá “athrú suntasach” ar shaol na mban sa cheol, go háirithe do na bancheoltóirí a thiocfaidh chun cinn amach anseo.

“Tá scéalta ag gach éinne againn ach teastaíonn uainn seasamh le chéile le haon ghuth amháin ar son iad siúd atá ina mionlach agus a bhraitheann ar an imeall i saol an cheoil,” arsa Muireann Nic Amhlaoibh le Tuairisc.ie.

Cé go mbíodh “comhráite ciúine” ar siúl ag ceoltóirí le fada chun aird a tharraingt ar cheist na mban sa cheol seo an chéad fheachtas náisiúnta atá eagraithe go dtí seo. Ba í Karan Casey a chuir síol FairPlé ag ceolchoirm mhór i Halla na Saoirse mí Eanáir na bliana seo.

Ba í an t-aon bhean ar stáitse í an oíche sin agus d’fhógair sí go raibh sí chun beart a dhéanamh chun nach dtarlódh a leithéid arís.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Síle Denvir, an ceoltóir agus amhránaí aitheanta as Conamara, go raibh sí i láthair an oíche sin i Halla na Saoirse agus go ndeachaigh caint Karan i bhfeidhm go mór uirthi.

“Tharlaíodh sé go minic di go mbíodh sí ar an aon bhean amháin ar an gclár agus dúirt sí amach díreach ar an stáitse an oíche sin go ndéanfadh sí rud éigin faoi,’ arsa Síle Denvir le Tuairisc.ie.   

Ar cheann de na dúshláin mhóra a bhfuil faoi FairPlé dul i ngleic leo tá “an easpa ban” ag féilte móra ceoil agus ag ceolchoirmeacha móra eile, a deir an ceoltóir Gaeltachta

Deir Síle Denvir gur “oscailt súl” a bhí ann nuair a bhreathnaigh sí ar a raibh i gcuid de na cláir d’fhéilte éagsúla a bhí ar siúl ar fud na tíre le bliain anuas. Bhain a laghad ban a bhí le feiceáil sna cláir siar aisti.

“Tá an mhíchothromaíocht suntasach ag an leibhéal sin. Ach ní shin le rá nach bhfuil mná ag casadh ceoil – mar tá.”

Tá fáilte á cur ag FairPlé roimh gach éinne, idir fhir agus mhná, ar mian leo tacú le cur chun cinn an chomhionannais inscne sa cheol traidisiúnta agus folk, clárú leo ar a suíomh agus súil a choinneáil amach do na himeachtaí a bheidh ar siúl acu. 

I ráiteas misin na heagraíochta, deirtear go dtacaíonn an grúpa le ‘comhdheiseanna agus le hionadaíocht chothrom do chách,’ agus é mar aidhm leis an bhfeachtas cothromaíocht inscne a bhaint amach ‘i dtáirgeadh, i léiriú, i gcothú agus i bhforbairt’ an cheoil thraidisiúnta agus an cheoil folk in Éirinn.

Fág freagra ar '‘Tá scéalta ag gach éinne againn’ – feachtas nua tosaithe ar son chomhionannas na mban sa cheol traidisiúnta'